Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Séanadh deontas a grant was denied
" Séanadh deontas ar chumann áitiúil amháin (atá bríomhar agus forásach) ar an mbonn go raibh a gclár oibre bunaithe an iomarca ar ranganna.
ag séanadh denying
" "Bhí Marrofat ag séanadh achan sórt.
á séanadh being denied
" Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt.
ag séanadh a ndúchais denying their heritage
" "Bhí siad ag séanadh a ndúchais," dar leis.
séanadh denial
" " Sin mar atá cuid mhór den phobal aontachtach le 30 bliain anuas, ach is léir nár bhain siad tairbhe ar bith as an séanadh seo go raibh gach rud ag athrú thart orthu.
séanadh denial
" Tá an séanadh go domhain i sícé na n-aontachtóirí.
líomain atá á séanadh go láidir aige an accusation that he is strongly denying
" Ainmníodh Freddie Scappaticci mar Stakeknife, spiaire de chuid MI5 taobh istigh den IRA, líomain atá á séanadh go láidir aige.
ag séanadh repudiating
" Tarraingíonn sé aird chomh maith ar "Fhondúireacht na Caoinfhulaingthe", a bhunaigh sé chun troid i gcoinne an chiníochais, agus deir sé gur fianaise é seo go bhfuil sé ag séanadh stair Naitsíoch a theaghlaigh.
ina raibh cearta á séanadh in which rights were being denied
" Ní bheidís i gcarcair ach go b'é go raibh siad ina gcónaí i bpáirt den tír ina raibh cearta á séanadh ar an phobal náisiúnach.
ag séanadh denying
" Ach chomh fada agus a bhaineann sé le robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá an IRA fós ag séanadh go láidir na líomhaintí gurbh iad a bhí freagrach.
ag séanadh go láidir strongly denying
" Ach chomh fada agus a bhaineann sé le robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá an IRA fós ag séanadh go láidir na líomhaintí gurbh iad a bhí freagrach.
go raibh a gcearta daonna á séanadh orthu that they were being denied their human rights
" Tosóidh muid leis an cheann is déanaí, is é sin an Seanadóir Joe O’Toole ag rá le muintir an Daingin i gCiarraí ar Raidió na Gaeltachta go raibh a gcearta daonna á séanadh orthu de bharr nach raibh an deis acu rogha a bheith acu maidir le hainm an bhaile.
séanadh denial
" Go dtí go gcuirfear deireadh leis an séanadh, go gcaithfear ar leataobh an dearcadh go mbeadh gach rud ina cheart ach go bé na náisiúnaigh damanta sin, agus go dtuigfidh siad go gcaithfidh siad labhairt lena gcomharsanaigh náisiúnacha, ní bheidh deireadh leis an “*hemorrhaging*” atá ag dul ar aghaidh san Ord, daoine ag imeacht agus gan rún acu pilleadh.
ag séanadh denying
" **Borradh faoi na meáin** Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.
ag séanadh na fírinne denying the truth
" Ní thig linn leanúint orainn ag séanadh na fírinne agus ag tabhairt droim láimhe do thuairimí lucht eolaíochta.
séanadh denial
" Bhí mórán acu ann, agus ba láidre an séanadh a bhí siad á dhéanamh ná an coileach agus é ag scairteadh den tríú huair.
ag séanadh na fírinne loime. denying the bare truth
" Iasachtaí fophríomha atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht – tá na bainc ag séanadh na fírinne loime.
séanadh denying
" Scríobh sé alt san iris faisisteach 'The Rune' ag séanadh go raibh uileloscadh ann.
séanadh denied
" Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh fá bhaill an DUP: “Tá feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson fá dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi .
níl séanadh air it has to be said
" Mar a d'inis mé an mhí seo caite, bhí an lucht spóirt geimhridh ag súil le séasúr maith sneachta agus níl séanadh air, bhí sin ann.
níl séanadh air there's no denying
" Ar ndóigh, tá an pointe ann, más é an blag is fearr é, níl séanadh air, is é an blag is fearr é, agus má ghearrtar a leithéid amach as an iomaíocht é, is toradh bréagach aon toradh eile.
séanadh refusal
" Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i *Westminster* agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (*modernisation*) agus "laghdú méide" (*downsizing*).
séanadh denied
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
ag séanadh denying
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach one member of the family was denied a place in an Irish medium secondary
" Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach.
Mar sin de, níl éinne ag séanadh so no one denies
" Mar sin de, níl éinne ag séanadh go bhfuil gá le méid áirithe feirmeacha gaoithe, cé nach féidir a bheith ag brath ar a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán.
séanadh denied
" An scéal nár insíodh agus an scéal a séanadh, scéal na Gaeilge i Learpholl.