Gach uair a ghlaonn mo chairde "Consaidin" orm (is é "Consaidin" leagan Gaeilge m'ainm baiste, Konstantinos, rud atá úsáideach agus an t-ainm céanna ort is atá ar leath na bhfear sa Ghréig!), samhlaítear dom gur cuid bheag bhídeach mé de phobal atá ag síorfhás ar fud na cruinne, is é sin an dream a labhraíonn nó atá ag foghlaim theanga na nGael.
Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.