Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa bhreis extra
" Tá an Ghaeilge le fáil mar ábhar sa bhreis i meánscoil na cathrach agus tá timpeall dhá dhéagóir is fiche ag déanamh staidéir uirthi.
toistiún sa bhreis an extra fourpence
" Moladh ar bith ná fiú toistiún sa bhreis a thuill sé ón eagarthóir Ó Doornail as na scúpanna breátha a bhí aige le cúpla mí anuas.
sa bhreis extra
" (De réir an taighde, ar an meán, má théann milliún paisinéir sa bhreis trí aerfort éigin gach bliain cruthaítear míle post nua sa cheantar sin).
sa bhreis extra
" Is ionann an méadú seo agus €27 sa bhreis a íoc gach mí ar mhorgáiste de €100,000 nó €81 sa mhí ar mhorgáiste de €300,000 - an meánmhéid a thógtar ar iasacht le teach a cheannach i mBaile Átha Cliath.
lá sa bhreis an extra day
" Faraor, cailleadh mo dhá mhála idir Baile Átha Cliath agus Accra agus bhí orm lá sa bhreis a chaitheamh in Accra.
chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród as well as hundreds of thousands of additional miles of railway
" Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
sa bhreis, extra
" Bhuaigh siad ceithre shuíochán is fiche sa bhreis, agus dá bhrí sin, beidh tromlach compordach acu i dTeach na n-Ionadaithe go ceann trí bliana.
moladh sa bhreis additional praise
" Fuair sé moladh sa bhreis ó shaol an cheoil as ucht an fhir bheo a chruthaigh sé mar chuid den láithreán stáitse a d’úsáid U2 agus iad i mbun na camchuairte domhanda *Vertigo *sa bhliain 2005.
eitilt sa bhreis an extra flight
" Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh *The Pink Flight* uirthi – ar fáil go speisialta.
maoiniú sa bhreis extra funding
" ” Agus céard ba chúis leis na pleananna sin a bheith caite i dtraipisí? “Ní raibh Foras na Gaeilge sásta maoiniú sa bhreis a chur ar fáil dúinn.
sa tóir ar mhaoiniú sa bhreis. looking for extra funding.
" ’ “Cinnte, caithfidh an Rialtas go leor airgid a thabhairt don Foras, ach tá mise buartha nach mbíonn an Foras ag cur ár gcuid pleananna ar aghaidh chuig an Roinn agus iad sa tóir ar mhaoiniú sa bhreis.
cabhair sa bhreis extra help
" Gheall Rudd freisin go dtabharfaidh fórsaí Astrálacha cabhair sa bhreis le fórsaí cosanta na hIaráice a thraenáil, ach is dócha go mbeidh an traenáil seo ar siúl i dtír eile sa Mheánoirthear.
bonn sa bhreis an extra medal
" D’fhéadfá a rá, áfach, go raibh bonn sa bhreis tuillte ag na Sínigh as éacht mór a d’éirigh leo a dhéanamh os comhair an domhain mhóir: íomhá na tíre a chosaint go hollsmachtach agus go tíoránta.
maoiniú sa bhreis extra funding
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil that extra funding is needed
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
críonnacht sa bhreis extra wisdom
" Beidh críonnacht sa bhreis de dhíth don tréimhse atá díreach amach romhainn.
sa bhreis extra
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
sa bhreis extra
" Nach luíonn sé le ciall go dtabharfadh fostóirí áirithe buntáiste do dhuine a bhfuil scil teanga sa bhreis aige? Níl mistéir ar bith ag baint leis sin! Ní léir gur tuigeadh sa taighde seo gur daoine dátheangacha iad an 1.
sa bhreis extra
" Go dtí an bhliain 1900 nó mar sin bhíodh ainm sa bhreis de dhíth chun na páistí a idirdhealú thar a chéile sa rang: ‘John James’ nó ‘Sarah Jane’, ach feasta, de bharr go raibh an t-uafás ainmneacha ann, agus nach raibh aon cheann acu chomh forleathan is a bhíodh, ba leor ainm amháin i mbéal an mhúinteora.
cúram sa bhreis an extra duty
" Tugadh cúram sa bhreis do na fórsaí Astrálacha sa chúige ní ba dhéanaí nuair a iarradh orthu saighdiúirí de chuid Arm na hAfganastáine sa chúige a oiliúint.
sa bhreis extra
" 5 billiún sa bhreis i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an deighilt i soláthar seirbhísí poiblí don dá phobal scartha.
saighdiúr sa bhreis extra soldiers
" Sin an fáth gur eagraigh siad *'The Surge'* le 30,000 saighdiúr sa bhreis.
sa bhreis extra
" Tá an tionscadal turasóireachta tábhachtach chun airgead sa bhreis a shaothrú do mhuintir Masai.
tada sa bhreis anything extra
" Mhothaigh sé nach raibh tada sa bhreis ann a dtiocfadh leis a chur le hoidhreacht s’acusan.
sa bhreis ar more than
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
sa bhreis ar in excess of
" Glacann an Astráil idir 12-14,000 dídeanaí gach bliain i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe, agus tagann sa bhreis ar 150,000 duine chun na tíre ar inimirce in aghaidh na bliana.
iarrachtín sa bhreis slightly more than
"iarrachtín sa bhreis ar an trí scór ag Mija (Yoon Jeong-hie), baintreach sheanmháthar ina cónaí i mbruachbhaile sa Chóiré Theas.
rámhaithe sa bhreis extra oarsmen
" Tapaigh do Dheis ======== Beidh rámhaithe sa bhreis de dhíth i ngach áit a gcuirfidh siad an t-ancaire agus sin an fáth go raibh an cruinniú sa chumann rámhaíochta, mar sin an áit a bheas an traenáil don fhoireann a bheas a rámhaíocht an bád fada trasna an Mersey go Learpholl sa samhradh 2013.
Sa bhreis as well as
" Sa bhreis ar an mbogearra cuardaigh, tá breiseán ar an dlúthdhiosca don phróiseálaí focal, Microsoft Word.
cúnamh sa bhreis extras assistance
" Chothaigh na hathruithe a chuir rialtas Howard i bhfeidhm aighneas feanntach mar gur thug siad cúnamh sa bhreis do na scoileanna príobháideacha is saibhre sa tír.
Sa bhreis air sin on top of that
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
cúpla ceann sa bhreis a few too many
" Ar a chluinstin seo d’fhear Loch Garman, tháinig racht caointe air, agus le tocht ina ghlór, d’admhaigh sé go stadach go raibh cúpla ceann sa bhreis aige i dtarraiceán ina oifig i nDáil Éireann, ar eagla na héigeandála; agus go raibh dhá fhobhríste bhándearga aige fosta.
spraoi áirithe sa bhreis some extra spirit
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
tionchar sa bhreis an extra effect
"tionchar sa bhreis ag an dara cupán láithreach.
amhras sa bhreis more doubt
" Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh a chuireann amhras sa bhreis i maíomh O Farrell go bhfuair na hinimircigh Éireannacha réidh leis an teanga a luaithe ab fhéidir leo.
sa bhreis ar more than
" Bhí lucht na buannachta chomh cumhachtach agus ceannasach gur thug tráchtairí áirithe an ‘Squattocracy’ orthu! Bhí sa bhreis ar dhá chéad míle acra ag an Rianach faoin am ar tugadh gníomhas teidil oifigiúil ar a ghabháltas dó.
mná sa bhreis inti more women in it
" Dúirt sé go raibh sé ag dréim go mór leis an lá nuair a bheadh mná sa bhreis inti.
le hairgead sa bhreis a sholáthar to provide extra money
" Bhí GM lánsásta leanúint le táirgeadh san Astráil fad is a bhí na rialtais náisiúnta agus stát ag tabhairt na céadta milliúin dollar dó bliain i ndiaidh bliana mar fhóirdheontas, ach thug an rialtas náisiúnta nua le fios ar na mallaibh nach raibh siad réidh le hairgead sa bhreis a sholáthar dó.
beagán sa bhreis ar a little over
" Níl ach beagán sa bhreis ar sé mhilliún duine ina gcónaí ar an oileán seo.
le líomhaintí sa bhreis a chur to make further accusations
" Tharraing gach dúshlán aird na meán ar scéal Corby arís agus baineadh feidhm as an tsaoirse a sholáthraíonn na meáin shóisialta le líomhaintí sa bhreis a chur i leith daoine eile.
Sa Bhreis ar an Méid sin as well as that
" Is féidir do bhillí a fháil sa leaba, an leabhar a léamh ar an mbus, agus nuachtáin ar bith ó aon chearn den domhan a léamh ar an leithris! Sa Bhreis ar an Méid sin, an Spritz =============== Agus sin iad na foinsí ‘oifigiúla’.
maoiniú sa bhreis extra funding
" Tá daoine áirithe san Astráil ag gearán faoina laghad bonn a bhain an fhoireann náisiúnta sna Cluichí Oilimpeacha agus iad á rá gur chóir maoiniú sa bhreis a chur ar fáil do spóirt éilíteacha sa tír dá bharr.
b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis you might pick up another language
" Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.
nach gcosnódh a dhath sa bhreis which wouldn’t cost a jot extra
" Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.