Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon na saothar ealaíne the number of works of art
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
ag athchóiriú saothar ealaíne restoring works of art
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
saothar ealaíne works of arts
" Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla.
shaothair ealaíne works of art
" Tá sé furasta go leor smaoineamh ar shamplaí de shaothair ealaíne a spreag conspóid de bharr iad a bheith "caite le chéile" nó "gan mórán scile nó ceardaíochta a bheith ag baint leo" - *Brící *Carl Andre mar shampla, 120 bríce a cheannaigh an Tate i Londain i 1972.
saothair ealaíne works of art
" Oifigí nua-aimseartha agus geala gan landairí atá iontu, saothair ealaíne ar na ballaí agus teacht ar an idirlíon acu siúd a bhíonn ag feitheamh ar choinne san fhorsheomra.
saothair ealaíne works of art
" Nuair a bhuail mé le hAnna Ní Ghallachóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha san ollscoil le linn na míosa seo caite, ceann de na chéad rudaí a thug mé faoi deara ná saothair ealaíne a cuid páistí ar crochadh ar bhallaí a hoifige gile.
an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, the value of a particular work will rise
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta national and international works of art
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
saothar ealaíne work of art
" Tugann saothar Opie dúshlán dóibh siúd a chreideann gur gá saothar ealaíne a bheith suite i ndánlann le measúnú a dhéanamh air mar is ceart.
cuid de shaothar ealaíne poiblí part of a public art work
" Dar ndóigh, ní bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.
saothair ealaíne artworks
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
saothar ealaíne work of art
" Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.
saothair ealaíne works of art
" Ní haon iontas, mar sin, go bhfuil níos mó saothair ealaíne bunaithe ar Veasúiv ná ar bholcán ar bith eile.
shaothar ealaíne a work of art
" Tá carr, a scriosadh ina iomláine ag buama i mBaghdad roinnt blianta ó shin le feiceáil mar shaothar ealaíne san *Imperial War Museum* i Londáin faoi láthair.
saothar ealaíne gan sáru an unsurpassable work of art
" Is saothar ealaíne gan sáru – fuilteach, ach ealaíonta - bunscannán Alfredson.
saothar ealaíne nua a new work of art
" Nochtadh saothar ealaíne nua i Learpholl ar 2ú Feabhra 2011: An Cleas Mór Airgid 2011' an t-ainm atá air.
shaothar ealaíne pieces of art
" Eisíodh dhá shaothar ealaíne ar na mallaibh inar baineadh feidhm as na teangacha seo agus chuidigh siad araon go mór le príomhshruthú shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais.
saothar ealaíne pieces of art
" Tionchar na hIodáile ======== Tá breis is 50 saothar ealaíne le feiceáil sa taispeántas seo agus iad leagtha amach de réir téamaí i ndeich seomra.
in áit mar shaothar ealaíne rather than as a piece of art
" Cuirtear béim go minic ar ealaín a theánn i bhfeidhm mar ‘eispéireas coincheapúil’ in áit mar shaothar ealaíne atá luachmhar ina cháilíocht féin agus in ainneoin nach bhfuil téama i gcoitinne ag na píosaí sa taispeántas i mbliana, is minic tagairtí iontu don tsaint, do mhí-úsáid chumhachta agus do phobail ag obair faoi scáth a chéile.
an bunús a bhí le saothar ealaíne áirithe the origin of a certain piece of art
" Cé leis iad? Cén áit is ceart na hoibreacha ealaíne ón ré Naitsíoch a choinneáil nó an ceart iad a chaomhnú nó a thaispeáint go poiblí ar chor ar bith? Ar ndóigh, is ceist chonspóideach eile í an bunús a bhí le saothar ealaíne áirithe agus cé leo anois iad – go mór mór i gcás na míreanna sin a goideadh ó na Giúdaigh agus ó mhionlaigh eile agus atá i seilbh daoine eile anois.
mar shaothar ealaíne as a piece of artistic work
" Bíodh’s gur éirigh níos fearr leis mar shaothar ealaíne seachas mar ghléas mór díolta ticéad, is cosúil.
freagrach as saothar ealaíne responsible for art work(s)
" Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, *The Monuments Men*, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.
Tá saothair ealaíne á n-ionsaí works of art are being attacked
" Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe.
saothar ealaíne work of art
" Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar.
shaothair ealaíne works of art
" Déanann Ciara Nic Gabhann cur síos ar mhúsaem sna Stáit Aontaithe atá an-difriúil: dírítear ann ar shaothair ealaíne ainmnithe agus éan.
saothar ealaíne ollmhór a massive work of art
" Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.