Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sothuigthe easily understood
" Chomh maith leis an chúis sin atá luaite agam, shíl mé i gcónaí go bhfuil gá le leabhar tagartha gramadaí ina bhfuil na rialacha gramadaí leagtha amach go deas soiléir sothuigthe.
sothuigthe understandable
" Cé go raibh an ghramadach is bunúsaí ar eolas agam féin, ní raibh mé ábalta na focail a chur le chéile ar bhealach sothuigthe.
sothuigthe easily understood
" Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm mar bhí an Ghaeilge ann go réadúil agus bhí sé sothuigthe.
sothuigthe easy to understand
" Ba mhian liom an leabhar a bheith fóinteach, sothuigthe, agus cuíosach saor, agus tá - a bhuíochas ar na heagarthóirí ag Cois Life agus ar an chlóchuradóir.
sothuigthe easy to understand
" Polaiteoir sinsearach Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne.
sothuigthe easily understood
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
sothuigthe easily understood
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
níos sothuigthe more easily understood
" An bhfuil a dhath níos simplí, níos sothuigthe ná an coincheap go gcaithfidh saoránaigh bheith dílis don stát ina bhfuil siad beo? Dá mhéad daoine atá dílis don stát, is amhlaidh is buaine a bheidh sé.
níos sothuigthe. more understandable.
" Scríobh Tom scéal cúlrach a bhain le hácaeirí na Gaillimhe thiar i gConamara, scéal cúlrach a dhéanfadh scéal na lads 30 bliain níos moille níos sothuigthe.
sothuigthe comprehensible
" Ní hé go bhfuil sé ag moladh teoiric úr cheannródaíoch, ach éiríonn leis ábhar casta a mhíniú ar bhealach sothuigthe soiléir.
stíl shothuigthe comprehensible style
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
sothuigthe understandable
" Is sothuigthe mar sin go mba leasc leis an tSín neamhspleáchas a thabhairt go fánach nó go fadálach don réigiún.
sothuigthe understandable
" Cuireann *QuickGuide™ Irish Grammar* na heilimintí is lárnaí de ghramadach na Gaeilge faoi bhráid an fhoghlaimeora ar bhealach soiléir, sothuigthe.
ar dhóigh sothuigthe soiléir in a clear understandable way
" Cén fáth a mbeadh dúil ag daoine in íomhá chomh duairc sin? An é go bhfuil an pictiúr seo uathúil do dhaoine mar go léiríonn sé pianpháis an chine dhaonna ar dhóigh sothuigthe soiléir? Éamh an Eich ====== Deir an tOllamh David Jackson, Ollamh le Stair Ealaíne na Rúise agus Chríoch Lochlainn in Ollscoil Leeds, go bhfuil saothar suaite Munch purgóideach agus gur rud é seo a thuigeann an chuid is mó againn, mar go mbíonn tréimhsí dobhróin agus uaignis i saol achan duine againn.