teacht i dtír
take advantage of
Díchoimisiúnú
=======
Tá an Fíor-IRA réidh le
teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
teacht i dtír ar dhaoine
take advantage of people
Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh
teacht i dtír ar dhaoine.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, "Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!" Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá …
An bhfuiltear
ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt.
chun teacht i dtír ar
to take advantage of
Mar chuid den teach nua-aimseartha seo bheadh baill den teaghlach ag úsáid an ríomhaire lárnaigh chun "teilisiopadóireacht, teileamhargaíocht, teile-íocaíocht agus teilea-obair" a dhéanamh, agus
chun teacht i dtír ar an teilea-oideachas.
teacht i dtír ar an striapachas
exploiting prostitution
Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó
teacht i dtír ar an striapachas.
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír
taking advantage of the weakest group in the country
Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais
take advantage of the government's bad image
Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis
teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
teacht i dtír ar
take advantage of
Baineann siad lenár stádas mar thír fhorbartha chomhaimseartha atá in ann
teacht i dtír ar an réabhlóid chumarsáide chun postanna d'ardchaighdeán a chruthú.
le teacht i dtír ar
to take advantage of
Is ó stáit eile formhór na ndaoine atá ag cur fúthu san áit, agus tagann daoine ó thíortha eile, fiú,
le teacht i dtír ar na háiseanna agus ar an stíl mhaireachtála a chuireann The Villages ar fáil.
teacht i dtír orthu
take advantage of them
Nuair a thugann scríbhneoirí péisteanna agus víreas na laigí sin faoi deara bíonn siad ábalta
teacht i dtír orthu agus bogearraí gránna a chruthú.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha
taking advantage of its natural resources
Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann
to take advantage of the support systems which exist
Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus
ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad
ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine
take advantage of that fear that people have
"Tá sé furasta ceannasaíocht a fháil ar an phobal aontachtach fríd an eagla, agus
teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine," arsa poblachtánach amháin liom.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Go deimhin, bhí an córas sa nGearmáin réasúnta maith
ag teacht i dtír ar bhuntáistí an chaipitleachais agus an tsóisialachais araon.
a theacht i dtír orthu sin
to take advantage of them
Tá na hacmhainní teicneolaíochta ann leis an saibhreas oidhreachta a chraobhscaoileadh agus creidim go bhfuil dualgas ar an Bhrainse
a theacht i dtír orthu sin, ar acmhainní an idirlín ach go háirithe.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Ach is é an rud is suntasaí faoi ná go bhfuil sé
ag teacht i dtír ar an obair atá déanta cheana féin sa Eoraip i réimse na dteangacha.
a theacht i dtír ar
to live off, take advantage of
Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill
a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
teacht i dtír ar
to take advantage of
Ina gcás siúd, áfach, bíonn siad ag iarraidh
teacht i dtír ar an ádh a thiteann ar dhaoine agus ag iarraidh míbhuntáiste a bhaint as buntáiste.
teacht i dtír ar
to take advantage of
Is fíor go bhfuil acmhainn mhór fuinnimh in-athnuaite ag an tSualainn: aibhneacha don hidrileictreachas, agus limistéar mór (agus cósta fada) inar féidir muilinn ghaoithe a chur, nó
teacht i dtír ar fhuinneamh na dtonnta.
agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga
and make use of their enthusiasm regarding the language
Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh
agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
in ann teacht i dtír air sin
able to take advantage of that
Caillfidh Corcaigh luath nó mall, agus beidh na Déisigh
in ann teacht i dtír air sin.
teacht i dtír air
to take advantage of him
Cóipeanna bréagacha
Suimiúil go leor, tá Hirst ag fáil blaisín beag dá chuid leighis féin sa mhéid is go bhfuil falsaitheoirí ag iarraidh
teacht i dtír air trí chóipeanna bréagacha a dhéanamh de chuid dá shaothar.
tar éis don fhear geal teacht i dtír.
after the white man came ashore.
Ach d’athraigh sé sin ar fad
tar éis don fhear geal teacht i dtír.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Ina theannta sin, níl siad
ag teacht i dtír ar an chultúr mór fíona atá sa tír anois, ná baol air.
ag teacht i dtír ar an tslí
taking advantage of the way
Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus
ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic
by taking advantage of its old opponent
Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti!
Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise
trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
teacht i dtír
take advantage, capitalise on
Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid
teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
ag teacht i dtír
taking advantage of, utilising
Ach níl muid
ag teacht i dtír ar an spéis ata acu sa cheol, agus níl muid ag cur réimse leathan ceoil ar fáil dóibh.
ag teacht i dtír ar an fheiniméan,
taking advantage of the phenomenon
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás –
ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl
taking advantage of what is happening
htm) le fios, tá comhlachtaí áirithe Éireannacha
ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl san earnáil cheana féin.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil
taking advantage of the goodwill
**Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile
ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
teacht i dtír ar chruachás Ahern
to take advantage of Ahern's hardship
Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí
teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch
to take advantage of the innovative service
Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha
le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá i mbun an tionscadail.
ag teacht i dtír.
coming inland
“*Failt erriu dys Mannin”* (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé
ag teacht i dtír.
ag teacht i dtír ar ár n-imní
taking advantage of our worry
Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear
ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu?
Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
teacht i dtír air
to take advantage
Tá a leithéid de chóras lochtach, dar liom, agus is furasta don té atá mí-ionraic
teacht i dtír air.
ag teacht i dtír
benefitting
An Spéis ina Leithscéal
Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad
ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
ag teacht i dtír
landing, coming ashore
Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise
ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
teacht i dtír ar
to gain from
Thapaigh SAM an deis ansin
teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
teacht i dtír
to benefit from
In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre
teacht i dtír ar an tionscal.
teacht i dtír
to come ashore
Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht
teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.
theacht i dtír
come ashore
Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste
theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.
teacht i dtír ar
to benefitting from
Saothrófar na milliúin ar na turasóirí ar fad a mheallfaidh na mórimeachtaí seo, ach le
teacht i dtír ar na fámairí chucu, ní mór a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leo.
teacht i dtír ar
to take advantage
Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh)
teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
ag eagrú teacht i dtír
organizing the landing
Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá
ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua.
theacht i dtír air
to benefit from it
Tabharfaidh sé spreagadh do Ghaeil i gcéin, agus b’fhéidir go ndéanfadh Páirc an Chrócaigh iarracht thréan ar
theacht i dtír air luath nó mall.
céad teacht i dtír an chine ghil
the first arrival of the Caucasians
Níor cuireadh tús le lonnaíocht bhuan Eorpach ann go dtí 1835, beagnach caoga bliain tar éis
céad teacht i dtír an chine ghil.
seachas an teacht i dtír gnéasach
apart from the sexual exploitation
Ach
seachas an teacht i dtír gnéasach, bíonn orthu tabhairt faoi obair i dtithe príobháideacha agus san earnáil chúraim, leis.
do mhuintir na mbád teacht i dtír
to the boatpeople to land
Nuair a cháin an freasúra a mhíthrócaire, mhaígh Howard go raibh siadsan lag ó thaobh teorannacha a chosaint de agus go raibh siad ag tabhairt cuiridh oscailte
do mhuintir na mbád teacht i dtír.
caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin
how can they benefit from that wealth
An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo,
caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?**
Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
Is éasca teacht i dtír ar
it’s easy to take advantage of
Is éasca teacht i dtír ar dhaoine bochta i bhfad ó bhaile nach mbíonn stádas daingean imirce acu, agus iad go minic aineolach ar theanga na tíre ina mbíonn siad, gan trácht ar na cearta is na teidlíochtaí atá acu.
a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar
which would trying to make a living from
D'fhéadfadh an Bord ceadúnais a eisiúint (nó a aisghairm dá mba ghá) do chomhlachtaí
a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar an fhuinneamh ghaoithe.
teacht i dtír ar an dea-thoil sin
capitalize on that goodwill
Ach níl mórán muiníne aige go bhfuil an stát ná an earnáil dheonach in ann
teacht i dtír ar an dea-thoil sin.
teacht i dtír ar
take advantage of
Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu
teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse
ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú.
teacht i dtír orthu
to take advantage of them
Tá sé in am ag tomhaltóirí na hÉireann neamhaird a thabhairt ar na gnólachtaí atá ag iarraidh
teacht i dtír orthu.
ag teacht i dtír ar an bhfisic
taking advantage of physics
Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta
ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
ag teacht i dtír orthu
taking advantage of them
Ach an bhfuil Collins féin
ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin,
the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.
teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte
to take advantage of satellite technology
Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann
teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.
teacht i dtír ar
take advantage of
Ní thig leis an tír seo
teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap