Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag amharc uathu looking around them
" Bhí an triúr eile ina suí ag amharc uathu, nuair a chí siad Peadar ag tarraingt orthu.
ag amharc uathu looking around them
" Bhí an triúr eile ina suí ag amharc uathu, nuair a chí siad Peadar ag tarraingt orthu.
éilítear dílseacht dochreidte uathu an unbelievable amount of loyality is demanded of them
" Is cinnte go bhfuil ardmholadh tuillte acu as a spiorad agus a ndíograis agus go n-éilítear dílseacht dochreidte uathu don fhoireann chontae.
ná teastaíonn sí uathu in aon chor that don't want it at all
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
fuarthas cead uathu permission was obtained from them
" Fear é Alec McFadden a bhfuil taithí aige ar a bheith ag déileáil leis na póilíní agus tar éis tamaill fuarthas cead uathu dul ar aghaidh leis an pharáid.
in easnamh uathu missing from them
" Dar leis go mbeadh an gairmiúlachas an-chontúirteach do na clubanna toisc go mbeadh na himreoirí is fearr in easnamh uathu, rud atá tar éis tarlú i gcás an rugbaí i gCúige Mumhan.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
á ngoid uathu being stolen from them
" Ach an mbeidh muid sásta ligean do chomhlachtaí eolas a bhailiú faoi gach uile rud a cheannaíonn muid - nó an praghas ró-ard é sin le híoc? Is beag siopa dlúthdhioscaí in Éirinn nach bhfuil gléasanna acu ag an doras chun a chinntiú nach bhfuil rudaí á ngoid uathu.
ag amharc uathu looking into the distance
" Bhí an long ar an tsnámh fá seo agus sheas an ceathrar acu ansin agus na ráillí mar thaca acu, agus iad ag amharc uathu.
bí á foghlaim uathusan be learning it from them
" Faigh daoine eile a bhfuil an teanga acu, más féidir, agus bí á foghlaim uathusan - agus, le cúnamh Dé, ní thógfaidh sé deich mbliana ort dhá fhocal a chur le chéile! Tá níos mó eolais le fáil faoi Thadhg Ó Muiris agus a chuid ceoil ag: www.
a bhí uathu that they wanted
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu because of the scoring opportunities they lost
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
céard atá uathu what they want
" Is próiseas é le haghaidh comhairle a chur ar dhaoine maidir lena bpost, lena gceird, maidir le céard atá uathu ina saol oibre agus, ansin, maidir le cinntí móra a ghlacadh.
éalú uathu to escape them
" Is mór an trua go bhfuil macallaí den tseantroid ann go fóill agus go bhfuil sé deacair éalú uathu.
a theastaigh uathu that they wanted
" An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia.
airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta they miss their friends and relatives
" Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig.
nach mbraitheann na hÉireannaigh uathu that the Irish don't miss
" Is dócha go bhfuil rud amháin nach mbraitheann na hÉireannaigh uathu agus iad thar lear: an drochaimsir.
cad go díreach atá uathu. what exactly they need.
" Mar a mhíníonn John Kenneth Galbraith sa leabhar *The Economics of Innocent Fraud* is beag cumhacht atá ag an tomhaltóir na laethanta seo – caitheann comhlachtaí an-dua ar fad, agus an-chuid airgid, ar fhógraíocht chun a insint do thomhaltóirí cad go díreach atá uathu.
Cé uathu who from
" AÓF: Cé uathu a fuair tú do chuid ceoil ó thaobh na fidle de? An raibh aon mhúinteoir ar leith agat? TC: Bhí a lán múinteoirí agam i rith na mblianta.
go dteastaíonn uathu that they would want
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
a íoslódáil uathu. to download from them
" Tá iTunes ann anois – agus fliúrse siopaí úrnua mar é ar an ngréasán domhanda – ar féidir leat aon cheol is mian leat a íoslódáil uathu.
níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu that wasn't the feedback I received from them
" Ní raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb'fhéidir go mbeadh sé conspóideach – níorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu to people who don't want lessons
" Chan é go bhfuil spéis aige féin in Uachtaránacht Mheiriceá, ach is maith leis ceachtanna a theagasc do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu nó de dhíobháil orthu (mar a dhéanadh múinteoirí na hÉireann san am fadó, roimh theacht Mhicí Uí Leery).
ar theastaigh uathu greim a fháil air, which they wanted to get a hold of
" Ba é an cineál deilbhín ar theastaigh uathu greim a fháil air, dar ndóigh, ná ceann darb ainm dó Oscar! I measc iad siúd a raibh údar maith acu sceitimíní a bheith orthu bhí Glen Hansard ó Bhaile Átha Cliath agus Marketa Irglova ó Phoblacht na Seice, a raibh ainmniúchán Oscar faighte acu dá n-amhrán “Falling Slowly” ón scannán *Once.
tír atá i bhfad i gcéin uathu a country which is far away from them
" Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseach ná ceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh.
chaitheadar uathu they threw away
" Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan.
Níl uathu ach they only want
" Níl uathu ach cothrom na féinne a bheith ar fáil, gan aon bhuntáiste suntasach a bheith ag aon fhoireann seachas a chéile.
a bhfuil eolas uathu who want knowledge
" Ach seans go mbeidh díomá ar dhaoine a bhfuil eolas uathu faoi chaidreamh Ní Mhaolagáin leis an nGaeilge agus le Conradh na Gaeilge.
theastaigh uathu they wished
" Is éard a thug ann iad, bhí siad ag iarraidh roinn oideachais dá gcuid féin agus córas scolaíochta a chur ar bun agus theastaigh uathu an scéala a iniúchadh leis an Aire Oideachais abhus.
nach bhfuil uathu ach that they only want
" Na daoine atá ag cur na n-íocaíochtaí chun cinn ná daoine nach bhfuil uathu ach spriocanna gearrthréimhseacha a bhaint amach, gan tuiscint acu ar ná suim acu i rialacha nó rialacháin na heagraíochta.
atá uathu which they want
" Chreid sé, a dúirt sé, go mba ghá do na baill dul chun cinn na heagraíochta a mheá agus an cineál eagraíochta atá uathu a shainiú.
seanchleachtais a chaitheamh uathu get rid of old habits
" Bhíodar ag iarraidh na seanchleachtais a chaitheamh uathu agus bealach nua foirfe saoil a aimsiú.
sciobadh uathu snapping away
" Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éigin “amuigh ansin” – ní áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu.
ag teastáil uathu they needed
" Is amhlaidh a bhí buíon cheoil ar an mbaile, agus bhí léinte ag teastáil uathu le caitheamh ina gcuid oibre.
ceacht le foghlaim uathu a lesson to be learned from them
" B’fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim uathu ag Gaeilgeoirí na Stát Aontaithe freisin, agus b’fhéidir fiú ag Gaeilgeoirí na hÉireann: ní neart go cur le chéile!
nach bhfuil uathu ach who only want
" Is téarma míchruinn mífhéaráilte é sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
ghoidtear rudaí uathu things are stolen from them
" Ní thugann siad cuairt ar an dochtúir nuair ba chóir dóibh, ní théann siad i muinín na ngardaí nuair a ghoidtear rudaí uathu, nuair a ionsaítear iad ar an tsráid, nuair a éignítear iad.
uathu siúd leath bealaigh eatarthu from those who are a bit of both
" Bhí tograí ann ó lucht teicneolaíochta, ó cheardaithe agus uathu siúd leath bealaigh eatarthu.
scaoileadh uathu le let go of
" Is cosúil gurb é an intinn a bhí ag an Donnabhánach go gcaithfeadh daoine an Ghaeilge a scaoileadh uathu le háit a dhéanamh don Bhéarla, an teanga a theastaigh le dul chun cinn a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe! Trí dhiúltú do na logainmneacha a bhí ar bhéal na ndaoine, rinne an Donnabhánach a chuid féin, chun caidhp an bháis a bhualadh ar an nGaeilge sa gcuid mhór den tír ina raibh an Ghaeilge in uachtar roimh an Drochshaol.
cúpla slat uathu a couple of yards from them
"cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní.
a dteastaíonn uathu bheith ina who wish to be
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu there’s plenty of music which they haven’t available
" De réir an CMT (Ceisteanne minic a thig) tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu, toisc nach bhfuil ceadúnas faighte acu don cheol sin.
a dteastaíonn uathu who wish
" Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil constaicí á gcruthú do dhaoine sa Bhreatain, idir shaoránaigh is inimircigh, a dteastaíonn uathu baill teaghlaigh, nach as an Aontas Eorpach iad, a thabhairt chun cónaí sa Ríocht Aontaithe.
teastaíonn uathu they want to
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
a dteastaíonn uathu who wish
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
oiread sin le foghlaim uathu so much to be learned from them
"oiread sin le foghlaim uathu, an dream éachtach eisceachtúil, is gur mór an peaca gan suí sa charr amárach, inniu, nó láithreach, agus an chuairt sin a thabhairt.
ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta who wanted to demonstrate peacefully
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
a raibh círéib uathu who wanted a riot
" Níos tromchúisí ná sin, ba léir nach raibh léirseoirí síochánta – an tromlach mór – in ann smacht a choinneáil orthu siúd a raibh círéib uathu.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar the joy I get from them overcomes
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
Uathu féin a thagann an spreagadh the inspiration comes from within themselves
" Uathu féin a thagann an spreagadh, ní ón bhfreasúra.
iarr liúntas teicneolaíochta uathu ask them for a technology allowance
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
a bhfuil sé ag teastáil uathu who need it
" Níor chóir go n-íocfadh muid na céadta milliúin le lucht na mbannaí agus an t-airgead a ghearradh ar dhaoine a bhfuil sé ag teastáil uathu.
boladh uachtar gréine uathu having a smell of suncream
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
scaoileadh uathu passing on (it)
" Bhí sé pléite ag lucht polaitiúla agus rinneadh iarracht an méid is mó drochphoiblíocht a tharraingt air sa dóigh gur bheartaigh dhá cheann de na hóstáin an áirithint a bhí socraithe acu le lucht an chomórtais a scaoileadh uathu.
a dteastaíonn uathu who want to
" Is ríléir, mar sin, go ndéanann an oíche freastal ar an dá chineál pobail sin, go háirithe do Ghaeilgeoirí nó do Ghaeil atá aerach agus a dteastaíonn uathu an dá bhéascna a thabhairt le chéile in aon oíche amháin.
n-airíonn siad uathu a mbaile nua they miss their new home
" Uaireanta mothaíonn daoine ciontach mar go n-airíonn siad uathu a mbaile nua agus nach mbraitheann siad ar a suaimhneas sa seanbhaile, ach is cuid d’athrú saoil an duine é.
ag inseacht dó céard atá uathu telling him what they want
" com/tracks/123495801&amp;color=007c21&amp;auto_play=false&amp;show_artwork=false"></iframe> Tá an t-am sin den bhliain druidte linn arís nuair a scriobhfaidh na gasúir litir chuig Santy ag inseacht dó céard atá uathu i gcomhair na Nollag.
n-aimsítear aon rian uathu any track of them is found
" Hominid a bhí iontu - daoine a bhí ann roimh an Néandartálach fiú, agus is fíorannamh go n-aimsítear aon rian uathu.
bhí leithscéal uathu they wanted an apology
" Ar Facebook, Tumblr agus ar Twitter cuireadh feachtas ar bun le DiFranco a cháineadh agus bhí leithscéal uathu ina leith.
Sin atá uathu that’s their aim
nach mbíonn uathu san ach all they want is
" Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
an freagra a bhí uathu the answer they wanted
" ‘Is Tír Í Québecois’ ======== Tháinig an crú ar an tairne agus fuair lucht na gceisteanna an freagra a bhí uathu nuair a ainmníodh Pierre-Karl Péladeau mar iarrthóir an Páirtí Québecois roimh an toghchán.
uathu from them
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gurb é club Bhiorra, a bhuaigh craobh na hÉireann le déanaí, an fhoireann iománaíochta is fearr ag an leibhéal sin dá bhfacthas sa tír seo riamh agus go bhfuil go leor le foghlaim ag foirne eile uathu.
teastaíonn uathu go gcloisfear iad they want to be heard
" Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.
ná bainte uathu arís than it’s removed again
" Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil.
le breis uathu more from them
" Bítear ag súil leis an iomarca fulainge, foighde agus le breis uathu.