Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uileghabhálach comprehensive
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
uileghabhálaigh comprehensive
" Go minic leis an gcineál seo tionscadail uileghabhálaigh, téann tú thar bhuiséad go héasca.
uileghabhálach comprehensive
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
huileghabhálach all embracing
" Fógraíodh tionscnaimh thábhachtacha le blianta beaga anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, TG4, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, taighde cuimsitheach ar an nGaeilge go náisiúnta agus ar an nGaeltacht – ach níor foilsíodh cáipéis rialtais chomh huileghabhálach ná chomh cuimsitheach sin ar an nGaeilge le níos mó ná daichead bliain.
uileghabhálach comprehensive
" Is conradh fada uileghabhálach é Conradh na nOibrithe Imirce a chuimsíonn gach gné de phróiseas na himirce ó chúrsaí ullmhúcháin, earcaíochta is imeachta sa tír bhunaidh go cúrsaí fostaíochta sa tír cheann scríbe agus ath-lánpháirtiú sa tír bhunaidh sa chás go bhfillfí abhaile.
uileghabhálach úd that ubiquitous
" Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc 'Ceilteach' uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair.
uileghabhálach many facetted
" Ach, dáiríre, níl sé ach tar éis spotsholas a chur ar fhadhb ollmhór agus uileghabhálach agus is é sin an státchóras nó an státseirbhís féin seachas aon phearsa ar leith ag leibhéal rialtais.