Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine man is a social animal
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine no man is an island (fig)
" ***Tacaíocht:*** Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is gá dúinn ár mbuíochas a chur in iúl do na gníomhaithe Gaeilge agus do na polaiteoirí a ghníomhaigh go sciobtha nuair a thuig siad ár gcás.
gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine man is a social animal or no man is an island
" “Is í an tuiscint a bhain mé as m’óige ná go bhfuil muid ar fad fite fuaite lena chéile; gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.
Ar scáth a chéile a mhair muid we lived in each other's shadow once
" Ar scáth a chéile a mhair muid tráth agus ní rófhada óna chéile a d’imíomar ar strae ó shin.
Ar scáth a chéile dependent on each other
" Ar scáth a chéile mar a déarfá.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine humans are interdependent
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
ar scáth a chéile next each other
" Pé áit a d’imigh an Bhanríon an tseachtain sin, bheadh ribíní na Poblachta is an Aontais ar scáth a chéile ar foluain.
maireann na daoine ar scáth a chéile the people are interdependent
" Sa Rómáin, maireann na daoine ar scáth a chéile, agus ar scáth na gcapall chomh maith.
Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine man is a social being
" Mhol sé na heagraíochtaí deonacha, mar Chúram Comhphobal Éireannach Merseyside, “Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine,” agus dúirt sé linn go raibh an tréithe sin feiceálach i measc na n-imirceach agus an dóigh ar thug siad cuidiú do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu.
Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha countries are all interdependent
" Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama dar le Ciarán Mac Aonghusa.