Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ábhair machnaimh food for thought
" Tá go leor ábhair machnaimh sa dráma don uile dhream.
ábhar machnaimh food for thought
neart ábhair machnaimh plenty to think about
" Dúshlán ======= Ach ainneoin na bolscaireachta ina choinne, tá neart ábhair machnaimh in *Blanketmen*.
Ábhar machnaimh something to think about
" Ábhar machnaimh cinnte dóibh siúd a bheas ag tarraingt ar boutiques galánta Nua-Eabhrac an Nollaig seo.
bhí go leor ábhair machnaimh agam. I had plenty to reflect on.
" Agus mé i mbun an turais fhada abhaile, tríd an teas agus an t-allas i Singapore, bhí go leor ábhair machnaimh agam.
ábhar machnaimh food for thought
" com Agus mé ag amharc air an tseachtain seo, tá iontráil chlasaiceach ann a bhfuil na buanna is ansa liom fán suíomh - meascán de bhinb, greann, ábhar machnaimh, seafóid agus d’eolas.
Ábhar machnaimh food for thought
" Ábhar machnaimh is ea é go bhféadfadh tionchar chomh suntasach sin a bheith ag earráidí na réiteoirí ar thorthaí cluichí i gcás spóirt atá iomlán gairmiúil.
ábhar tábhachtach machnaimh a serious cause for thought
" Ach ar chóir a bheith buartha faoi na milliúin tonna de phlaisteach a bheith ar snámh i bhfarraigí iargúlta? Fiú mura gceapann tú nach smaoineamh díobhálach é dramhaíl an domhain a chartadh i bhfarraige, baineann tromchúis fós leis an scéal a thabharfas ábhar tábhachtach machnaimh duit.
Ábhar Machnaimh something to think about
" Ábhar Machnaimh an Éireannaigh ================== Chuirfeadh sé duine ag machnamh.
ábhar machnaimh food for thought
" Míshuaimhneas ======= Is cinnte go gcuirfidh an taispeántas seo míshuaimhneas ar go leor daoine agus go n-ardóidh sé ceisteanna morálta faoin saothar ach deir na healaíontóirí iad féin go bhfuil siad ag iarraidh ábhar machnaimh a sholáthar agus an duine a dhéanamh níos fiosraí faoin saol thart timpeall orthu.
ábhar machnaimh food for thought
" Is iomaí rud ba mheasa a d’fhéadfaí a dhéanamh ná cás ár gcomharsan a ghlacadh mar ábhar machnaimh agus mar inspreagadh.
Ábhar machnaimh food for thought
" "Muise," arsa bean tí béalscaoilte na bialainne a rabhamar ag ithe ann, agus í ag caint linn faoin chathair, "is deas an áit í go deimhin más féidir leat neamhaird a dhéanamh de na dúnmharuithe!" Ábhar machnaimh go cinnte agus muid ag siúl ar ais go dtí an t-óstán sa dorchadas.
ábhar machnaimh cause for thought
" Ní Humptaí Dumptaí , ach ballaí Bhéal Feirste is ábhar machnaimh do Robert McMillen anseo.
ábhar machnaimh food for thought
" Chuaigh eachtra graifne i gcion ar Cholm Mac Séalaigh ina óige, ní ba ábhar machnaimh dó arís le deireanas: beathach capaill a chur chun báis.
t-ábhar machnaimh food for thought
" Is maith an t-ábhar machnaimh ag duine é i ré seo an leithleachais.
ábhar machnaimh Food for thought
" Thug clár teilifíse a rinneadh ar Niall Tóibín, ‘Seóman’, a léiríodh faoi Nollaig ar TG4, ábhar machnaimh do John-Paul McCarthy ar an ‘inneall cealgach’, Cathair Chorcaí.