Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí a cloigeann éadrom she had a sore head
" Eatarthu uilig bhí a cloigeann éadrom.
éadroime lightness
" Bhí an greann (a lán de) agus an ghruaim ann, an troime agus an éadroime fite fuaite lena chéile go healaíonta agus téamaí éagsúla á nochtadh sa dráma go cliste.
níb éadroime ná mar is gnách lighter than usual
" Cúis eile gur tarraingíodh ár n-aird ar na comharthaí, is dócha, ná go raibh muid ag tiomáint go minic faoi choim na hoíche, nuair a bhí an trácht níb éadroime ná mar is gnách, agus na sráideacha i bhfad ní ba chiúine.
Scéal éadrom fantaisíochta a light fantasy story
" Scéal éadrom fantaisíochta a bhí ann, fite fuaite le ceol agus damhsa.
i bhfad níos éadroime a lot lighter
" Arsa Ivor: “Tá an naomhóg i bhfad níos éadroime ná, mar shampla, an churach as Tír Chonaill, a bhfuil a lán adhmaid inti.
éadrom light
" Ba é “Féilte” an chéad cheann a chuir sí i láthair agus cé gur clár éadrom go maith a bhí ann thaitin an obair go mór léi.
pionós éadrom light punishment
" Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF.
céimeanna éadroma light steps
" **An chéad mhíle** – céimeanna éadroma againn 9/6/07: Turas go hOileán Muile agus Féile Cholm Cille in Albain – mé ag tnúth go mór leis seo.
níos éadroime lighter
" Deirtear gur cheart blaiseadh gan slogadh – ach ní thagann scil mar sin ach le cleachtadh! Tá fíonta geala na Nua-Shéalainne an-mhaith go deo agus tá siad níos éadroime ná cinn gheala na Fraince.
ábhar níos éadroime a lighter subject
" Ach is ar ábhar níos éadroime atá siad ag iarraidh díriú an t-am seo: ba mhaith leo dhá mhúrmhaisiú dhéag a dhéanamh i gceantair éagsúla i Learpholl, a léireoidh clúdaigh cheirníní na Beatles, leithéidí *Revolver*, *Yellow Submarine* agus *Sgt.
trealamh níos éadroime lighter equipment
" Cuidíonn ceamaraí níos lú agus trealamh níos éadroime le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse.
ceol éadrom rithimeach, light rhythmic music,
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
éadrom light (not serious)
" B'amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin! Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina.
bricfeasta éadrom light breakfast
" D’ith mé bricfeasta éadrom agus ansin d’fhág mé an t-óstan.
níos éadroime lighter
" Is é an dara buntáiste a bhaineann leis an gceamara seo ná go bhfuil sé níos lú agus níos éadroime ná cartán bainne.
ag caitheamh sciorta éadrom wearing a light skirt
" Bhí sé fuar agus fliuch taobh amuigh ach bhí mise ag caitheamh sciorta éadrom agus *flip-flops*.
ár bpócaí níos éadroime our pockets lighter
" D'fhilleamar ar an óstán ina dhiaidh sin, ár mbolg lán, ár súile sásta, agus ár bpócaí níos éadroime ná mar a bhíodar ag tús an lae; ach sa charr ar ár mbealach ar ais, d'aontaíomar go mb'fhiú an $5 le bheith ábalta a rá gur chuireamar airgead i ngeall in Atlantic City!*Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
blaincéad éadrom light blanket
" Agus mé ag dul a luí, bhí teocht mhaith chodlata i gceist – ní raibh ag teastáil ach braillín i mo mhullach nó blaincéad éadrom.
éadroma slight
" Mar shampla, sábháil de €7m is cosúil a thiocfaidh chuig an státchiste as múinteoirí acmhainne a bhaint ó 900 dalta bunscoile a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadroma orthu.
éadroma light
" In áit iriseoirí fadbhunaithe agus téagartha ar nós Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Mhic Coille a tharraing cáil amach don seanleagan de Foinse, tá colúnaithe éadroma ar nós Dhaithí Uí Shé agus Hector Uí Eochagáin sa leagan nua.
throm-mheáchan éadrom light heavyweight
" Bhíodh sé ag dornálaíocht agus bhí sé ina churadh náisiúnta ar Éirinn sa rannóg throm-mheáchan éadrom.
scéalta éadroma spleodracha light, boisterous stories
" Ní thógfaí ort é dá bhfeicfí thú tar éis duit ‘Cuireadh’, an chéad scéal sa chnuasach Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta, a léamh agus tú sínte ar tholg, cuimhní maidir le M’Asal Beag Dubh i do cheann agus tú ag súil le scéalta éadroma spleodracha.
éadrom light, happy
" Bhí mo chroí éadrom! Ar aon tslí thugas bliain i Sasana is thuilleas mo dhóthain ach bhí sé i mo cheann dul go Siceagó.
blas éadrom light taste
" Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.
maireann croí éadrom i bhfad a happy heart lives long
" Muna mbíonn daoine óga sásta in Éirinn agus leis na deiseanna atá acu sa tír, crapfaidh siad leo agus cén sórt tíre a fágfar gan aos óg oilte chun oibre? Deirtear go ‘maireann croí éadrom i bhfad’.
mheánmheáchan éadrom light middleweight
" Sé throid a bhí ar chlár na hoíche agus ba é ‘Laoch an Iarthair’, Annraoi Mac Giolla Chomhaill (Henry Coyle), as Gaoth Sáile i Maigh Eo, a bhí sa chró don phríomhbhabhta ar chlár na hoíche agus é ag tabhairt aghaidh ar Elio Cotena as Napoli na hIodáile, féachaint cé acu a bheadh ina Churadh ar Domhan de chuid Fondúireacht Dornálaíochta an Domhain (WBF) sa mheánmheáchan éadrom.
tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil there’s both comedy and light-heartedness in how it’s dealt with
" Más ábhar tromchúiseach é sin, tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil.
idir chrua is éadroma both hard and soft/light
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
Briseann éadroime na seanspraoí amach eatarthu they get up the happiness of their old fun
" Briseann éadroime na seanspraoí amach eatarthu, rince sna súile, miongháire beag, macalla tréan an chaidrimh a bhíodh ann tráth.
a chroí chomh héadrom le his heart as light as
" Bhí a chroí chomh héadrom le sparán Rialtas na hÉireann agus é ag siúl go dtí siopa sceallóg Leo Burdock, áit a raibh Michelle ag iarraidh an lón a bheith acu.
mar ghné éadrom siamsaíochta as a light pastime
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
a bhfuil réimeas éadroim cánach which have a light tax regime
" Ó tháinig an t-ardú an-mhór ar rátaí cánach na tíre, shleamhnaigh Éire amach as an ghrúpa de thíortha a bhfuil réimeas éadroim cánach iontu agus isteach sa ghrúpa a bhfuil réimeas measartha trom iontu.
choraíocht éadrom-mheáchain lightweight wrestling
" Curaidh neamhchloíte na hÉireann sa choraíocht éadrom-mheáchain agus trom-mheáchain ab ea Paddy agus bhuaigh sé mórán rásaí fada rothaíochta in Éirinn chomh maith.
bróga éadroma light shoes
" ” Tá na bróga éadroma, de dhéantús anairte, foirfe don té ar laetha saoire a théann cois trá go cois bheair.