Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éalang radhairc sight defect
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
faoi éalang handicapped
" Beidh an t-ionad insroichte ag daoine faoi éalang, rud a thug deis do Tolle agus dá fhoireann forhalla cumhachtach a chruthú isteach sa tigín, gona thinteán agus spás leapa.
éalang disability
" Rugadh é le pairilis cheirbreach (*Cerebal Palsy*) - éalang cholainne a d’fhág é gan aon smacht aige ar thromlach a mhatán.
réimse leathan éalainge a wide range of disabilities
" Anois tig le James nó Katy uirlis fisiciúil (ar gá a chur in oiriúint go meicniúil don chóras midi) a sheinnt lena súile! Is rud fíor-fíorbhunúsach atá déanta aige, óir beidh an deis anois ann ag daoine, le réimse leathan éalainge, ceol a sheinnt, más mian leo.
achan chineál éalainge every kind of disability
" Bhí an cúrsa ar oscailt do dhaoine a bhí ag múineadh, ar feadh trí bliana nó breis, na ndall, na mbodhar, na mbalbhán agus achan chineál éalainge.
nach iad muintir na héalainge amháin it isn’t just those who are incapacitated
" ly/ReamhraInrochtanaGreasain> Ina réamhrá ar an ábhar seo luaitear nach iad muintir na héalainge amháin gur fiú leo gréasán inrochtana: cabhródh sé go mór leo siúd atá in áit le rochtain idirlíon mall nó a bhfuil míchumas sealadach orthu: lámh bhriste nó a leithéid.
faoi éalang ó bhroinn handicapped from birth
" Ar na fadhbanna is mó a luaitear le margadh na madraí in Éirinn, is cosúil go ndéantar pórú ar ainmhithe, beag beann ar shláinte agus ar aois na n-ainmhithe agus mar thoradh beirtear coileáin atá faoi éalang ó bhroinn.
éalang disability
" Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó.