Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa tslí is éifeachtaí in the most effective way
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
an dara cur chuige is éifeachtaí the second most effective approach
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
éifeachtaí effective
" Cé acu is éifeachtaí chun an t-ilchultúrachas agus an frithchiníochas a chur chun cinn - an cur chuige seo nó ráiteas faisin de chuid John Rocha?
ar dhóigh níos éifeachtaí in a more effective way
" Rinne sé cúrsa oiliúna seachtaine le Raidió na Gaeltachta le déanaí agus d'fhoghlaim sé go leor rudaí, ina measc an tslí lena ghuth a úsáid ar dhóigh níos éifeachtaí.
níos éifeachtaí more effective
" De réir taighde atá déanta ar dhaoine a dheineann teilea-obair ón mbaile nó nuair a bhíonn siad ag taisteal, bíonn an saghas sin oibre idir 10 agus 30 faoin gcéad níos éifeachtaí toisc go mbíonn níos lú cur isteach ar an oibrí agus toisc nach gá am a chur amú ag taisteal chun na hoifige.
éifeachtaí effective
" Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
chun feidhmiú go héifeachtach to function effectively
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath express himself effectively soon
" Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil.
éifeachtach efficient
" Tá foireann éifeachtach gníomhach anseo a bhfuil fréamhacha láidre acu sa phobal.
níb éifeachtaí more effective
" Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne.
Ceann de na slite is éifeachtaí one of the most effective ways
" Ceann de na slite is éifeachtaí le tabhairt faoi seo ná bunús eacnamúil a thabhairt don Ghaeilge trí ghnólachtaí agus fiontraíocht a chothú a mbeidh an Ghaeilge lárnach iontu.
níos éifeachtaí more efficient
" Ní mór "oidhreacht an teaghlaigh" a dhíol, a deir siad, chun na comhlachtaí seo a dhéanamh níos éifeachtaí.
is éifeachtaí most effective
" Tá an Stát, go háirithe trí Fhoras na Gaeilge, ag tabhairt tacaíocht láidir do scéimeanna pobail, d'fhoilseacháin mar *Beo! *agus ag maoiniú fhorbairt an fhoclóra Gaeilge - Béarla, tionscadal ina mbainfear úsáid as na modhanna oibre is éifeachtaí atá ar fáil i réimse na foclóireachta.
plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach to implement the Hanly plan effectively
" Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
na slite is éifeachtaí the most effective ways
" Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna le réiteach ag na polaiteoirí maidir leis na ceisteanna seo, ach tá muid in amhras ann an bhfuil na slite is éifeachtaí aimsithe acu le dul i ngleic leo.
córas ceart éifeachtach a proper and effective system
" Tá obair mhór ar siúl ag bainistíocht Átha Cliath faoi láthair chun struchtúr agus córas ceart éifeachtach a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh foireann na hardchathrach in ann dul in iomaíocht leis na contaetha is láidre san am atá le teacht.
briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach to propagate the word of God effectively
" Roimh i bhfad d'fhigh siad na seantraidisiúin chreidimh leis an chreideamh Caitliceach, rud a chuir ar a gcumas briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach.
an tslí is éifeachtaí the most effective way
" Mar is eol do chách, an tslí is éifeachtaí le hábhar ar bith a fhoghlaim ná é a theagasc.
go héifeachtach effectively
" Ní gá go mbeadh glór iontach ag an duine (cé go gcabhraíonn sé sin) ach is ceart don duine a bheith in ann a g(h)lór a úsáid go héifeachtach.
chóras éifeachtach effective system
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
níos éifeachtaí more effective
" Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh a láimhseáil? Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh? Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
éifeachtach efficient
" Ach ní faoin tuath amháin atá an tseantír á scrios chun tír nua éifeachtach a thógáil.
éifeachtach effective
" B'fhéidir go sílfeadh daoine áirithe gur comhghuaillíocht cineál saoithiúil é seo, ach, mar sin féin, tá sé thar a bheith éifeachtach agus cumhachtach.
chomh héifeachtach céanna just as effectively
" Thug an *New York Times *cuireadh do pháiste ó Manhattan píosa beag péintéireachta a dhéanamh chun go bhfeicfeadh siad an raibh bua Marla neamhghnách nó, go deimhin, le feiceáil an dtiocfadh le páiste ar bith péint aicrileach agus buidéil citsip lán péinte a láimhseáil chomh héifeachtach céanna.
éifeachtach effective
" *Ach*, is bainisteoir éifeachtach mé, measaim féin, freisin!" Is bainisteoir éifeachtach é Ray, ach is fear mór ealaíon agus cruthaitheachta é.
stíl bhainistíochta éifeachtach an effective style of management
" "Ba thaithí thábhachtach dom é sin," a deir sí, "toisc go raibh stíl bhainistíochta éifeachtach ag an gcomhlacht sin.
ag feidhmiú go héifeachtach operating efficiently
" Tháinig athrú ó bhonn ar an aerlíne le roinnt blianta anuas agus is dea-shampla os comhair an tsaoil é mar chomhlacht fo-stáit atá ag feidhmiú go héifeachtach.
modh éifeachtach iompair phoiblí efficient mode of public transport
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
seirbhís éifeachtach phroifisiúnta an efficient, professional service
" “Táimid ag iarraidh go mbeadh atmaisféar cairdiúil sa chaife agus seirbhís éifeachtach phroifisiúnta ar fáil.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
éifeachtach effective
" Ar chúiseanna pearsanta, tá sé tábhachtach do mhuintir Rossiter go mbeadh an fiosrúchán maidir le bás a mic iomlán éifeachtach.
i bhfad níos éifeachtaí a lot more effective
" Tiocfaidh méadú mór ar líon na ngluaisteán hibrideach gan dabht: is féidir leo bheith i bhfad níos éifeachtaí ná gnáthghluaisteáin, go háirithe sna cathracha.
leigheas éifeachtach effective cure
" "Ar an drochuair, níl aon leigheas éifeachtach ar AMD, agus mar sin tá sé tábhachtach na cúiseanna atá leis a thuigbheáil chun é a sheachaint.
éifeachtach effective
" Ar chúiseanna pearsanta, tá sé tábhachtach do mhuintir Rossiter go mbeadh an fiosrúchán maidir le bás a mic iomlán éifeachtach.
éifeachtach agus taitneamhach effective and enjoyable
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
bríomhar agus éifeachtach lively and effective
" Ó shin i leith tá feachtas bríomhar agus éifeachtach ar siúl acu le haird a tharraingt ar an cheist áirithe seo.
córas iompair phoiblí níos éifeachtaí a more efficient public transport system
" D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr, córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí.
lag agus mí-éifeachtach weak and ineffective
" Ciarraí lag agus mí-éifeachtach Maidir leis an bpeil Ghaelach, chuir sé ionadh orm chomh lag agus mí-éifeachtach is a bhí Ciarraí i gcoinne Chorcaí.
clár oibre éifeachtach effective agenda
" Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.
an-éifeachtach very effective
" Beidh cuid de na heagraíochtaí agus grúpaí an-éifeachtach agus cuid eile nach mbeidh.
cur i láthair éifeachtach effective presentation
" Bíonn Natasha féin ag cur comhairle ar dhaoine aonair maidir lena slí bheatha agus ag cur oiliúna orthu maidir le cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn Cilian ag ullmhú daoine le bheith ag plé leis na meáin chumarsáide.
úsáid níos éifeachtaí more efficient use
" Fuair Toyota mórán poiblíochta cheana féin lena ngluaisteán hibrideach, an Prius, agus tá sé tuillte acu, ach níl ann ach slí chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an pheitreal atá in umar an ghluaisteáin.
go héifeachtach. effectively.
" Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do thiománaithe na tíre? Is céim mhór chun tosaigh bunú an chóir tráchta agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ach caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
éifeachtaí speisialta special effects
" Ar éifeachtaí speisialta a d’oibrigh sé i Nua-Eabhrac agus ar ais arís i dTóiceo.
go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach. that the regulatory system would work effectively.
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
lasteitleáin níos éifeachtaí more efficient cargo planes
" An féidir iad seo a ísliú, agus lasteitleáin níos éifeachtaí a dhéanamh? Measann Boeing go bhfuil an freagra acu, agus arís is ar thaighde a rinne na Rúisigh tríocha bliain ó shin atá sé bunaithe.
dóigh ab éifeachtaí the most effective way
" Thuig Rembrandt, mar a thuig na hImpriseanaithe a tháinig ina dhiaidh, an dóigh ab éifeachtaí le dathanna a thabhairt chun beatha agus iad curtha taobh lena chéile ar an chanbhás.
feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.
chun feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Nuair atá ríomhaire agat agus printéir agus b’fhéidir eochair USB is beag rud eile atá ag teastáil chun feidhmiú go héifeachtach.
ar bhealach níos éifeachtaí. in a more effective way.
" Caithfear bealaí a aimsiú leis an spórt a chur chun cinn agus na cluichí a fhógairt ar bhealach níos éifeachtaí.
i bhfad níos éifeachtaí much more efficient
" Agus níl gach “barr fuinnimh” (barr as a déantar bithbhreoslaí) mar an gcéanna: tá cuid acu i bhfad níos éifeachtaí ná cinn eile.
innill níos éifeachtaí, more efficient engines,
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha transparent, effective and worthwhile ways
" Is é ár ngnó anois bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha a chur ar bun le go dtig le deontóir nó le daonchara deonachán a thabhairt agus fios a bheith aige go ndéanfaidh an t-airgead sin difir.
i bhfad níos éifeachtaí much more effective
" Is mall sa lá a thuig Dáithí Lacha cumhacht na bpiontaí agus na ndearbhán – go bhfuil siad i bhfad níos éifeachtaí ná na coicísí saoire sciála.
paimfléad an-éifeachtach a very effective pamphlet
" Scríobh Hugh paimfléad an-éifeachtach ar son chúis na gluaiseachta, ansin chuaigh sé go Dún Éideann mar eagarthóir nuachtáin a raibh The Witness mar theideal air.
níos éifeachtaí more effective
" Ach níl rud ar bith níos éifeachtaí leis an intinn a ghlanadh ná gaoth láidir.
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo. that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
" Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
abhcóideacht éifeachtach effective advocacy
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
go héifeachtach. effectively.
" Deir Pól Ó Muirí i réamhrá a leabhar úir, *Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil*, gur chuir sé roimhe, agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige, aird an léitheora a dhíriú “ar an Ghriannach mar dhuine” agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh go héifeachtach.
seift éifeachtach effective device
" Úsáideann Ryan agus Mac Dhonnagáin seift éifeachtach chun brí chomhaimseartha a chruthú don dán seo ar an dlúthdhiosca – tá fuaimeanna tráchta le cloisteáil sa chúlra agus aithris á déanamh air.
iarracht ar chaoi sheolta éifeachtach a chur ar chumas an Aontais mhéadaithe teacht ar chinntí. an effort to streamline the increased Union's decision making
" Is éard atá i gceist leis seo ná iarracht ar chaoi sheolta éifeachtach a chur ar chumas an Aontais mhéadaithe teacht ar chinntí.
le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach to work energetically and effectively
" Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga.
éifeachtach effective
" An drochaistriúcháin dhíreacha atá iontu, nó an bhfuil siad aistrithe ar bhealach éifeachtach agus greannmhar? Más drochaistriúcháin atá iontu, ar chóir do scríbhneoirí scripte bail a chur orthu, nó ligean leo? Abair gur tógadh an aoisghrúpa seo le Gaeilge amháin.
chomh héifeachtach as effective
" Má dhéanann tú amhlaidh, ní bheidh an t-aisteoir compordach leis an méid atá ar siúl aige agus ní bheidh an greann chomh héifeachtach is a d’fhéadfadh sé a bheith.
Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach he is hardworking and effective
" Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach agus baineann sé slí bheatha réasúnta amach dó féin.
slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách effective and independent means of measuring
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
go héifeachtach effectively
" Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
póilíniú éifeachtach effective policing
" Deir roinnt Gardaí nach féidir leo póilíniú éifeachtach a dhéanamh gan airm a bheith acu – go háirithe mar go bhfuil gunnaí móra ag roinnt coirpeach agus iad sásta go leor iad a úsáid in aghaidh na nGardaí, mar a tharla le déanaí i mBaile Átha Cliath.
níos éifeachtaí more effective
" Mhair sé go dtí seo leis na ballstáit nua agus tá taighde déanta ag Ollscoil Science-Politique i bPáras a léiríonn go bhfuil an tAontas Eorpach méadaithe ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí anois le 27 ballstát ná mar a bhí sé ag feidhmiú sa dá bhliain roimh an leathnú le 15 ballstát.
fórsa éifeachtach síocháiníochta effective peace-keeping force
" Saga*, maíonn Boutros-Ghali gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.
cumarsáid níos éifeachtaí more effective communication
" Ach caithfidh Rialtas na hÉireann agus ceannairí eile na hEorpa teacht ar bhealach éigin le cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh leis na gnáthdhaoine.
seirbhísí éifeachtacha rialtais effective government services
" Is céim riachtanach í seo chun seirbhísí éifeachtacha rialtais a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na saoránach.
fíor-éifeachtach really effective
" Tá an nós seo i gceist sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé an-choitianta agus fíor-éifeachtach.
slite níb éifeachtaí more effective ways
" Ceann de na rudaí a chuir isteach orm i gcónaí, nuair a chonaic mé a ndúthracht agus a ndílseacht don teanga, ná nach raibh slite níb éifeachtaí acu le coinneáil i dteagmháil leis an Ghaeilge agus iad bailithe leo abhaile i ndiaidh cúrsa, baile a d’fhéadfadh bheith i Manchain nó i München, i Santa Barbara, Sydney nó Seattle.
lán mí-éifeachtaí full of defects
" Tá an córas lán mí-éifeachtaí den chineál seo.
chun feidhmiú go héifeachtach to cope effectively
" Seo thíos dhá abairt as ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht’ *(Literacy and Numeracy for Learning and Life)*, doiciméid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais le gairid: ‘Léirigh na scrúduithe PISA in 2009 nach raibh na scileanna litearthachta ag 17 faoin gcéad de na scoláirí uile ag cúig bliana déag d’aois agus beagnach buachaill amháin sna déaga as ceathrar, chun feidhmiú go héifeachtach i sochaí an lae inniu.
níos éifeachtaí more efficient
" Tá carranna gréine ag éirí níos éifeachtaí ach beidh sé tamall maith sula mbeidh siad á n-úsáid go forleathan, dar le Dáithí Ó Colchúin.
straitéisí éifeachtacha polaitiúla effective political strategies
" Tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart de bharr go bhfuil straitéisí éifeachtacha polaitiúla acu agus is cúis imní é seo do na páirtithe móra.
córas éifeachtach tiomsaithe airgid an effective funding raising system
" Tá lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt.
níos éifeachtaí agus níos tarraingtí, more efficient and more attractive,
" Ach tá innill chuardaigh anois ar fáil atá níos éifeachtaí agus níos tarraingtí, mar a mhíníonn Diarmuid Mac Mathúna.