Tá daoine eile ag rá nár chóir deontais a thabhairt ach iasachtaí agus gur chóir go mbeadh ar na feilméaraí an t-airgead a íoc ar ais nuair a thiocfaidh an bháisteach.
Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí.