Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chóir a bheith ó shin i leith nearly since then
" Le blianta fada - agus mé ag éirí aníos agus chóir a bheith ó shin i leith - bhí trí cinn de ghraiméir údarásacha ann, mar atá, an *Réchúrsa Gramadaí, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí *agus *Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil.
scaitheamh ó shin some time ago
" Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad scaitheamh ó shin.
tá fada an lá ó shin a long time ago
" Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr.
ó shin i leith since then
ó shin i leith since then
" Stáidéar daonna a bhí ann agus rith sí ina threo ag screadaíl, "Tá sé graosta!" Tá an taispeántas faoi bhagairt agus an saothar á chosaint ag gardaí ó shin i leith.
ó shin i leith since then
" Tá an choimhlint i ndiaidh éirí níos measa ó shin i leith.
dhá scór bliain ó shin forty years ago
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
ceathrú céid ó shin a quarter of a century ago
" An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.
in uachtar ó shin a leith in the ascendancy since then
" Chruthaigh Prang Santa Claus i gculaith dhearg, féasóg fhada agus bolg mór air, agus is é a íomhásan atá in uachtar ó shin a leith.
tá an-rath air ó shin i leith it has been very successful ever since
" Is í Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, a chuir tús leis an chúrsa seo sa bhliain 1999 agus tá an-rath air ó shin i leith.
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin compared to how it was ten years ago
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
níor leagas lámh uirthi ó shin. I haven't touched her since.
" Chuireas an chláirnéid ar ais ina bosca an oíche úd agus níor leagas lámh uirthi ó shin.
ó shin i leith. since then.
" Mheall sin, agus na smaointe rómánsacha a bhí agam faoin tír, anall mé! Tá mé anseo ó shin i leith.
Ó shin i leith, since then,
" Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
ráithe ó shin three months ago
" Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
ó shin i leith. since then.
" Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe ó shin i leith.
Bliain ó shin, A year ago,
" Bliain ó shin, tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan.
ó shin i leith. since then.
" Rinne mise an scannán sin a stiúradh, agus tá mé ag stiúradh ó shin i leith.
atá éirithe as ó shin. who has since retired
" Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh atá éirithe as ó shin.
níor tharla tada ó shin nothing has happened since then
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
corradh is bliain ó shin more than a year ago
" Chomh luath is a toghadh é ina phríomhaire, corradh is bliain ó shin, gheall Kevin Rudd thar ceann a rialtais go mbeadh fadhb na díthreabhachta ina príomhthosaíocht ar a chlár oibre.
riamh ó shin all the time since
" Ó léigh mé scéal faoi dheoraíocht Cholm Cille agus mé ar an mbunscoil i gCluain Meala fadó, bhí sé ina rún daingean agam riamh ó shin cuairt a thabhairt ar an oileán beag Albanach, inar bhunaigh Colm Cille a mhainistir sa bhliain 563, tar éis dó slán a fhágáil le Éirinn.
básaithe ó shin died since
" Is cuimhneach liom, dúirt mé leis an seanlead, tá sé básaithe ó shin, dúirt mé lem’ athair é, agus dúirt sé “tarlóidh sé sin agus tarlóidh sé go minic”.
Ó shin i leith from then on
" Ó shin i leith chuir Assange a lámh i réimse leathan oibre ríomhaire, agus rinne sé ainm dó féin mar ríomhchláraitheoir cumasach.
ó shin ago
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
ó shin ago
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
coicís ó shin a fortnight ago
" Mar sin, cuireadh reachtaíocht an bheartais os comhair an tí íochtair coicís ó shin, mar ar reachtaíodh é gan díospóireacht ar bith.
ó shin i leith from then on
" Cosúil le Soros agus Khodorkovsky, tá iarracht déanta ag Nevzlin é féin a athbhrandú mar ‘dhaonchara’ ó shin i leith.
tamall ó shin some time ago
" Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.
Ó shin i leith from that time
" Ó shin i leith, tá siad ar geimhriú.
cúpla bliain maith ó shin a fair few years ago
" Is é sin, cúpla bliain maith ó shin agus níor fhág mé ó shin.
ó shin i leith from then up to the present
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
ó shin afterwards
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
coicís ó shin a fortnight ago
" Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
ó shin since then
" Nochtadh ainm an pheileadóra úd ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
achar gairid ó shin a short time back
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
le sonrú ó shin i leith noticeable from then on
" Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh le sonrú ó shin i leith.
breis is scór go leith bliain ó shin more than 30 yrs ago
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
in imeacht na mblianta ó shin i leith down the years from that time
" Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce in imeacht na mblianta ó shin i leith.
fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin a man I had never seen before nor since
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
blianta gairide ó shin a few years ago
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin the matter died a death in the meantime
" Ach chuaigh an loinnir ó scéal an spáis ó shin.
Seacht mbliana is fiche ó shin 27 years ago
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
le muintir na mbád ó shin i leith to the boat people from then up the present
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
dornán blianta ó shin a few years ago
" Baineadh siar as pobal na Gaeilge dornán blianta ó shin nuair a d'fhógair Enda Kenny an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co.
Is iomaí Gael ar deoraíocht ó shin many Irish have left home since then
leanthaí ar aghaidh riamh ó shin continued from that period on
" Tharla sé sin siar in aimsir an OSI i dtús agus tá sé leanthaí ar aghaidh riamh ó shin.
níor chneasaigh sí ceart ó shin it never healed up rightly since
" Bhris mé mo lámh le linn traenála (mar fhear ionaid) i Sydney 2000 ag na cluichí Oilimpeacha agus níor chneasaigh sí ceart ó shin.
coicís ó shin a fortnight ago
" Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.
achar gairid blianta ó shin a few short years ago
" ie) nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín achar gairid blianta ó shin.
bunáite seachtó bliain ó shin the guts of 70yrs ago
" Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.
atá tarlaithe ó shin i leith which has happened in that time
" Tá beagán den ghruaim orm faoin athrú teanga atá tarlaithe ó shin i leith i gCois Fharraige le linn dom a bheith anseo.
glúin nó dhó ó shin a generation or two back
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
míle bliain ó shin a thousand years ago
" Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
scaitheamh ó shin some time ago
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Níor tharla athiarracht ó shin no second effort happened from then
Tost ó shin i leith nothing from then
neart deiseanna acu ó shin plenty of chances since then
" ” Nach é a bhí fadbhreathnaitheach? Ar ndóigh gheall Fianna Fáil go gcuirfidís an scéal ina cheart nuair a bheidís ar ais i gcumhacht aríst, rud nach ndearna cé go raibh neart deiseanna acu ó shin.
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin compared to five years ago
" Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.
thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin she really liked singing from then on
" Thosaigh sí ag canadh agus í ceithre bliana d’aois agus thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin.
feabhsaithe ó shin improved in the meantime
" Tá an dearcadh i leith na foraoiseachta feabhsaithe ó shin.
dornán blianta ó shin a few years;
" Leis an teicneolaíocht chlódóireachta atá anois ann (leithéide Mag Cloud a chuireann Hewlett Packard ar fáil) tá tú in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dornán blianta ó shin.
ní fada ó shin a short time ago
" Saothar Dina Gottliebova ========= Tharraing cás ealaíontóra Mheiriceánaigh amháin Dina Gottliebova (Babbitt) – (bhí Gottliebova pósta ar chartúnaí mór le rá darbh ainm Art Babbit sula scaradar), tharraing an cás sin aird ar na ceisteanna casta seo ní fada ó shin nuair a d’iarr sí ar Iarsmalann Auschswitz cúpla pictiúr a tharraing sí nuair a bhí sí faoi ghlas ansin a thabhairt ar ais di.
tamall de bhlianta ó shin a few years ago
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
dornán blianta ó shin a few years ago
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
roinnt blianta ó shin some years ago
" Chinn sé roinnt blianta ó shin go gcloífeadh leis an iomáint óir is é an cluiche is ansa leis.
Chuimhnigh mé ó shin I’ve remembered in the interim
" Chuimhnigh mé ó shin ar phíosa seanchais a thóg RTÉ thart ar 1960 ó Mhícheál Ó Coincheanainn láimh le hEanach Cuain i gContae na Gaillimhe.
glúin nó dhó ó shin a generation or two back
" Ar bhealach, chuir an cuardach mór cumha orm don ré sin, b’fhéidir glúin nó dhó ó shin, nuair a bhí an chruinne leathan ollmhór agus nuair a d’fhéadadh duine (nó long) taisteal ar an troigh gan tuairisc agus ar muir gan teagmháil.
Tá sé i gcló ó shin it’s in print since
" Tá sé i gcló ó shin ach ní fhaighim aon phingin as toisc gur ghlac mé le cnapshuim ag an tús.
seachtó bliain ó shin seventy years ago
" Muinín a Chur sna Díograiseoirí ============== Sa cholún uaim, a foilsíodh san eagrán deireannach de Ghaelscéal, mheabhraíos do na léitheoirí gur cuireadh tús le foilsitheoireacht nuachtán seachtainiúil Ghaeilge ar Lá ’le Pádraig, seachtó bliain ó shin.
thart ar scór blianta ó shin about twenty years ago
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
Roinnt céadta blian ó shin some hundreds of years ago
" Is mar seo a chuireann an tAthair Peadar tús álainn lena leagan Gaeilge den Quijote le Cervantes: > Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fud na hEorpa agus Ridirí Fáin a tugtaí orthu.
i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin around this time seventy years ago
" Spreag buamáil bhaile Gernika i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil.
Deich mbliana ó shin ten years ago
" Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling.
D’athraigh a dhearcadh ina leith ó shin his view changed from that point on
" D’athraigh a dhearcadh ina leith ó shin.