Pota Focal Intergaelic
bóna | móna | na | -na | nóna
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
óna Rúnaí Roinne from his Departmental Secretary
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
tarraingthe óna chuimhne drawn from his memory
" Tá comharthaí suntasacha ón chathair, ar nós Ardeaglais Naomh Fionnbarra nó dealbh an Athar Maitiú, le feiceáil ina chuid pictiúr agus iad ar fad tarraingthe óna chuimhne.
teacht slán óna thuras féin to survive his own journey
" Ar a laghad, d'éirigh le Jerry McAuley teacht slán óna thuras féin as Éirinn go Nua-Eabhrac.
muid a scaradh óna chéile to separate us
" "Tá siad ag iarraidh muid a scaradh óna chéile, mar go raibh muid in ann acu.
nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile when the two sides will split from each other
" Tá tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
óna bhrat néalta from its covering of clouds
" Dúirt Denise go bhfuil Cnoc Bréanainn taobh thiar dá teach, ach níl mé féin ábalta a rá go cinnte go bhfuil sé sin fíor mar nár tháinig sé amach óna bhrat néalta an tseachtain ar fad.
óna gcomhoileánaigh from their fellow islanders
" D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh.
óna shaothar from his work
" Bhí seanchara Kelly, colúnaí an *New York Times *Maureen Dowd, i measc na ndaoine a labhair faoin chuimhne a bhí acu air agus a léigh óna shaothar.
óna cholainn fhearga fheiceálach from his conspicuous virile body
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
óna ghlúin féin from his own generation
" Chuir Emmet Stagg i gcuimhne don rialtas na hÉireannaigh óna ghlúin féin arbh éigean dóibh dul go Sasana chun obair a fháil sna 1950í agus 1960í, dream atá anois sean, agus go minic ina n-aonar agus bocht, in áiteanna mar Londain, Manchain, Birmingham agus Learpholl.
níos deighilte óna chéile more separated from each other
" De réir gach taighde - agus tá sé soiléir do dhuine ar bith atá ina chónaí sa taobh seo tíre - tá daoine níos deighilte óna chéile ná mar a bhí siad riamh.
óna ghairm from his calling
" Ach is cuma cén caitheamh aimsire atá aige, ní féidir duine a scaradh i gcónaí óna ghairm.
óna chuid stocaireachta from his lobbying
" Tá cearta agamsa fós ar an ainm sin!” Ag breathnú siar anois air, áfach, tá an fear ag a bhfuil an t-ainm "Teilifís na Gaeilge" beagán míshuaimhneach faoin stáisiún a tháinig óna chuid stocaireachta.
óna heaspa gnímh féin from her own lack of action
" B’fhíor di ach, arís eile, bhí sí ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile le haird a tharraingt óna heaspa gnímh féin maidir leis an ghné seo den fhadhb.
óna shean-naimhde from his old enemies
" D’oibrigh gach rud amach dó, cé go raibh na gnáthionsaithe i gceist óna shean-naimhde i nuachtán an *Sunday Independent*.
ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte to get rid of the Iranian accent from his speech
" Mhúin siad cúpla focal Gaeilge dó, chomh maith leis an Ghréigis agus an Laidin ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte.
leis an dá dhream a scaradh óna cheile to separate both sides from each other
" Ach mar thoradh ar na cainteanna idir Kelly agus an PSNI, ní raibh saighdiúirí na Breataine le feiceáil ar na sráideanna, níor tógadh na fálta móra a bhíonn ann leis an dá dhream a scaradh óna cheile agus bhí an mórshiúl síochánta.
óna chomharsa bhéal dorais from its next-door neighbour
" Chomh luath is a bhí an teorainn trasnaithe agam, bhraith mé go raibh an tírín beag seo go hiomlán difriúil óna chomharsa bhéal dorais.
a bhogadh óna bogha to move from her bow
" Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
óna chara charthanach chomhbhách from his charitable and sympathetic friend
" Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, *an t-eagarthóir*, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le *<ainm ag an eagarthóir>* cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara charthanach chomhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
óna lucht aitheantais féin from is own acquaintances
" Cuimhneoidh sé gur beag buíochas a fuair Dick Spring óna lucht aitheantais féin i 1992 as dul i bpáirt le FF nuair ba léir ag an am sin gur dhiúltaigh an toghlach d’Fhianna Fáil.
óna chéile comhraic from his rival
" I Nua-Gheirsí, mar shampla, tá an t-iarrthóir Daonlathach, Bob Menendez, go mór faoi bhrú óna chéile comhraic Tom Kean, a bhfuil stair fhada pholaitiúil ina mhuintir.
óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht from which you could borrow records
" Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam! “Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais. because of lack of support from his government colleagues.
" Theip ar iarrachtaí an Aire i ndeireadh na dála, de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais.
óna chuid cúraimí from his responsibilities
" Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige.
ba léir óna iompar it was obvious from his behaviour
" Chuala mé óna bhean Maureen go raibh imní air faoin bhia sa phríosún – shíl sé go raibh nimh ann agus stad sé ag ithe go rialta agus ba léir óna iompar go raibh fadhb mheabhrach aige.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost Krauss retired from his job
"Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
óna gceantar dúchais, from their native area,
" Thug Coimisiún na Talún talamh i mBaile Ghib sa chontae céanna sin dá hathair mór agus a máthair mhór sna tríochaidí agus bhog siad ansin óna gceantar dúchais, Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill.
óna mbainisteoir, from their manager,
" ” Chomh maith le bheith ag ceol, tá sí féin agus Tríona, le cuidiú mór óna mbainisteoir, Tom Sherlock, ag cur le chéile bailiúchán de na hamhráin is fearr a rinne Mícheál a thaifeadadh thar na blianta.
óna fheachtas leasuachtaránachta from his vice-presidential campaign
" Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004.
óna macasamhail from their counterparts
" Tá na hionaid fíona an-éagsúil óna macasamhail san Eoraip sa chaoi is go bhfuil siad an-nua-aimseartha ar fad.
toghthóirí óna dtoghlach féin constituents from their own constituency
" htm) Cúis imníIs é an “líon marbh laethúil” is mó atá ag cur imní ar na Feisirí, go mór mhór nuair is toghthóirí óna dtoghlach féin atá i gceist.
de réir cara óna óige, according to a friend from his youth
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
óna shaothar féin from his own work
" Is maith le daoine *happy endings*! Sin an fáth go bhfuil ráchairt ar an léann Éireannach in áiteanna mar Phrág nó Lodz nó Gdansk nó Cluj sa Trasalváin féin!” Ainneoin gur Corcaíoch go smior é Bob Welch, is saoránach den domhan é fosta, atá tar éis léamh óna shaothar féin i dtíortha mar an tSeapáin, an Ungáir agus an Pholainn.
ag séideadh an deannaigh óna rothair blowing the dust from their bicycles
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile that they would separate the parents from each other
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
i bhfad óna muintir is óna ngaolta, far from their people and their relatives,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
deora ag titim go fras óna súile. tears cascading from their eyes.
" Buidéal beorach as Wisconsin i ngach lámh, rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis ag leath-am agus chanadar amhrán na hollscoile, deora ag titim go fras óna súile.
óna gcuid iomaitheoirí, from their competitors,
" Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.
scartha óna chéile. separated from each other
" Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.
ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir. on which an account was given of two Irish slaves to escaped from their owner.
" Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
óna gcuid eachtraíochta, from their adventuring,
" Níl mórán daoine sa saol seo ar féidir leo a rá gur thaistil siad an domhan ar luamh, agus ansin, tar éis dóibh filleadh óna gcuid eachtraíochta, go ndeachaigh siad leis an bpuipéadóireacht mar ghairm bheatha!Ach sin mar a tharla do Dharach.
na séasúir a aithint óna chéile, to distingush the seasons from each other
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
óna phost from his job
" D’imigh beirt an tseachtain seo, duine amháin óna phost sa rialtas agus an duine eile ón saol seo.
óna áit dhúchais, from his native place
" Guímid gach beannacht air agus é sa tóir ar dheiseanna nua sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Ghaeltachta óna áit dhúchais, Muscraí.
i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile after they have split up
" Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile.
an-deighilte amach óna bhanna. very cut off from his band.
" Agus ceithre shamhradh ó shin roinneamar stáitse leis in Ortegueira i dtuaisceart na Spáinne agus bhí an chuma air go raibh sé an-deighilte amach óna bhanna.
an-éagsúil óna chéile. very different from each other
" Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha an-éagsúil óna chéile.
ag stánadh amach óna n-árasáin staring out from their flats
" Tá 25 pictiúr sa tsraith seo, ina léirítear daoine ag stánadh amach óna n-árasáin ar an fhoréigean atá ar siúl sna sráideanna thíos fúthu.
atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid. which are designed to part people from their money
" Le cois na striapach (nach raibh mórán acu ann, pé scéal é), tá aonaigh shiamsaíochta ar na piaraí go léir, le rollchostóirí, raoin lámhaigh, agus na scórtha rud eile atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid.
leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos. to keep the cold from their feet
" I rith agóid na mblaincéad, agus na príosúnaigh i gcillín fuar, lom – iad cosnochta gan éadaí ar bith orthu ach blaincéad amháin – ba ghnách leo seasamh ar bhíobla leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos.
óna ucht from his chest
" Fiafraíonn sé di, ar mhaith léi go ngearrfadh sé a chroí óna ucht (leis an scian a chaith sí leis!) Gan aisteoireacht chumasach, d’imeodh líne mar seo amú agus theipeadh ar an radharc ar fad.
óna chuid cainte from his speech
" Cé go gcreideann go leor daoine gur tháinig na muirthéachtaí sa taobh sin domhain aniar aduaidh ar na Stáit Aontaithe, ba léir óna chuid cainte gur ócáid cheiliúrtha a bhí ann.
ar teitheadh óna cháil fleeing form his fame
" ”* Tá Cheyenne - ollréalta glamrac na n-ochtóidí - ar teitheadh óna cháil is ó thaibhsí mhothúchán na ciontachta.
Le cabhair óna chara with the assistance of his friend
" Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
B'fhada é, fágaim, óna réamhtheachta it was well ahead, for example, of its predecessor
" B'fhada é, fágaim, óna réamhtheachta, Bunreacht an tSaorstáit, a bhféadtaí a athrú trí Acht Pharlaiminte.
ag ceol amhrán óna díolaim singing songs from her album
" "D'iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b'fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla" agus sin an rud a rinne sí, ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh.
agus í ag ceol amhráin óna dúchas as she sings songs from her tradition
" Ar an díolaim seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne agus í ag ceol amhráin óna dúchas.
iarracht éalú óna chathair thnáite an attempt to escape his exhausted city
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
scoite amach óna chéile cut off from each other
" Cothroime don Aonteangachas Bhéarla ================ Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile.
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís which tries to put people in contact who have be estranged from each other
" Searc nach Searcfar ======= I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’), a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís.
ar scaradh óna chéile apart from each other
" Geall le 1Iú Aithne é go gcoinneofar an pholaitíocht agus an Ghaeilge ar scaradh óna chéile.
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch the youth have with their linguistic inheritance
" Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
dréimire an airm óna óige the army ladder from his youth
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
clúdaithe óna bhun aníos covered from top to bottom
" Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh who were snatched away from their families
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
nach dtiteann an saol óna chéile ar fad that life doesn’t come apart at the seams
" Ar bhealach, nuair a chuirtear gach rud a deir sé san áireamh, is iontach nach dtiteann an saol óna chéile ar fad.
bhí cúrsaí imithe óna smacht matters had become intractable
" Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht.
scaipthe óna chéile separated from each other
" Ní hamháin go raibh níos lú ábhar ann, bhí siad scaipthe óna chéile.
a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna you could separate a lot of Americans from their guns
" Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta. to take it from their cold dead hands
" Mar a dúirt Charlton Heston, is é an t-aon dóigh a bhféadfaí cuid mhór Meiriceánach a scaradh óna ngunna ná é a thógáil ó óna lámha fuara, marbhánta.
óna méarchlár from her keyboard
" Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár.
i bhfad óna muintir away from kith and kin
" Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.
óna sclábhaíocht ag sclábhaithe from their slavery of slaves
" Tháinig mná aníos ar aistear fada óna sclábhaíocht ag sclábhaithe in imeacht céad bliain.