Pota Focal Intergaelic
us | bús | lús | mús | nús
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rátaí úis interest rates
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
ús interest
" Ní bhfaighidh tú an íocaíocht bhreise agus íocfaidh tú cáin ar an bpríomhshuim agus ar an ús.
ráta úis athraitheach variable interest rate
" De réir na saineolaithe, tá rátaí úis ag bun a dtimthriall, rud a chiallaíonn gur fearr, b'fhéidir, dul le cuntas le ráta úis athraitheach chun buntáiste a bhaint as na méaduithe dóchúla sna rátaí úis i rith na gcúig bliana.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála the interest will be spent on improving the sector
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
an t-ús a ghnóthaítear the interest that is earned
" Ní mór an t-ús a ghnóthaítear tríd an tsuim seo a infheistiú sa Scéim Iasachtaí Náisiúnta agus é a bheith ar cóimhéid leis an chíos talún a bhí á íoc roimhe sin.
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc to repay the interest on the new owners' loans
" Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc.
má thagann méadú ar na rátaí úis if the interest rates increase
" Mar sin, má thagann méadú ar na rátaí úis, titfidh geilleagar na tíre as a chéile.
ús interest
" An chúis, más fíor, nach raibh ar a gcumas airgead a úsáid.
rátaí úis interest rates
" Thagair an rialtas do na rátaí úis a bhí ann nuair a bhí an Lucht Oibre i réim sna seachtóidí agus sna hochtóidí, rátaí a bhí níb airde ná mar atá anois.
méadóidh siad na rátaí úis they will increase the interest rates
" Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú.
rátaí úis interest rates
" De réir taighde atá déanta ag Banc an IIB agus an ESRI meastar go mbeidh deacrachtaí ag breis is 50,000 úinéir tí cloí lena gcuid aisíocaíochtaí mar gheall ar an mhéadú beag atá tagtha ar rátaí úis.
ráta íseal úis a low rate of interest
" Tá an rialtas feidearálach agus stáit ag teacht i gcabhair ar na daoine agus tá $100 milliún fógartha go dtí seo i bhfoirm deontas agus iasachtaí le ráta íseal úis.
rátaí úis interest rates
" Is le linn tréimhse ina raibh na rátaí úis ag leibhéal fíoríseal a bhí an tógáil as cuimse seo faoi lán seoil ach ní hamhlaidh atá anois.
le hús with interest
" Ní raghadh an borradh sin gan aithint thionscal na tógála, áfach; ní fada go mbeadh an buíochas sin íoctha leis bPáirtí, le hús.
rátaí úis interest rates
" Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.
ráta úis interest rate
" *CMA: Thugamar cúram an ráta úis do Bhanc Lárnach na hEorpa.
ráta úis interest rate
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
ag íoc úis paying interest
" Dá bhrí sin, beidh cáiníocóirí Mheiriceá ag íoc úis do na bancanna leis na bancanna a tharrtháil mar gheall ar a gcuid cearrbhachais! Ní haon ionadh é gur chuir William Engdahl síos air mar “the most brazen financial swindle in the scandal-ridden American finance history.
hiasacht gan ús a non-interest loan
" Ach ba de thaisme a tháinig Mandelson anseo agus é ag súil le haiséirí pholaitiúil, (tar éis dó éirí as oifig de bharr gur ghlac sé le hiasacht gan ús ó chomhleacaí leis, Geoffrey Robinson, le teach a cheannach fad is a bhí a chuid gnaithe á fhiosrú ag an Roinn a bhí faoi cheannas Mhandy.
ús interest
" Tá fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart.
t-ús interest
" I gcionn trí chéad bliain beidh Éire fós ag iarraidh an t-ús a íoc ar ais gan trácht ar aon chuid den bhunairgead.
ráta úis interest rate
" Tarrtháil nó Pianseirbhís? ========== Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.
hús iolraithe multiplied profit
" Mo bhreithiúnas ar an bhfear féin, is ar an taispeantas i gCorcaigh? Más mar sin mé agus na deich mbliana sin le cois an trí scór agam, tabhair dom láithreach iad, le hús iolraithe.
in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc able to pay the interest and capital
" Na Leiciméirí Morgáiste =========== Richie: Ar dtús, a Bhaloir, níor chóir do dhaoine morgáistí móra a thógáil amach mura raibh siad in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc ar ais.
ráta úis (low) interest rate
" Smacht a choinneáil ar an soláthar airgid agus ar an ráta úis a choinneáil ard, ba iad dúnghaoisí an stáit faoi Thatcher agus Major, ach theip orthu agus chaill siad an t-olltoghchán i 1997 mar gheall orthu.
ráta úis níos airde ar a higher interest rate
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
an forlíonadh ús morgáiste the mortgage interest supplement
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.
an ráta úis the rate of interest
" D’éirigh leo an ráta úis ar iasachtaí na Triúrachta a ísliú.