Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU he was elected General Secretary of the TGWU
" Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU i 1968 agus bhí an-mheas air agus é sa phost sin.
ard-rúnaí secretary general
" I meamram faoin ghaelscoil chéanna a chuir Peter Baldwin, oifigeach sinsearach de chuid na roinne, chuig Hanafin agus ard-rúnaí na roinne ar an 14 Meitheamh 2006 deirtear: *“We have a revised Primary School Curriculum introduced in 1998.
Ard-Rúnaí Secretary General
" Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na *Anoraks* é! Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom.
Ard-Rúnaí General Secretary
" “*The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!”* dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil acting as general secretary of the conference
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, acting as general secretary of the conference,
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
Ard-Rúnaí general secretary
" bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é.
hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe General Secretary of the UN
" ’ I measc na ndaoine eile a mealladh le haithris a dhéanamh ar *Gangnam Style*, bhi Príomh-Aire na Breataine, David Camshrón, Boris Johnson, Ard-Mhéara Londain, Madonna – banríon an phopcheoil í féin chomh maith le hArd–Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Ban Ki-Moon a dúirt go raibh an t-amhrán chomh bríomhar sin go dtiocfadh leis an domhan a spreagadh chun síochána.
Ard-Rúnaí Secretary General
" Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006.