Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ailéar attic
" "Tá an tráchtas fós thuas san ailéar sa mbaile agus lá breá éigin tabharfaidh mé isteach go dtí mo chomhairleoir acadúil é!" Ní saol léinn a bhí i ndán do Bhríd mar bhí sé de rún i gcónaí aici dul ag obair i réimse na meán cumarsáide.
ailéar attic
" "Chroch m'athair agus a chara Jim Sharkey (athair Feargal Sharkey ó na Undertones), a bhí ina chomharsanach d'ár gcuid, an gléas seo thuas san ailéar, áit ar chodail mise.
áiléar attic
" Nuair a thosaíomar ar an teach féin a dheisiú, tháinig muid ar chnuasach de cheol traidisiúnta san áiléar.
san áiléir, in the attic,
" Thuas san áiléir, faoin díon gabháil éadain, is féidir an chaoi a ndearnadh an díon a fheiceáil.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar after the pieces of art were left in an old attic
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.