Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
móramh Caitliceach Catholic majority
" Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.
aontachtaí Caitliceach Catholic unionist
" Chuir an méid a bhí le rá ag O'Doherty (aontachtaí Caitliceach) iontas orm agus an diongbháilteacht lenar sheas sé an fód do na *wee six*.
frith-Chaitliceach anti-Catholic
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
an tseanoird shóisialta Chaitlicigh old Catholic social order
" Mar sin, céard atá i ndán don eaglais sna Stáit Aontaithe? Feictear do dhaoine áirithe gur seo tús le deireadh an tseanoird shóisialta Chaitlicigh.
an Chliarlathais Chaitlicigh the Catholic Hierachy
" Galldachas amach is amach! "Agus cad é fá aineolas agus chiúnas damanta an Chliarlathais Chaitlicigh ar na mallaibh i dtaca le mí-úsáid leanaí i Loch Garman?" a cheiseann Balor Ceisteach, Clúmhillteach.
chosantóir na gCaitliceach the protector of Catholics
" Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil? Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.
frith-Chaitliceach anti-Catholic
" Tá daoine áirithe ag rá go bhfuil an grúpa "frith-Chaitliceach", agus dream eile (Daily ina measc, de réir tuairiscí) ag maíomh go bhféadfadh siad scoilt a chothú sna paróistí ina bhfuil siad.
lucht oibre Caitliceach Catholic working class
" " Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d'oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am.
dhúmhmharú Caitliceach óg the murder of young Catholics
" Ba dheas an rud é dá mbeadh an dua céanna á chur acu orthu féin ag fiosrú dhúmhmharú Caitliceach óg le tamall anuas.
frith-Chaitliceach anti-Catholic
" Ach cad é a d'fhéadfainn a dhéanamh? "Ní raibh mé frith-Chaitliceach, ach ba strainséirí dom na daoine ón phobal eile, mar a déarfá.
Chaitlicigh aontachtacha unionist Catholics
" (Glacaim féin leis gurb ionann Caitliceach agus naisiúnach agus Protastúnach agus aontachtach, ainneoin go bhfuil aithne agam ar Chaitlicigh aontachtacha agus ar Phrotastúnaigh náisiúnacha.
dá chomh-Chaitlicigh Éireannacha of his fellow Irish Catholics
" Is cinnte go raibh go leor dá chomh-Chaitlicigh Éireannacha - agus iad ag troid le Protastúnaigh Nua-Eabhrac chun cothroime pholaitiúil agus shóisialta a bhaint amach - den bharúil gur cheart do McAuley fanacht i Sing Sing.
cumadóir Caitliceach Catholic composer
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
nach ndéanann ach cúntóirí Caitliceacha a earcú who only hires Catholic assistants
" Tóg cúrsaí oibre, mar shampla: d'fhéadfadh seicteachas a bheith i gceist ag leibhéal áitiúil gan amhras, abair siopadóir beag Caitliceach nach ndéanann ach cúntóirí Caitliceacha a earcú.
fhreagróirí Caitliceacha Catholic respondents
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh to drive out Catholics
" Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall.
frith-Chaitliceach anti-Catholic
" Níos moille, scríobhadh *graffiti* frith-Chaitliceach ar bhallaí sa chearnóg.
gan Caitlicigh Rómhánacha a fhostú not to employ Roman Catholics
" I Márta 1934, dúirt Basil Brooke: "Molaim do dhaoine gan Caitlicigh Rómhánacha a fhostú - tá 99 faoin chéad acu mídhilis.
frith-Chaitliceach anti-Catholic
" Ar an 12 Iúil, 1870, ghlac suas le 2,000 ball de na hoird Oráisteacha áitiúla (le cois grúpaí eile a bhí frith-Chaitliceach agus i gcoinne na hinimirce) páirt i bparáid a chuaigh ó Manhattan íochtarach i rith an bhealaigh suas go hElm Park ag an West Side ag 92nd Street.
Cliarlathas Caitliceach na hÉireann the Catholic Hierachy of Ireland
" Ó nár dheas sin fosta! Tá an plean is fearr ar fad fá choinne laethanta saoire ag Cliarlathas Caitliceach na hÉireann.
nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith that no Catholic is allowed
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
an Ardeaglais Chaitliceach the Catholic Cathedral
" Chuaigh an bheirt acu le chéile go dtí an Ardeaglais Chaitliceach leis an leabhar comhbróin a shíniú, agus stad iriseoir ón *Sunday Telegraph *iad ar a bhealach amach, ag iarraidh fáil amach cén sórt teachtaireachta a scríobh siad.
an líon céanna Caitliceach Spáinneach as many Hispanic Catholics
" Is fíor go bhfuil roinnt mhaith Caitliceach Éireannach agus Iodálach ag bogadh amach as an chathair ach tá an líon céanna Caitliceach Spáinneach tar éis a n-áit a ghlacadh.
naimhdeas frith-Chaitliceach anti-Catholic hostility
" Teannas ======= Tabhair faoi deara gur luaigh an CRE "*anti-Irish hostility*" i Learpholl, ní naimhdeas frith-Chaitliceach.
flaithis na gCaitliceach the Catholic heaven
" Cén fáth? Bhuel, léirítear flaithis na gCaitliceach sa chlár mar áit atá díreach cosúil le beár grágach Éireannach, a bhfuil fiú nithe as Riverdance le feiceáil ann.
biogóideachta frith-Chaitlicí anti-Catholic bigotry
" I mí an Aibreáin 1959, theastaigh ó O’Brien fáil amach cén cineál biogóideachta frith-Chaitlicí a mbeadh ar Kennedy dul i ngleic leis agus é i mbun a fheachtais.
i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach in partnership with the Catholic working class
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
a tréithe Caitliceacha its Catholic traits
" Labhair sé faoin ngá le hollscoil bheith i seirbhís na fírinne agus dúirt gurb é a idirdhealaíonn KUL ó institiúidí acadúla eile na Polainne ná a tréithe Caitliceacha.
a tréithe Caitliceacha its Catholic traits
" Labhair sé faoin ngá le hollscoil bheith i seirbhís na fírinne agus dúirt gurb é a idirdhealaíonn KUL ó institiúidí acadúla eile na Polainne ná a tréithe Caitliceacha.
fhearg na cosmhuintire Caitlicí the anger of the ordinary Catholic people
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú that they had to kill Catholics
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
a labhraíodh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Ghaeilge. when both Catholics and Protestants spoke Irish.
" Tá an tAire i Stormont, Maria Eagle, ar son an Achta ach tá sí luaite i measc “the romanticists of the Irish language movement” ag an *News Letter*, daoine a bhíonn ag caint ar na laethanta a labhraíodh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh an Ghaeilge.
saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí an expert on the history of the Catholic Church
" Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.
pobal measartha mór Caitliceach a fairly big Catholic community
" Ach maireann pobal measartha mór Caitliceach anseo i dTom an t-Sabhail agus sa tír máguaird.
beirt iarlaí Caitliceacha two Catholic earls
" Chuaigh beirt iarlaí Caitliceacha amach, Iarlaí de Errol agus de Huntly, agus thart fá 2,000 fear áitiúil leo, agus chuir siad an ruaig ar 10,000 Híleantóir faoi cheannas iarla Phrotastúnaigh, Iarla Earra Ghàidheal.
séipéal tarraingteach Caitliceach an attractive Catholic chapel
" Ansin sroicheann tú sráidbhaile beag darb ainm Chapeltown, agus séipéal tarraingteach Caitliceach ina lár, a bunaíodh sa bhliain 1829.
Tarraingíonn Caitlicigh agus Protastúnaigh go maith le chéile Catholics and Protestants get on well
" Tarraingíonn Caitlicigh agus Protastúnaigh go maith le chéile i dTom an t-Sabhail, agus is cosúil gur mar sin a bhí sé i gcónaí.
siombailí Caitliceacha san áireamh. including Catholic symbols.
" Nó ba chóir cosc a chur ar chaitheamh siombailí reiligiúnacha de gach saghas sa saol poiblí, siombailí Caitliceacha san áireamh.
oideachas Caitliceach Catholic education
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
Caitliceach, Catholic
" Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, he gave it to Catholic and Prodestant charities
" Níor choinnigh sé an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, gníomh praiticiúil éacúiméineach.
a shéanann a tógáil Chaitliceach who rejects her Catholic upbringing
" Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
a bhaineann lena óige Chaitliceach. which pertains to his Catholic youth
" Tá *pop memorabilia* iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.
Ón am a thiontaigh iar-phríomh-aire na Breataine ina Chaitliceach, Since the time the ex-prime-minister of Britain became a Catholic
" Ón am a thiontaigh iar-phríomh-aire na Breataine ina Chaitliceach, níl meas madaidh ag Ian ar an tír sin níos mó.
de chuid na hEaglaise Caitlicí of the Catholic Church
" Buaileadh beirt phrionsa de chuid na hEaglaise Caitlicí go trom leis an ghalar seo ar na mallaibh.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
reilig Chaitliceach Learphoill Liverpool's Catholic graveyard
" Níl trácht ar bith ar Bhéaslaí sa leabhar seo agus chuir Ó Siadhail an cheist: "*How easy is it for someone to fall between the cracks? What's a life worth*?" Thug Pádraig Ó Siadhail cuairt ar reilig Chaitliceach Learphoill, áit a bhfuil leacht a tógadh mar chuimhneachán ar Éirí Amach na bhFíníní in 1867.
an Eaglais Chaitliceach the Catholic Church
" Ba iad muintir Ionad Buail Isteach an chéad dream a tháinig faoi amhras, ach níorbh fhada gur tháinig an Eaglais Chaitliceach faoi amhras i bhfad ní ba mhó, nó fuarthas clocha paidrín, ceann i ndiaidh a chéile, ar an bhealach idir An Bóthar agus teach an tsagairt sa Daingean.
chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh he shook a Catholic priest's hand
" Éagóir mhillteanachChóir a bheith 25 bliain ó shin, rinne ministir Preispitéireach, an tOirmhinneach David Armstrong, éagóir mhillteanach: i 1983, chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh aimsir na Nollag.
i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach in an area that an innumerable number of victims were murder
" Comhairle fhrith-Chaitliceach agus é bródúil as, ábhar ceiliúrtha acu i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach le linn na dTrioblóidí.
bíodh is gur Caitlicigh muid despite us being Catholics
" Agus é ag labhairt fén *Welfare State* dar ghearr Rialtas Atlee as an gcloch idir 1945-51, mar aon leis na gearáin chantalacha Chaitliceacha a dhéantaí ina leith, scríobh sé: “Is é mo bharúil féin gur túisce a ghéillfeadh muidne in Éirinn, bíodh is gur Caitlicigh muid, do chóras deachtóireachta ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh.
nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann there’s not just one C. specialist in the hospital
" Cé shamhlódh go mbeadh Caitliceach choíche ina Ard-Aighne ó thuaidh? Nó go mbeadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tuaiscirt ina Ghaeilgeoir Caitliceach - agus ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith! Tá aithne agam ar dhochtúir a dúirt liom nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann a mbíodh sé ag obair inti.
aontachtaithe Caitliceacha C. unionists
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
Caitliceach an chaisleain a castle Catholic
" Má thugtar an freagra Rory McIlroy, is Caitliceach an chaisleain a thug an freagra.
gur chomh-Chriostaithe a chomh-Chriostai Caitlicigh his fellow Christians are f. C.
" Ach ba bheag géillstean a bhí ann gur chomh-Chriostaithe a chomh-Chriostai Caitlicigh.
reilige Caitlicí is ársa oldest Catholic graveyard
" A Thiarcais! Sin seoladh na reilige Caitlicí is ársa san Astráil.
Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha Irish-American Catholics
" Creideann an t-údar George Marlin gurb iad na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha a shocróidh cé a bhainfidh toghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo.
Loic an Eaglais Chaitliceach the Catholic Church failed
" Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.
go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach that the Catholic community is being treated better
" Tá go leor de Phrotastúnaigh na Sé Chontae den tuairim go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach ná mar atá lena bpobal féin, ach mar a mhíníonn Robert McMillen, léiríonn an taighde nach bhfuil bunús ar bith leis an tuairim seo.