Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón tSín from China
" Tharla an rud céanna do thionscal na fíodóireachta agus na lásadóireachta tar éis an chogaidh freisin, agus luaitear fiú an iomaíocht ón tSín agus ón tSeapáin - ní le déanaí a tháinig an tíogar Áiseach chun cinn! Tá an díospóireacht chéanna ar siúl na laethanta seo faoi mhífheiliúnacht na Gaeltachta do chomhlachtaí ardteicneolaíochta de bharr easpa línte ISDN.
chun na Síne to China
" com thar lear? Agus an mbeidh sé á úsáid ar a chéad turas eile chun na Síne? "Úsáidim é, gan mórán stró.
an tSín China
" Bhí duine acu, bean óg, ag sábháil airgid fá choinne turais trasna na Sibéire go dtí an tSín.
sa tSín in China
" 7bn infheistithe ag ollchomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn – dhá oiread níos mó ná mar atá infheistithe ag Meiriceánaigh sa tSín.
an tSín China
" Bhí sé le feiceáil sa naoú céad déag freisin sa gcaoi ar caitheadh le daoine as an tSín a bhí ag obair sna ceantracha óir.
ón tSín from China
" “Rith sé liom le déanaí, ó bheith ag léamh ficsin le scríbhneoirí eile atá dátheangach (i mBéarla a bhíonn siad ag scríobh de ghnáth – daoine ón Nigéir agus ón tSín, mar shampla), toisc nach bhfuil an dara teanga chomh saibhir is a bheadh an chéad teanga, b’fhéidir go bhfuil láidreacht le brath sa scríbhneoireacht.
an tSín China
" Bhí an tuarastal ab airde do phríomhoide i Sasana aige i 1998 (£118,000 sa bhliain) agus ba ghnách leis féin agus “a chara”, an leas-phríomhoide Jenny Dolphin, dul thar lear go minic “leis an choláiste a chur chun cinn”, in áiteanna mar an tSín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Nua-Shéalainn, an Astráil agus Ceanada.
an tSín China
" Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín.
oifig staidrimh na Síne China's statistics office
" D’fhógair oifig staidrimh na Síne an mhí seo go mba cheart don tír sin éirí as an méid sin dá cúlchiste a bheith aici i ndollair.
sa tSín in China
" Fuair sé ó chara éigin é, a bhí ag obair le comhlacht cluichí sa tSín.
an tSín, China,
" Tá níos mó daoine i bpríosún i Meiriceá ná in aon áit eile ar domhan anois, fiú ag cur áiteanna mar Chúba, an Rúis, an tSín, agus an Iaráic san áireamh.
ón tSín, ón tSeapáin, from China, from Japan,
" Bhí an-am agam sna scoileanna sin; bhuail mé le daoine ón tSín, ón tSeapáin, ón Spáinn agus ó thíortha nach iad agus bhí sé sin go hiontach, go háirithe domsa, mar chailín ó bhaile beag sa Pholainn nach raibh aon eachtrannaigh ann.
de phríomhchathracha na Síne, of the main cities of China
" Tá íomhánna de phríomhchathracha na Síne, a bhíonn dubh le rothair de shíor, feicthe ag beagnach gach duine.
Ach ní gá dul chun na Síne but there is no need to go to China
" Ach ní gá dul chun na Síne lena leithéid a fheiceáil.
bréagáin déanta sa tSín toys make in China
" Más déanach féin a fuarthas amach é, tá a fhios ag an ngnáthdhuine gur chreach lucht an airgid é, gur seoladh a phost thar lear, agus nár fágadh aige ach bréagáin déanta sa tSín.
an tSín China
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
Ind-Sín Indo-China
" Fuair an bheirt acu bás i mbun a gcuid oibre – Taro sa Spáinn le linn cúlú a bhí á dhéanamh ag na poblachtaigh i 1937 ag 26 bliain d’aois agus Capa i1950 in iardheisceart na hÁise le linn an chogaidh san Ind-Sín.
Síne China
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
na Síne of China
" Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar.
tSín China
" Tá thart fá aon chúigiú cuid de mhuintir na cruinne sa tSín mar chomhthéacs fosta.
ndomhan nua-aimseartha seo na Síne this modern China
" I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne tá tú ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn sé an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine.
sa tSín in China
" Mar shampla, tá trí mhí caite agam i dTaiwan i mbliana agus chaith mé dhá mhí ag taisteal sa tSín.
tháinig méadú as cuimse ar chumhacht power(s of China and Russia) increased immensely
" Cé nach ndeirtear amach go hoscailte é, is léir gur tháinig méadú as cuimse ar chumhacht na Síne agus na Rúise sna blianta a lean 9/11.
le srian a chur ar an tSín to rein in China
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
turas na Síne a trip to China
" “Déan do dhícheall léi,” arsa mise, “faraor nach mbeadh Gaeilgeoirí na hÉireann chomh pointeáilte leat!” “Seans go mbeidh muid ag déanamh turas na Síne aríst an bhliain seo chugainn,” ar sé.
le dul in iomaíocht leis an tSín to compete with China
" Má tá an Eoraip le dul in iomaíocht leis an tSín agus leis na Stait Aontaithe, luíonn sé le réasún gur gá cur le chéile.
faoin tsaoirse sa tSín of freedom in China
" Tá an saothar seo le feiceáil mar chuid de thaispeántas neamhspleách, a thugann léargas ar an tréimhse a chaith sé i ngéibheann agus a ardaíonn ceisteanna faoin tsaoirse sa tSín.
an tSín China
" Níor tharla aon ‘mhuirthéacht teicneolaíochta’ ann, faoi mar a tharla san India, agus níor mheall an tír an déantúsaíocht idirnáisiúnta faoi mar a rinne an tSín.
an tSín a bheas mar eiseamláir China shall be an example
" Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá.
An tSín Tír a Déanta made in China (not Ireland)
" *’ 'An tSín Tír a Déanta’ ======== Is cuimhin liom nuair a cheannaigh mé, i 1988, an leabhar beag iontach Life in the Ice Age leis an Ollamh Anthony J.
chun na Síne to China
" Thug sé chun na Síne é agus tháinig sé ar ais agus dúirt sé, “táimid i ndiaidh leabhar Bridget a dhíol”.
an tSín China
" Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.