Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na mBráithre Críostaí the Christian Brothers
" D'fhreastail mé ar scoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí áit a ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge.
na daonlathaithe Críostaí the Christian democrats
" Bhí go leor de na vótóirí nach raibh muinín acu as an dream nua seo, an LPF, chun an tír a reáchtáil agus dá bharr sin thug siad a vóta do na daonlathaithe Críostaí, páirtí a bhí lag roimhe sin.
Críostaithe Christians
" Tháinig Críostaithe sa chúigiú haois, Naomh Pádraig ina measc.
sna Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Nuair a d'fhág Mícheál an scoil náisiúnta i 1961, agus é trí bliana déag d'aois, chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí.
na Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad? D'fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar.
na Bráithre Críostaí the Christian Brothers
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
ón ré luath-Chríostaí from the early Christian period
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
d'eagraíochtaí Críostaí to Christian organizations
" Tabharfar cuid mhaith den airgead d'eagraíochtaí Críostaí, leithéidí Youth for Christ, agus do ghrúpaí frithghinmhillte atá ag reáchtáil, a deir siad féin, ionaid le haghaidh daoine a éiríonn torrach gan choinne.
Críostaí as an nua born-again Christian
" Ina measc tá Peter Howson, ealaíontóir conspóideach agus Críostaí as an nua a bhfuil cáineadh déanta aige ar dhánlanna de bharr gan iad a bheith sásta saothar cráifeach a chur ar taispeáint.
Críostaí beo a living soul
" Níor aithin Kylie Críostaí beo.
coimeádaithe Críostaí Christian conservatives
" Deir *The Christian Statesman:* "Tá tromlach na suíochán ag coimeádaithe Críostaí i gcás 36% de choistí stáit an Pháirtí Phoblachtaigh (nó 18 stát as 50), mar aon le mionlach ard suíochán i gcás na gcoistí eile.
an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis the Judeo-Christian beliefs on sexuality
" Tá an-mholadh tugtha ag an Eite Dheas Chráifeach don chlár seo, ach deir siad siúd atá ina choinne go bhfuil an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis mar bhunús leis, agus nár cheart go mbeadh sé seo amhlaidh i gcuraclam na scoileanna poiblí.
dialathas bunúsach Críostaí fundamentalist Christian theocracy
" Stáit Aontaithe Íosa? ======= An bhféadfadh sé tarlú gur dialathas bunúsach Críostaí a bheadh sna Stáit Aontaithe san am atá romhainn, an rud ar thug an *New Times *in Orlando "Stáit Aontaithe Chríost" air? Déarfadh daoine áirithe gur áibhéil amach is amach é seo, ach tá grúpaí faire reiligiúnda ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú, nuair a chuirtear san áireamh chomh láidir is atá an Eite Dheas Chráifeach, agus an tionchar atá acu ar an Pháirtí Poblachtach.
an rogha "Chríostaí" the 'Christian' choice
" Ag pointe éigin, áfach, thuig lucht na ngnólachtaí móra gur Críostaithe a bhí i go leor den lucht oibre, agus go bhféadfaí cur ina luí orthu féachaint ar an Pháirtí Poblachtánach mar an rogha "Chríostaí", go háirithe dá gcuirfí an bhéim ar Dhia a bheith ar thaobh na Stát Aontaithe.
sa Ré Luath-Chríostaí in the Early Christian period
" Bhí séipéal ar an oileán sa Ré Luath-Chríostaí.
ón ré luath-Chríostaí the early Christian period
" Ar an bhealach, thit mé i ngrá le dánta gonta, áille na manach ón ré luath-Chríostaí agus ansin leis na hamhráin ón 18ú haois, atá mar chuid den traidisiún amhránaíochta fós.
Críostaithe Poblachtánacha Republican Christians
" Sa tréimhse roimh agus i ndiaidh bhás Terri Schiavo in Florida seans gur rith sé le go leor daoine go bhfuil tuiscint an-aisteach ar fad ag Críostaithe Poblachtánacha sna Stáit Aontaithe ar an choincheap sin “an ceart chun marthana”.
bráthair Críostaí a Christian brother
" “Thug bráthair Críostaí, a mhúscail spéis sa nGaeilge sa rang ar fad, beagnach, ar thuras scoile go Gaeltacht Chorca Dhuibhne muid agus bhí iontas orainn nuair a chonaic muid go raibh Gaeilge dá labhairt ag chuile dhuine ann.
na mBráithre Críostaí the Christian Brothers
" I ndiaidh na bunscoile, chuaigh sé go scoil na mBráithre Críostaí i mBaile an Róba.
láithreáin luath-Chríostaí early Christian sites
" Bhí suim agam go háirithe na láithreáin luath-Chríostaí a fheiceáil agus iarsmaí na mainistreacha ó na meánaoiseanna.
ré Luath-Chríostaí the Early Christian era
" Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.
ré Luath-Chríostaí the Early Christian era
" Nuair a rinneadh tochailt ar an láithreán, fuarthas reilig mhór ón ré Luath-Chríostaí, agus búcla cré-umha agus rudaí eile ón 7ú nó 8ú haois.
sa ré Luath-Chríostaí in the early Christian period
" Is curach é an Naomh Efflam freisin, ach tá sí déanta as leathar, mar a bhíodh báid na manach sa ré Luath-Chríostaí.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
an Ré Luath-Chríostaí the Early Christian Period
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
Ré Luath-Chríostaí Early Christian period
" Sa Ré Luath-Chríostaí, cuireadh “mo-” roimh ainmneacha naomh agus “-óc” (nó “-áig” sa ghinideach) ag an deireadh mar chomharthaí ceana agus measa.
an domhain Luath-Chríostaí of the early Christian world
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
ón Ré Luath-Chríostaí from the Early Christian Era
" Tá músaem níos sine béal dorais, faoi chúram Historic Scotland, agus bailiúchán iontach dealbh ón Ré Luath-Chríostaí a fuarthas go háitiúil ann.
na Daonlathaigh Chríostaí the Christian Democrats
" Ach b’fhéidir fosta nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige agus gurbh fhusa i bhfad dó dúshlán a thabhairt do cheannairc agus é ina Thánaiste! Corrlach Paddy Power: FG/LO/Na Glasaigh 9/4; FG/LO/PD 14/1 Fianna Fáil agus an Lucht Oibre Tá naimhdeas binbeach idir Pat Rabbitte agus Fianna Fáil ach b’amhlaidh an cás sa Ghearmáin idir na Daonlathaigh Shóisialta agus na Daonlathaigh Chríostaí.
Sa Ré Luath-Chríostaí, in the Early Christian period,
" Sa Ré Luath-Chríostaí, bhí *vallum* thart ar shuíomh na mainistreach.
sa Ré Luath-Chríostaí. in the Early Christian period.
" Ní dheachaigh mise ann, áfach, mar ní maith liom bheith thuas ard! Is cinnte go raibh séipéal nó mainistir níos luaithe fiú ann, sa Ré Luath-Chríostaí.
a bhí sibhialaithe agus ar Chríostaí é who was civilized and Christian
" Ní raibh an dearcadh ann gurbh é an tIndiach marbh an t-aon Indiach maith – an tIndiach a bhí sibhialaithe agus ar Chríostaí é, b'in an tIndiach maith, dar le go leor.
gnáth-Chríostaithe, ordinary Christians,
" Breathnaítear go hamhrasach ar eaglais na Mormannach go fóill i Meiriceá, agus is cinnte nach dtaitneoidh sé le gnáth-Chríostaithe, atá mar chnámh droma an Pháirtí Phoblachtánaigh.
traidisiún Críostaí Christian tradition
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
Fear cróga Críostaí a brave Christian man
" Fear cróga Críostaí a bhí in Hume a rinne cion fir ar son na síochána in Éirinn.
go leor de Chríostaithe Mheiriceá a lot of American Christians
" Mormannach is ea Mitt Romney agus tá go leor de Chríostaithe Mheiriceá – atá báúil don Pháirtí Poblachtach i bhfad níos mó ná don Pháirtí Daonlathach – den tuairim gur seict aisteach é an eaglais seo.
Críostaí thar Chríostaithe. Christian of Christians
" Ní raibh fágtha aige le ceacht a mhúineadh dó ach Huckabee Finn, laoch thar laochra na heite deise, Críostaí thar Chríostaithe.
Chríostaí. Christian
" Rinne an Cairdinéal Connell dearmad glan gur Caitliceach a bhí ann, gan trácht ar Chríostaí.
baill den chléir Chríostaí members of the Christian hierachy
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
Críostaithe bunchreidmheacha fundamentalist Christians
" Nuair a bhíodh na paráidí ar siúl i dtosach, bhí go leor Críostaithe bunchreidmheacha glan ina n-aghaidh.
chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí. I went to a Christian Brothers school
" An dtig leat tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi d’óige, le do thoil? Ian: Bhuel, níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí.
Críostaithe den eite dheis right-wing Christians
"Críostaithe den eite dheis go mór faoi chomaoin ag airgead Moon chomh maith.
Is Críostaí go smior í she is a Christian through and through
" Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha.
críostaithe Christians
" Roghnaigh críostaithe an fhéile seo mar fhéile na Nollag – an tráth a dhéantar comóradh ar lá breithe Chríost.
Críostaí athbheirthe born again Christian
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
Críostaí Soiscéalach evangelical Christian
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
Chríostaithe an Oirthir the Eastern Christians
" Thosaigh an nós díthreabhach i measc Chríostaithe an Oirthir, áit a ndeachaigh Uaithne, nó Antaine mar is fearr aithne air, amach i bhfásach na hÉigipte sa 3ú aois chun éalú ón domhan ábhartha agus a bheith níos cóngaraí do Dhia.
gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad they’re ex-Jewish and ex-Christian
" Móramh Palaistíneach na linne seo, maítear, de chogar leochaileach, ina leith gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad agus gur iarsma dá mbealach ón Iúdachas is ea Clann Nasrani - Críostaithe na Palaistíne.
Críostaí tiomanta a devout Christian
" Cé gur Críostaí tiomanta atá in Linda anois, ní raibh sí riamh amhlaidh.
Bráthair Críostaí Christian brother
" Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.
Chríostaithe coimeádacha conservative Christians
" Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.