Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá mbuafadh Áth Cliath an lá sin had Dublin won that day
" Ceapann Mícheál dá mbuafadh Áth Cliath an lá sin go bhféadfadh sé go mbeadh scéal difriúil ag cúrsaí iomána an chontae inniu.
ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Dublin should have won
" Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life the senior members of that society in Dublin
" Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath Meath shocked Dublin
" Tharla sin i 1983 agus sa chraobhchomórtas an bhliain sin bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath nuair a bhí comhscór eatarthu.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath University College Dublin
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Dublin Institute of Technology
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
go roinnfí Baile Átha Cliath that Dublin would be divided
" Anuas air sin, cúpla mí ó shin rinne an Taoiseach iarracht tabhairt ar an Uasal Ryan glacadh le socrú go roinnfí Baile Átha Cliath idir thuaidh agus theas, sin le rá gur i ndeisceart na cathrach amháin a dhéanfadh an tUasal Ryan a chuid stocaireachta agus, dá réir, go bhfanfadh an tUasal Brady i dtuaisceart na cathrach.
Tollán Chaladh Átha Cliath the Dublin Port Tunnel
" Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin.
iarrachtaí thosaithe Átha Cliath the efforts of the Dublin forwards
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
san ardchathair in the metropolis (Dublin)
" Seans, fosta, go mbíonn níos mó iriseoirí ag ól i dTigh Hughes ar an Spidéal ná mar a bhíonn i Doheny and Nesbitts san ardchathair.
mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir all the important Irish speakers of Dublin
" Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath the Freedom of Dublin City
" I mí an Mhárta i mbliana, bronnadh Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath air féin agus ar Ronnie Delaney.
sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. in the arts outside Dublin.
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath. the Dublin team is thriving.
" Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. the Dublin Institute for Advanced Studies.
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Dublin beat Kerry in the final.
" An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, in the north of County Dublin,
" uk/ An seachtú agus an t-ochtú míle 30/6/07 – 1/7/07: Rinceoil, féile don teaghlach ar fad sa Ros i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ansin taisteal fada romhainn chuig na Cealla Beaga agus féile eile ansin.
in iarthar Chontae Átha Cliath in west County Dublin
" Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe.
Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath from Dublin south
" Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht! Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna.
Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath statistics from Dublin Bus show
" Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath tionchar mhéadú an tráchta.
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath. on the senior Dublin hurling team
" Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath as a member of an infamous Dublin football team
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dublin City Council
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín. the Hugh Lane Dublin City Gallery.
" Dar ndóigh, ní bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath. the Dublin minor hurling team.
" Breis agus deich mbliana ó shin tugadh cuireadh dom a bheith i mo roghnóir le foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Dublin City Council,
" Tá muid i ndiaidh dul i ndáil chomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, leis an Aire (Éamon Ó Cuiv - an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus le hailtirí maidir leis an bplean seo.
Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta Dublin Radio Co-operative Limited
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
in iarthar Bhaile Átha Cliath in west Dublin
" Cuir i gcás, Baile an Tíarailigh, An Ongár agus na bailte nua ar fad in iarthar Bhaile Átha Cliath a tógadh le dornán blianta anuas agus a díoladh ar phraghsanna móra.
DIAS Dublin Inst. for Advanced Studies
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
mBÁC Dublin
" Roimhe sin, bhunaigh mé Cúinne na Cainte i mBÁC, ar nós Speakers Corner i Londain.
tréas lucht cinsil people in authority (in Dublin) betraying
" Is é an t-aon chosaint atá fanta ag muintir na 26 Contae i bhfianaise aineolas agus tréas lucht cinsil BÁC le blianta beaga anuas.
Bhog Rossa amach as BÁC R. moved out of Dublin
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
as Baile Átha Cliath ó dhúchas a native of Dublin
" De bhunadh Éireannach cuid mhaith acu, agus tá siad le feiceáil sa taispeántas buan seo: daoine mar an Ceannaire Paddy O Daire, as Dún na nGall, Paddy Donovan, John Patrick Murphy, James Larkin Jones (Jack Jones), Patrick Brady agus Charlie Martinson, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, atá i measc príosúnach sa ghrianghraf a tarraingíodh tar éis Cath Jarama i 1937.
foireann peile Átha Cliath the Dublin football team
" Gníomhach i gCónaí ======= **CMS Cad é do ról le foireann peile Átha Cliath?** BD Ní féidir liom mórán a rá faoi sin, ach amháin go bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair.
Dyflinnarskiri Dublin
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
is mór an teist ar bhua Átha Cliath Dublin’s win is a great testament
" Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.
Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach higher than the Dublin spike
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
i mBÁC in Dublin
" Gliondar Roimh Theacht an Giro ============ Ag caint ag an seoladh i mBÁC dúirt an tAire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa Michael Ring: “.
foireann Átha Cliath na linne seo the present Dublin team
" B'fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.
sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in University College Dublin
" Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh.
Chluain na Bó Fireannaí Dublin 4's never nether land
" Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.