Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
Comhairle na hEorpa The Council of Europe
" Ansin d'iarr de Valera agus Seán MacBride air dul mar ionadaí Thuaisceart Éireann go dtí na chéad chruinnithe a bhí ag Comhairle na hEorpa sa Háig idir 1946 go 1948.
i bpríomhchathair na hEorpa in the capital city of Europe
" An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an "*domino effect*" a fheiceáil.
forbairt oirthear na hEorpa the development of eastern Europe
" Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta.
an reathaí is sciobtha san Eoraip the fastest runner in Europe
" Sa Bhreatain rinne an reathaí is sciobtha san Eoraip, Dwain Chambers, tástáil dhearfa i dtaca le THG agus tá an t-imreoir sacair Rio Ferdinand i dtrioblóid ar an ábhar nach raibh sé ar fáil nuair a tháinig na hoifigigh thástála ar cuairt.
as tíortha ar fad na hEorpa of all the countries in Europe
" Tógann muidne isteach an líon is lú d'inimircigh as tíortha ar fad na hEorpa.
ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip heading for Europe
" Ainneoin go bhfuil sé féin tar éis a rá go leor uaireanta nach bhfuil spéis aige sa phost, ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine más é an Taoiseach, agus ní an tUasal Brady, a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip i Meitheamh 2004.
todhchaí na hEorpa the future of Europe
" Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach.
ar fud Oirthear na hEorpa all over Eastern Europe
" ” Chuir seantuismitheoirí Marcus, an ceathrar acu, fúthu in Éirinn in 1882 agus iad ag éalú ón ngéarleanúint a bhí á déanamh ag na Rúisigh ar na Giúdaigh ar fud Oirthear na hEorpa ag an am.
príomhchathair aerach na hEorpa the gay capital of Europe
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
oirthear na hEorpa eastern Europe
" Is ceantar ilchultúrtha amach is amach é seo anois ina bhfuil siopaí agus bialanna de chuile chinéal á reáchtáil ag daoine ón Afraic, ón Áis agus as oirthear na hEorpa.
príomhchathair aerach na hEorpa the gay capital of Europe
" Ó am go chéile, tógaim an traein amach go Sitges, príomhchathair aerach na hEorpa (de réir dealraimh!) agus áit ina bhfuil trá fhíorálainn.
aos ealaíon na hEorpa those involved in the arts in Europe
" Is doiligh a shamhlú sa lá atá inniu ann an tionchar a bhí ag na “haistriúcháin” seo ar mheon aos ealaíon na hEorpa san 18ú agus an 19ú haois.
nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa when Poland was wiped off the map of Europe
" “Ba mhórchumhacht í an Pholainn,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air, amhail is go mbeadh cuimhne aige fós ar an aimsir sin, cé gur tháinig deireadh léi breis is dhá chéad bliain ó shin nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa i 1795.
an Eoraip ina hiomláine the whole of Europe
" D’fhéadfainn a rá léi nach ndearnadh ionradh ar an Eoraip ina hiomláine ar an dáta sin, nach ndearnadh ionradh ach ar an bPolainn agus ar an bPolainn amháin ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 1939.
i gcás na ndaoine as an Eoraip in the case of the people from Europe
" Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
Bhuaigh an Eoraip go héasca. Europe won easily.
i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa compared to our neighbours on the continent of Europe
" Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois that such a thing used to happen in Europe in the old days
" Is cosúil go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois dá mbeadh fómhar maith ann.
ar an cheathrú tír is measa san Eoraip the fourth worst country in Europe
" Go deimhin, bhí an EEA ag tuar go mbeadh muid ar an cheathrú tír is measa san Eoraip ina leith seo.
mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa as cultural capital of Europe
" Ach ná déan dearmad gur leagadh an sean-Cavern Club sna 1970í, agus in ainneoin go mbeidh Learpholl mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa in 2008, bíonn deacrachtaí go fóill ag láithreacha ceoil san áit – Parr Street Studios, mar shampla.
iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa to allow competition on the internal railways of Europe
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
léaráid de theangacha na hEorpa a diagram of the languages of Europe
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
ar cheann de mhórfhéilte na hEorpa. one of the biggest festivals in Europe.
" Ansin dúiseacht go luath ar maidin le dul go Glastonbury, atá fós ar cheann de mhórfhéilte na hEorpa.
mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa as the main cultural city of Europe
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
rian na hEorpa the mark of Europe
" Tháinig misinéirí chun na háite agus d'fhág siad rian na hEorpa ar an mbaile.
ó chearnaí eile den Eoraip from other corners of Europe
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. which drew the attention of Europe onto Poland
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
ach go dtabharfaí í chun na hEorpa. but that she would be taken to Europe
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
do lucht maorlathais na hEorpa to the bureaucrats of Europe
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
ar Mhór-Roinn na hEorpa on the Continent of Europe
" Mar aon leis na himeachtaí a bheas ar siúl in Éirinn, beidh cinn á reáchtáil san Astráil, sa Bhreatain, ar Mhór-Roinn na hEorpa agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
go fairsing tríd an Eoraip widely throughout Europe
" Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
ar imeall na hEorpa, on the edge of Europe,
" Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
murab ionann agus an Eoraip unlike Europe
" Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú.
seasamh cheannairí na hEorpa attitude of the leaders of Europe
" Níor spreag seasamh cheannairí na hEorpa dea-thoil i measc mhuintir na tíre seo ach an oiread.
impireachtaí cumhachtacha na hEorpa powerful empires of Europe
" Níb fhaide anonn, d’fhág impireachtaí cumhachtacha na hEorpa a rian ar an áit lena dteangacha agus lena stíleanna ailtireachta, rian atá chomh láidir sin go sílfeá in amanna go raibh tú ag siúl ar shráid éigin sa Phortaingéil, san Ísiltír nó i Sasana**.
de rítheaghlaigh na hEorpa of the Royal families of Europe
" Ghlac beirt bhall chonspóideacha de rítheaghlaigh na hEorpa páirt lárnach i bhforbairt na himpireachta nua seo.
Mhór-Roinn na hEorpa continental Europe
" Cuid de na tíortha is neartmhaire ar Mhór-Roinn na hEorpa tá siad i gcogadh le chéile; agus, ins an am chéadna, tá ceisteanna troma poilitíochta agus cruadh-bhearta eacnomaíochta le réiteach againn féin annseo sa bhaile.
Oirthear na hEorpa Eastern Europe
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
Imeacht ón Eoraip leaving Europe
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
mhór-roinn na hEorpa continental Europe
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
den ábhar le hoirthear na hEorpa of the material with Eastern Europe
" Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich.
Bhanríon na hEorpa the Queen of Europe
" Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa.
scaipthe anois ar fud na hEorpa now spread throughout Europe
" Tá an galar scaipthe anois ar fud na hEorpa agus is le déanaí a shroich sé an tír seo.
níor ghéill éigse na hEorpa the learned of Europe didn’t accept
" an chosmeolaíocht gheolárnach, níor ghéill éigse na hEorpa do thuairim sin Kopernik beag ná mór.
gníomhach ar fud an hEorpa active throughout Europe
" Dúirt sé go raibh na faisistithe gníomhach ar fud an hEorpa, agus luaigh sé Golden Dawn na Greige.
ainm éarlaimh na hEorpa the name of the patron of Europe
" Tá sé ráite gur roghnaigh Joseph Ratzinger ainm éarlaimh na hEorpa, Benedict, cionn is go raibh sé mar aidhm aige an Eoraip a athshoiscéalú.
ar fud na hEorpa Europe wide
" Tá sé thar am againn comhstádas tuarastail a fháil lenár gcomhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa.
i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa at the western and eastern extremity of Europe
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo knocking on the doors of Europe every day
" Tá na mílte eile mar iad ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo.
Dhaingean Eorpach Fortress Europe
" Ba mhinic sna nóchaidi a chloistí trácht ar an AE mar Dhaingean Eorpach, ach is oiriúnaí anois ná riamh an leasainm sin.
ar fud na hEorpa throughout Europe
" Ba liosta le háireamh na cliaint cháiliúla a lorg a sheirbhísí ar fud na hEorpa agus i Meiriceá féin ag blianta tosaigh an fhichiú haois ach go háirithe.
fud fad na hEorpa throughout Europe
" Ní de thaisme a reicim an forainm agus an t-ainmfhocal fireann ansin dála an scéil… Tá dearcadh dearfach ar an gcomhdháil seo, ní hamháin anseo ach fud fad na hEorpa agus i measc fiontraithe sna Stáit Aontaithe de réir mo léimh air.
cáil ar fud na hEorpa ar famous throughout Europe
" Cúlú an Cheoil ===== Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne.
Tuarascáil Chomhairle na hEorpa the Council of Europe report
" aspx)) Maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Bhanríon Eilís faoin Tuaisceart sa lá atá inniu ann, ar an drochuair chonaic muid i lár na míosa seo caite Tuarascáil Chomhairle na hEorpa ar an Ghaeilge ina bhfuil Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar.
ar thairseach na hEorpa on Europe’s doorstep
" Ba bheag nár thosaigh cogadh ar thairseach na hEorpa an mhí seo caite.
hoirthear na hEorpa eastern Europe
" Fostaithe in Amhras ======== Ba iad *From Rome with Love (2012)* le Woody Allen chomh maith le Páis Chríost (2004) le Mel Gibson an dhá mórscannáin is déanaí a rinneadh i gCinecittà (tá sé níos saoire ag déantóirí scannán mór dul chuig áiteanna eile sa domhan cosúil le hoirthear na hEorpa) agus tá fiacha móra bailithe ag an eagraíocht mar gheall ar an easpa oibre seo.
A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip a different demand on Europe
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
dul chun na hEorpa going to Europe
" Tá mé ag súil go mór le dul chun na hEorpa.
i bhformhór na dtíortha san Eoraip in most of the countries in Europe
" Tá fáil ag níos lú daoine in Éirinn ar an leathanbhanda ná mar atá i bhformhór na dtíortha san Eoraip agus is ar Eircom is mó a chuireann Caoimhe Ní Laighin an milleán go bhfuil cúrsaí amhlaidh.
roimh an Eoraip down the road for Europe
" Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa.
Bhancríona na hEorpa the queen banker of Europe
" Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.
ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa such as the Presidency of the Council of Europe
" Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.