Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá a fhios ag an saol Fódlach the whole country knows
" Tá a fhios ag an saol Fódlach cén toradh a bheas ar an socrú nua: an bhliain seo chugainn beidh na heolaithe ag rá linn go bhfuil titim mhór eile sna stocanna amach ó chósta na hÉireann.
Saol Fódlach All Ireland
" Réalta Saol Fódlach SMM: Is cáiliúla thú, ar shlí, i saol an Bhéarla – tarraingíonn tú an-aird ina measc, mar gur de threibh mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta thú.
ag cur as don saol Fódlach bothering the Irish population
" An fhadhb is mó a bheas acu ná an díospóireacht a dhíriú ar an chonradh féin in ionad a bheith ag plé na mbeartas náisiúnta, ar nós cúrsaí uisce nó sláinte, atá ag cur as don saol Fódlach faoi láthair.
is eol don saol Fódlach everyone knows
" Ar an taobh eile den scéal, is eol don saol Fódlach go mbíonn amharc thar Sruth na Maoile ar Cheann Tíre na hAlban.
don saol Fódlach to the whole wide world
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
thaispeáint don saol Fódlach to show to all Ireland
" Agus nuair a d’éirigh lena leagan den amhrán *Wake Me Up* le Avicci níos mó ná dhá mhilliún buille YouTube a bhaint amach, fuair lucht Choláiste Lurgan cuireadh teacht ar an Late Late Show agus a thaispeáint don saol Fódlach céard a bhí ar bun acu.
saol Fódlach the whole of Ireland
" Is bean teilifíse í Bláthnaid Ní Chofaigh atá os comhair súile saol Fódlach le blianta anuas ar RTÉ a hAon agus ar TG4.