Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuascailte resolved
" Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.
Lá na Fuascailte Liberation Day
" Dúirt scríbhneoir Ollannach amháin: "Tá an 4 Bealtaine againn (Ceiliúradh íospartach na gcogaí), tá an 5 Bealtaine againn (Lá na Fuascailte) agus anois tá an 6 Bealtaine againn".
fuascailt mhíleata military solution
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
fuascailt gach faidhbe the solution to each problem
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
fuascailt emancipation
" Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.
fuascailt na ceiste solution to the problem
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
as fuascailt na ceiste a aimsiú for finding a solution to the problem
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
lucht fuascailte fadhbanna problem solvers
" "Géillstean don DUP" - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur "lucht fuascailte fadhbanna" iad.
airgead fuascailte ransom money
" Tá gach seans, mar sin, go n-iarrfaidh siad airgead fuascailte ar an iarsmalann.
an fhadhb a fhuascailt to solve the problem
" Ach caithfear an fhadhb a fhuascailt mar go bhfuil staid Ghiobráltar ag teacht salach ar dhlíthe na hEorpa agus ní féidir dlíthe áirithe a reáchtáil ansin gan an fhadhb seo a réiteach.
fuascailt emancipation
" Rinne Caravaggio téamaí móra mar chailliúint, trócaire agus fuascailt a scrúdú go mion ina shaothair dheireanacha, téamaí a bhí gearr dá chroí féin ar go leor dóigheanna éagsúla.
fuascailt solution
" An-mhisneach léirithe aige fosta nuair a chuaigh sé go Gaoth Dobhair le hiarracht a dhéanamh fuascailt a fháil ar an ghéarchéim fostaíochta ansin.
airgead fuascailte ransom
" airgead fuascailteransom go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then fuadaitheoiríkidnappers cinnte dearfaabsolutely sure á mbailiú acubeing collected by them aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence grianghrafadóiríphotographers príomhdhualgasmain duty cuir fios ar an dochtúircall the doctor tuairim isaround imeachtaíevents feighlícarer chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her ag impí orthubegging them thairg sé é féinhe offered himself i m’ionadsain my place a leicneher cheeks d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself crógabrave
airgead fuascailte ransom money
" An plean a bhí acu ná drongadóirí éagsúla a fhuadach agus na mílte dollar d’airgead fuascailte a éileamh.
fuascailt na faidhbe the solution to the problem
" B’fhéidir é, ach is i lámha glana an rialtais atá fuascailt na faidhbe.
i bhfuascailt na faidhbe in solving the problem
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
fuascailt release
" agus gan fuascailt nó faoiseamh acu ón strus sin ach a bheith ag ól nó ag ithe an iomarca agus gurb é an cliseadh néarógach a bheas i ndán dóibh.
fhuascailt redemption
" Léirithe i rilíf íseal i bhfoirm painéal inleagtha ar gach doras, déantar cur síos ar scéalta ón Bhíobla ann, a dhéanann tagairt don chine daonna agus don fhuascailt.
fuascailte relieved
" Bhí Sarajevo fuascailte nuair a bhain foireann “Léargas” amach forhalla an Holiday Inn i gceartlár “Chaolsráid na Snípéirí”, Lúnasa 1996.
le fuascailt a aimsiú to find a solution
" Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin.
fuascailt na nGormach Black emancipation
" Martin Luther King ina cheannaire agus ina urlabhraí ar son chearta an chine ghoirm, ach lámhachadh agus maraíodh é i mí Aibreán 1968 i Memphis, Tennessee agus cuireadh siar fuascailt na nGormach le blianta.
fuascailte released
" Tá an damhsa gaelach fuascailte faoi dheireadh ag an damhsa ar an sean-nós.
fhuascailt to free
" Cuireadh tús le feachtas pobail agus stáit sa Fhrainc chun í a fhuascailt ó lámha an FARC agus cuireadh dlús leis an bhfeachtas sin nuair a tháinig Sarkozy i gcumhacht.
gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa a credit crisis solution device
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
fuascailt setting free
" Nach aisteach nár thug na tuairiscí nuachta le fios go raibh na sluaite ag ceiliúradh mar chreid siad go raibh al Megrahi neamhchiontach? (Cuimhnigh an gliondar a chuir fuascailt Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford as príosúin na Breataine ar mhuintir na hÉireann blianta ó shin.
fhuascailt settling
" Brú ón Dá Imeall Cén fáth mar sin go bhfuil an bac nua seo tógtha ag Robinson ar fhuascailt fhadhb aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt?Freagra: An TUV, the True Unionist Voice de chuid Jim Allister.
fuascailt a íoc pay a release
" Fuadaítear daoine a d’fhéadfadh fuascailt a íoc, ach uaireanta fiú má íoctar an t-airgead, ní thiocfar beo as.
fuascailt solve
" Bhí rud a bhí ina rún diamhair le fuascailt acu: an mhistéir mhór faoin chúis go bhféadfadh buntáiste fostaíochta a bheith ag duine le Gaeilge ar an duine nach raibh aige ach an Béarla.
fuascailt aigne mental deliverance
" Tuigeadh do Freud gur fuascailt aigne agus díbirt púcaí aigneolaíochta ba fheidhm don ghreann, ach mar a dúirt Ken Dodd tráth, “*the trouble with Freud is that he never had to play the old Glasgow Empire on a Saturday night after Rangers and Celtic both lost*.
Fuascailt solution
" Fuascailt na Faidhbe === Réiteach amháin ar cheist chrua na n-inimirceach neamhrialta ná cead a thabhairt dóibh a stádas a thabhairt chun rialtachta.
fuascailt faidhbe problem solution
" Ach dá fheabhas an dul chun cinn é sin, ní fuascailt faidhbe é, ná geall leis maidir le dúshaothrú na n-oibrithe baile.
airgead fuascailte ransom money
" Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.
Éiric Fuascailte ransom
" Éiric Fuascailte ======= Bíonn an lúbaireacht chainte chéanna ar siúl ag lucht polaitíochta abhus sa Fhrainc chomh maith ar ndóigh.
Fuascailt na faidhbe the solution
" Agus fé dheireadh fuarthas Fuascailt na faidhbe i riocht bunreachtuil.
chomórann fulaingt agus fuascailt celebrates suffering and redemption
" Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
fuascailt na faidhbe the solution
" Ní bhfuair geilleagar thíortha an Iarthair suaitheadh chomh mór ó bhí an ghéarchéim ola ann sna seachtóidí, ach mar sin féin, ní thig le ceannairí na hEorpa teacht ar aon intinn maidir le fuascailt na faidhbe.
ag tíocht chun cinn le muid a fhuascailt coming forward to free us
" How can it produce anything good in literature, art, or institutions as long as it is actuated by motives so contradictory?”* Ar ndóigh, ní mar a chéile an cás inniu le 120 bliain ó shin ach sa méid is go bhfuil an tír bheag atá againn i gcruachás arís agus gan de chuma ar an scéal go bhfuil aon smaointeoireacht nua ag tíocht chun cinn le muid a fhuascailt in aon bhealach.
a fhuascailt to rectify
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
Fuascailt relief
" Fuascailt ní bhfuair an déagóir dóite sin fé dheireadh, agus Fuascailt ní bhfuair tromlach comhghuaillithe Stephen ar an gcéad lá de chath cinniúnach an Somme i 1916.
níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht their only release is partaking in it together
" ” Saoránaigh coimthíocha iad araon ag an tsochraid sin, agus níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht.
comhábhair na fuascailte the ingredients for salvation
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
comhábhair na fuascailte the ingredients for salvation
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
fuascailt na faidhbe baincéireachta the alleviation of the banking problem
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
Fágfaidh mé fuascailt na ceiste sin I’ll leave that question
" Feictear beanna na hAlban ó Reachlainn ó áiteanna níos faide siar in Éirinn? Fágfaidh mé fuascailt na ceiste sin faoi mhuintir Inis Eoghain agus eile.
fuascailt na sclábhaithe daite nor the emancipation of the slaves
" Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá ná fuascailt na sclábhaithe daite ná duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol.
d’fhonn an fhadhb a fhuascailt in order to overcome the matter
" Ní hamháin sin, ach d’fhonn an fhadhb a fhuascailt – agus is mar fhadhb a thréithrigh rialtas an lae na cúrsaí seo – eagraíodh reifreann chun Bunreacht na hÉireann a leasú.
chun an fhadhb a fhuascailt to correct the problem
" Is dócha gurbh é a bhí i gceist leis seo ná go mba chóir go mbeadh dearcadh an íospartaigh lárnach do pé iarrachtaí a dhéantar chun an fhadhb a fhuascailt.
ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach awaiting its emancipating downloading finger
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
fulaingt gan fuascailt na mná féin the woman’s own ceaseless suffering
" Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.
a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach to release him from the Roman torture
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
ag fáil íocaíochtaí fuascailte receiving welfare payments
" D’áitigh siad go raibh méid as cuimse Éireannach i measc coirpigh na cathrach ach ag an am céanna gurb iad ba mhó a bhí ag fáil íocaíochtaí fuascailte.
a sholáthair an fhuascailt which delivered emancipation
" B’iad focail Merrick seachas seift na bpóilíní a sholáthair an fhuascailt.
b’ionann fuascailt na faidhbe the solution was equivalent to
" Ní fhéadfadh an tsochaí “normálachas” a bhaint amach gan an tírghrá sin a chuir béim ar oilithreacht speisialta na hÉireann, agus, más ea, b’ionann fuascailt na faidhbe agus: *“a succession of nationalistic movements, rising and falling, each dissolving into a period of reaction, of provincialism, yet each for all that leaving the nation a little more sturdy, a little more normal, a little less provincial than before.
fuascailt fadhbanna bunreachtúla éagsúla a leigheas to put to rest the settlement of various constitutional problems
" Teastaíonn uaidh sa leabhar seo fuascailt fadhbanna bunreachtúla éagsúla a leigheas.