Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
naíonra lán-Ghaelach all-Irish playschool
" Bhí muid sa bhaile ar feadh ceithre mhí agus bhí an péire acu ar naíonra lán-Ghaelach agus an Ghaeilge ar a dtoil acu.
an aibítir Ghaelach the Irish alphabet
" Ach faraor, ní raibh mé in ann an aibítir Ghaelach a léamh agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir linn an teanga a thairiscint an bhliain sin (ceapaim nach raibh sí le fáil go minic, ach an oiread).
sa tsochaí Ghaelach in Gaelic society
" Níl a fhios againn go fóill cé hé an gníomhaí ach ós é "Bullaí Mhártain" teideal an scéil, agus ó tá eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair.
ag foghlaim na cruite Gaelaí learning the Irish harp
" Ag foghlaim an cheoil ======= Le linn mo chuid staidéir ar an nGaeilge, bhí rudaí eile ar siúl i mo shaol, ní nach ionadh - bhí mé ag foghlaim na cruite Gaelaí, mar shampla.
ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach Gaelic football won't thrive
" Dáiríre, go dtí go mbíonn sé soiléir go n-íocfaidh imreoirí praghas daor as calaois "ghairmiúil" nó "chiniciúil", ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach.
lucht leanta na peile Gaelaí supporters of Gaelic football
" Féasta peile ======= Níl aon dabht faoi ach go bhfuil saol an mhada bháin ag lucht leanta na peile Gaelaí maidir le cluichí a bheith “beo” ar an teilifís.
scoil lán-Ghaelach an all-Irish school
" AÓF: Cén áit a raibh tú ar scoil? An Gaelscoil a bhí inti? An raibh béim ar leith ar an gceol inti? MNíE: Chuaigh mé go dtí Bunscoil Feirste, scoil lán-Ghaelach.
ar gháir chatha Gaelach on an Irish battle-cry
" Deirtear go bhfuil an t-amhrán “A Rush and a Push and the Land is Ours” bunaithe ar gháir chatha Gaelach a dtagraítear di i ndán de chuid Speranza (máthair Oscar Wilde).
ainm Gaelach a roghnú to choose an Irish language name
" ***AÓF: ******Cé a smaoinigh ar an ainm Líadan don ghrúpa?***SD: Thóg sé i bhfad orainn an t-ainm a phiocadh! Theastaigh uainn ainm Gaelach a roghnú agus bhí muid ag iarraidh go mbeadh an t-ainm banúil freisin.
ag lorg ceol Gaelach looking for Irish music
" Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shin – bhí pub Éireannach ag cara liom ann, The Dubliner nó ainm éigin mar sin, agus bhí sé ag lorg ceol Gaelach do Lá Fhéile Pádraig, tá a fhios agat an saghas ruda.
a dtaithí ar pheil Ghaelach their experience of Gaelic football
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
oidhreacht Ghaelach choiteann the common Gaelic heritage
" Tá Colmcille, an eagraíocht a chuireann oidhreacht Ghaelach choiteann Thuaisceart Éireann, na hAlban agus Phoblacht na hÉireann (idir theanga agus chultúr) chun cinn, tar éis sonraí na scéime sparánachta do 2007 a fhógairt.
tírdhreach Gaelach. a Gaelic landscape.
" Oileán draíochta, turas anama, tírdhreach Gaelach.
na diabhal réitigh Ghaelacha sin! some of those damn Irish solutions!
" Bail ó Dhia freisin ar chuid de na diabhal réitigh Ghaelacha sin! Ní minic riamh go mbíonn níos mó ná 1% idir an tallaí neamhoifigiúil agus toradh beacht an chéad chomhairimh.
na cluichí Gaelacha Gaelic sports
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
peil Ghaelach Gaelic football
" Go dtí sin, níor imir mé riamh ach peil Ghaelach agus iománaíocht.
cluiche peile Gaelaí Gaelic football game
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
íomhá den bhean Ghaelach image of the Gaelic woman
" Is dócha go maireann íomhá den bhean Ghaelach go fóill in aigne an Bhéarlóra – seanbhean mhantach ag ól a píopa.
rian beag Gaelach ar a chuid Béarla. they speak English with a trace of an Irish accent
" Cluineann tú Polannaigh, Spáinnigh, Rúisigh, achan duine acu agus rian beag Gaelach ar a chuid Béarla.
Cumann Gaelach Cultúrtha cultural Gaelic Society
"Cumann Gaelach Cultúrtha Montana ag tabhairt thraidisiún láidir na Gaeilge ar aghaidh sa stát álainn iargúlta sin.
ceol Gaelach Irish music
" Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe! Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt.
i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste in the active Irish language community of West Belfast
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
ní ba ghaelaí more Irish
" Agus scaifte níos deise ní thiocfadh leat cuireadh a thabhairt daofa, dream a chleacht an “ná déan nós is ná bris nós”: ag glacadh páirt go huile is go hiomlán ins na gníomhaíochtaí ar fad, ag éirí ní ba ghaelaí ná na Gaeil iad féin.
peil ghaelach gaelach football
" Cé gur ceantar láidir peile é Cois Fharraige, ní bhacann ceachtar acu le peil ghaelach a imirt, ach tá siad an-tógtha leis an iománaíocht.
níos Gaelaí more Irish
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
Riail Dhíreach an Riail Ghaelach direct rule gives Irish a free hand
" Riail Dhíreach an Riail Ghaelach ======= “Achan uile dhul chun cinn a rinne an Ghaeilge tháinig sé ó riail dhíreach Westminster,” ar sé.
fíor-Ghaelach Irish Irish
" Is é atá sa Ghaeltacht thall ná an chuid sin de Pháirc na Féile Gaelaí atá fíor-Ghaelach amach is amach; áit a mbíonn na fíor-Ghaeil agus a gcuid fíorchairde fíor-Ghaelacha agus fíor-Ghael-Mheiriceánacha Gaelacha agus a gcuid cairde fíor-Ghaelacha siúd.
ábhar Gaelach na linne contemporary Irish material
" Chuir sí féin agus a cara Anna Johnston nuachtán dar teideal Shan Van Vocht in eagar ó 1896-1899 inar cuireadh ábhar Gaelach na linne chun cinn, ó chomóradh céad bliain Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe go cluichí Gaelacha.
is Gaelaí most Irish
" … tá mé san Astráil – an tír is Gaelaí ar domhan taobh amuigh d’Éirinn féin.
an ghutha Ghaelaigh the Irish voice
" Imeallachas na scríbhneoirí, imeallachas an ghutha Ghaelaigh, imeallachas na Gaeilge agus cé déarfadh nach mionlach i gcónaí sinn in Éirinn na linne.
tréithe ‘Gaelacha’ Irish features
" Ba leithscéal iad na tréithe ‘Gaelacha’ seo chun an coilíneachas a ‘cheadú’.
de shliocht Gaelach of Irish extraction
" Tugann taighde Val Noone agus Mary Doyle (Astrálaigh de shliocht Gaelach agus daoine atá lárnach i bpobal na Gaeilge i Melbourne) an-léiriú ar stair na Gaeilge i Victoria agus tá leabhar á scríobh acu faoi láthair ar an ábhar sin.
fuil Ghaelach ann of Irish extraction
" Spéisiúil go maith is é Jose Rivera a chomhoibrigh le Salles ar na Diaries, scannán a d’inis scéal an réabhlóidí Ernesto Che Guevara – fear a raibh fuil Ghaelach ann ar ndóigh – go háirithe an tslí inar músclaíodh fealsúnacht réabhlóideach Che agus é ar turas fada gluaisrothair trí Mheiriceá Theas sna caogaidí.
rud dúchais Gaelach native Irish thing
" Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.
foireann peil ghaelach na scoile the school’s football team
" Beidh foireann peil ghaelach na scoile ag feabhsú a gcuid imeartha i gcluichí nuair a chasfaidh siad i gcoinne foirne óga i Sord agus i mBaile an Chaistil.
athbheochan an cheoil Ghaelaigh the rebirth of Irish music
" Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí *The Dubliners*, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile.
deoraithe Gaelacha a thionscain Irish exiles who started
" Gailísis Cois Laoi ======= Níorbh iad stiúrthóirí CLG ná deoraithe Gaelacha a thionscain an obair seo, ach lucht suime na Briotáine.
leagan Gaelach Irish version
" D’fhéadfaí a rá gur cruthaíodh coinbhinsean cosúil le cáipéas UNESCO cheana féin agus thugamar an leagan Gaelach de Bhunreacht na hÉireann air, leagan atá lán go béal le difríochtaí i gcomórtas leis an leagan Béarla.
a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte who have a very Irish appearance to their names
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.
eagraíonn siadsan imeachtaí Gaelacha they organize Irish events
" Tá Comunn Ceilteach anseo i StFX chomh maith agus eagraíonn siadsan imeachtaí Gaelacha cosúil le céilithe ó am go ham agus déanann siad iarracht i gcónaí an Ghaeilge a chur chun cinn fosta.
ar an tír is Gaelaí ar domhan is the most Irish country in the world
" Deirtear go minic go bhfuil an Astráil ar an tír is Gaelaí ar domhan, taobh amuigh d’Éirinn féin, agus is iomaí Gael a bhain clú amach sa tír seo.
ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith not just free but G. also
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
fhoinsí Gaelacha Irish sources
" Níl eolas agam ar fhoinsí Gaelacha ina bhfuil cuid mhór eolais faoi dhaoine gorma/dubha nó ina bhfuil mioneolas féin luaite, ach deirtear go bhfuil mainistreacha na hÉireann, go háirithe in iarthar na tíre, inspreagtha ag an diantréanas Shiriach agus Éigipteach.
a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha some of which still have a ban on Irish games
" Na coláistí galánta Caitliceacha, na scoileanna rugbaí más mian leat a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha, bhí orthu Gaeilge a mhúineadh do na daltaí, nó ní bhfaighfaidís isteach i UCD a thuilleadh! (Dála an scéil níor tugadh ariamh a dhóthain aitheantais do cheannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, John Redmond, as an dtacaíocht tábhachtach a thug sé don fheachtas ag an am, nuair a bhí ceannairí náisiúnta móra eile, ar nós John Dillon, ag cur go láidir ina aghaidh.
ceiliúradh ar oidhreacht Ghaelach ár gceoil a celebration of our Irish musical heritage
" Cé go ndéanaimid ceiliúradh ar oidhreacht Ghaelach ár gceoil agus ar an uilíochas a bhaineann leis – (cf.
tríd an bpeil Ghaelach through Gaelic football
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
Stail Ghaelach Irish Stallion
" Aodán: “ Is fíor sin, ach is dóigh liom go bhfuil imeachtaí sóisialta ar nós ‘Stail Ghaelach’, ‘Cailín Gaelach’, oícheanta ceoil, turais (Comórtas Peile na Gaeltachta mar shampla) agus araile chomh tábhachtach céanna leis na cluichí.
ar an tsaíocht Ghaelach dhúchasach to native Irish culture
" Sin ráite, bíonn fáil ar amhránaithe sean-nóis de chuid na cathrach le linn na hoíche le haird an lucht féachana a dhíriú ar ais ar an tsaíocht Ghaelach dhúchasach.
ach a bheith gaelach than being Irish
" Ach cad eile a dhéanfá? Níl faic níos nádúrtha le déanamh mar chaptaen buacach ar an lá is mó sa bhliain i bhféilire an CLG ach a bheith gaelach.
a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm who was playing the Irish harp
" Ba dhuine é de na chláirseoirí deiridh a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm agus tá lúcháir orainn go bhfuil an séadchomhórtha seo le feiceáil i gcroílár cheantar an chláirseora’ a dúirt Brian Walsh de chuid CCÉ na háite.
an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach the Gaelic identity and the Irish identity
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
ar a thóin bhreá leathan Ghaelach on his fine broad Irish arse
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
gcluichí Gaelacha a mhúineadh to teach (the habits) of the Irish games
" Beidh daoine de dhíth chun rialacha agus béascnaí na gcluichí Gaelacha a mhúineadh do mhuintir Sky agus do na daoine sin ar fad ar fud an domhain a bheas ag coimhéad na gcluichí craoibhe ar Chainéal na Spéire.
stair na peile Gaelaí go nuige seo the history of Irish football up to the present
" B'fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.
imreoirí na gcluichí Gaelacha Gaelic games players
" Féachann Colm Mac Séalaigh ar na hargóintí atá acu siúd a deir gur cheart imreoirí na gcluichí Gaelacha a íoc.
súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint to keep an eye on Gaelic football and hurling
" Tá Colm Mac Séalaigh ag caitheamh an tsamhraidh i gConamara ach tá ag éirí leis súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint, mar sin féin.
a spéis sa cheol Gaelach his interest in Irish music
" Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
na cluichí Gaelacha Gaelic sports
" Ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leo siúd a deir gur sárbhliain a bhí ann do na cluichí Gaelacha ach measann sé go raibh caighdeán na himeartha go han-mhaith mar sin féin.
faoi anáil an chultúir Ghaelaigh under the influence of Gaelic culture
" Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
óige ghaelach Ghalltachta his Irish youth in English Ireland
" Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar.
cúlra gaelach Irish background
" Cíorann Tony Birtill cúlra gaelach fear de na Ciaróga, Paul Mc Cartney, san alt seo.
scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid the story of our most Irish institution
" Bhuail Seosamh Mac Muirí le ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin le scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid a chíoradh.
cheol gaelach na Mór-Roinne European Irish music
" Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.
ar an tseandúchas gaelach thoir to his old eastern haunt(s)
" Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.