Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
togha na Gaeilge the best of Irish
" Is anseo a gheobhaidh tú Máire Uí Eaghráin taobh thiar den chuntar, bean uasal a bhfuil togha na Gaeilge aici agus croí mór flaithiúil fáiltiúil.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
gcomharthaí Gaeilge Irish language signs
" Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na gcomharthaí Gaeilge sa chathair é sin.
Bhunreacht na hÉireann the Irish Constitution
" Tá Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais i mbun athbhreithnithe ar Bhunreacht na hÉireann le ceithre bliana anuas.
bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge whether they be fluent or speak only a little Irish
" Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.
an fia mór Éireannach the great Irish deer
" Bhí an béar, an mamat, an réinfhia agus an fia mór Éireannach i measc na n-ainmhithe is luaithe.
an mórchú faoil Éireannach the giant Irish wolfhound
" An t-ainmhí atá mar shiombail na hÉireann, ar ndóigh, is é sin an mórchú faoil Éireannach.
Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge And it will serve Irish speakers right
" Agus a chonách sin ar mhuintir na Gaeilge má fhágtar gan ghuth iad, nó is fúthu féin stop a chur leis an síorchoilleadh.
na healaíona Gaeilge Irish language arts
" ach tá Féile 2002 ag iarraidh dearcadh eile ar na healaíona Gaeilge a chur os comhair an phobail.
Acadamh Ríoga na hÉireann The Royal Irish Academy
" Tá foclóirí beaga tagtha amach ó Collins, Oxford agus araile, ach tá stop iomlán tagtha ar an obair ar an bhfoclóir mór Gaeilge-Gaeilge a gheall Acadamh Ríoga na hÉireann dúinn fiche bliain ó shin, gan oiread is focal amháin foilsithe go fóill.
atá ar bheagán Gaeilge who know very little Irish
" **Antaine:** Agus céard faoi dhaoine a bheadh ag teacht isteach ón taobh amuigh atá ar bheagán Gaeilge? **Neansaí:** Go dtí seo ní raibh aon deacrachtaí againn.
an Ghráigis the Irish spoken in an Ghráig in the Kerry Gaeltacht!
" (Plibín rubair an Ghráigis a chuala air sin sula raibh an t-earra féin coitianta).
Óglaigh na hÉireann The Irish Volunteers
" Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913.
na glúnta imirceach Éireannach generations of Irish emigrants
" Tá sé seo oiriúnach go maith nuair a smaoiníonn tú gur seo an chéad radharc a fuair na glúnta imirceach Éireannach ar Chathair Nua-Eabhrac.
phór Éireannach Irish seed
" Lena chois sin, ní hamháin gur plandaí atá le fáil in Éirinn atá san ionad ach is plandaí iad a d'fhás ó phór Éireannach.
téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge standardised authoritive terminology in Irish
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a chur ar fáil d'earnáil an oideachais.
muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol confident of the capacity of the Irish language to describe their lives accurately
" Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol.
Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana Irish people support the English team
" *400 céim: Reonn Ifreann* Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana.
dianchúrsa Gaeilge intensive Irish language course
" Ceann de na himeachtaí is tábhachtaí den scéim seo ná dianchúrsa Gaeilge atá á chur ar fáil do Bhéarlóirí atá pósta le daoine a bhfuil Gaeilge acu.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Ní raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ná ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig sí fiú gur de shliocht Éireannach í féin.
an-bháúil leis an Ghaeilge very well-disposed towards Irish
" Is beag béim a bhí ar an teanga san ionad roimhe seo ach deir Nikki go bhfuil siad an-bháúil leis an Ghaeilge agus sásta gach tacaíocht a thabhairt dá cuid iarrachtaí féin í a chur chun cinn.
sa Ghaeilge Ársa in Ancient Irish
" Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa.
bhídís ag labhairt na Gaeilge they used to speak Irish
" " Rud eile ba chuimhin leis faoi ná nuair a bhí An Bráthair Beausang in Áth Dara bhí foirne iománaíochta na scoile faoina chúram agus bhídís ag labhairt na Gaeilge ar pháirc na himeartha.
léitheoirí Gael-Mheiriceánacha Irish-American readers
" " Cé go bhfuil a fhoilsitheoir fós ag iarraidh conradh leabhair a fháil do Collins in Éirinn, tá ráchairt an-mhór ar an úrscéal i measc léitheoirí Gael-Mheiriceánacha.
an reibiliúnach glic Éireannach the crafty Irish rebel
" I *Terrible Angel*, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í.
ghaolta Éireannacha Irish relations
" Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha.
fá dtaobh di about it (Irish)
" A leithéid d'aineolas! Ach faraor, creidim go bhfuil cuid mhaith Meiriceánach aineolach mar mé féin fá dtaobh di.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go bhfios dom ag an am, ní duine de shliocht Éireannach a bhí ionam.
an-chuid Gaeilge a lot of Irish
" Caithfidh mé a admháil cé nach bhfuil mé ró-thógtha le cúrsaí spóirt, gur breá liom go mór an páipéar sin agus d'fhoghlaim mé an-chuid Gaeilge uaidh.
leis an Ghaeilge a chaomhnú to preserve the Irish language
" Is mór an taca fosta an choláiste Gaeilge leis an Ghaeilge a chaomhnú.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
cáipéisí a dhréachtú draft documents in Irish
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
Gaeil-Mheiriceánacha Irish Americans
" Tá Doherty i measc na gcéadta mac léinn - Éireannaigh, Gaeil-Mheiriceánacha agus daoine nach Éireannnaigh iad - atá ag dul i mbun staidéir go bliantúil in Institiúid Mhic Eochaidh don Léann Éireannach, institiúid de chuid Ollscoil Notre Dame a bhfuil an-iomrá uirthi.
Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo The Irish language is particularly popular here
" Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo.
cruinneas sa Ghaeilge accuracy in Irish
" Cén obair a dhéanann Aonad na Gaeilge anois? Cúrsaí: Tá clár cuimsitheach de chúrsaí teanga ag leibhéil éagsúla á stiúradh ag Aonad na Gaeilge (*ab initio*, bunrang, meánrang 1, meánrang 2, ardrang agus cruinneas sa Ghaeilge).
chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú to strengthen the physical environment of Irish
" ar fud na hOllscoile chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú.
Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach Diploma in Applied Irish
" Go mbeadh cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge (Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach, b'fhéidir) ar fáil do mhuintir na hOllscoile agus do mhuintir an cheantair.
Go mbreathnófaí ar an nGaeilge that Irish be looked upon
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbreathnófaí ar an nGaeilge mar theanga bheo, go samhlófaí craic agus siamsaíocht léi, go mbeadh deiseanna ag gach aoisghrúpa a rogha rud a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ina gceantar féin.
caighdeán Gaeilge standard of Irish
" Go mbeadh deis ag gach dalta iar-Ardteiste an caighdeán Gaeilge atá aige a choinneáil.
a d'aithneodh Gaeilgeoirí that Irish speakers would recognise
" Cé gur scar na teangacha sin ón Ghaeilge i bhfad ní ba luaithe, tá cúpla focal Briotáinise a d'aithneodh Gaeilgeoirí, mar shampla, *du *(dubh); *glas *(glas agus gorm); *kamm *(cam); *mat *(maith); *kanan *(canadh); agus *an ti *(an teach).
Athbheochan na Gaeilge the Irish Language Revival
" Thug scríbhneoirí mar John Millington Synge agus William Butler Yeats cuairt ar an oileán agus tháinig Pádraig Mac Piarais agus go leor eile de lucht Athbheochan na Gaeilge go hÁrainn timpeall céad bliain ó shin.
leis an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
ghníomhaithe Gaeilge Irish language activists
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht? Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart.
na Poblachtánaigh Éireannacha the Irish Republicans
" Tuigtear go forleathan go bhfuil na míleataigh Ioslamacha i bhfad níos contúirtí ná na Poblachtánaigh Éireannacha, mar is cuma leo má bhfaigheann siad féin bás nó má mharaíonn siad sibhialtaigh.
iar-Ollamh le Gaeilge former Professor of Irish
" Fear a bhfuil taithí ar an spotsolas aige é an scoláire mór agus iar-Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá anois ina shagart paróiste sa Daingean, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí.
naíonra lán-Ghaelach all-Irish playschool
" Bhí muid sa bhaile ar feadh ceithre mhí agus bhí an péire acu ar naíonra lán-Ghaelach agus an Ghaeilge ar a dtoil acu.
Chumann Easpórtálaithe na hÉireann Irish Exporters Association
" De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan.
Bhíos féin ag múineadh Gaeilge I myself was teaching Irish
" Bhíos féin ag múineadh Gaeilge thar lear agus go minic bhíodh sé deacair ag mic léinn teacht ar mhúinteoir; agus go minic nuair a thagadh, d'imíodh an múinteoir sin tar éis tréimhse agus bhíodh sé deacair duine eile a aimsiú.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Go mbunófaí Ollscoil lán-Ghaelach sa Ghaeltacht agus, tríd an idirlíon, go gcuirfí a cuid cúrsaí ar fáil do dhaoine de shliocht Éireannach timpeall an domhain.
in éadan fhoréigean na bpoblachtánach Éireannach against Irish republican violence
" Ní hamháin go bhfuair John Hume Duais Síochána Nobel de bharr na páirte lárnaí a ghlac sé i bpróiseas na síochána, ach labhair sé amach go neamhbhalbh agus go leanúnach in éadan fhoréigean na bpoblachtánach Éireannach.
chan Éireannaigh not Irish people
" "Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.
dá chomh-Chaitlicigh Éireannacha of his fellow Irish Catholics
" Is cinnte go raibh go leor dá chomh-Chaitlicigh Éireannacha - agus iad ag troid le Protastúnaigh Nua-Eabhrac chun cothroime pholaitiúil agus shóisialta a bhaint amach - den bharúil gur cheart do McAuley fanacht i Sing Sing.
feabhas a chur ar do chuid Gaeilge to improve your Irish
" ÉÓD: An bhfuil plean nó straitéis ar bith eile ar intinn agat chun cuidiú leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? SF: Cailín Gaelach a phósadh! *Is é Éamonn Ó Dónaill eagarthóir *Beo!
tuistí neamh-Éireannacha non-Irish parents
" Deir Uachtarán an Choimisiúin go dtacóidh an Coimisiún freisin i gcás cúirte le leithéidí Mr Jamie Sinnott a bhí ag éileamh cearta oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, nó le tuistí neamh-Éireannacha ar rugadh a bpáistí sa stát seo.
ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach rattling away in ugly/sexy Irish
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An fhís atá agam féin ná go mbeidh vaimpír álainn baineann ag siúl shráideanna na cathrach istoíche ag baint plaiceanna as daoine agus, in áit vaimpír a dhéanamh astu, go dtosnóidh siad ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach agus nach fada go mbeidh pobal iomlán na cathrach claochlaithe.
an Ghaeilge ar a dtoil fluent Irish
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
bealach teilifíse Gaeilge Irish language television channel
" Tá muid faoi chomaoin acu sin a throid ar son Raidió na Gaeltachta, ansin Gaeilge ar an teilifís agus, ina dhiaidh sin, bealach teilifíse Gaeilge.
sáite i gcúrsaí Gaeilge involved in the Irish language
" Thaitin saol na hollscoile go mór leis agus bhí sé sáite i gcúrsaí Gaeilge le linn na tréimhse ansin.
de shliocht Éireannach of Irish descent
" Soilseadh an ghrian! Sin an rud atá á rá ag Tim Carey agus ag go leor daoine eile i Nua-Eabhrac ar de shliocht Éireannach iad, agus ní go díreach toisc gur mhaith leo laethanta leisciúla samhraidh a fheiceáil tar éis aimsir chomh léanmhar sin a bheith ann i rith an gheimhridh.
an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Níl mé ar an choiste níos mó, ach tá mé i dteagmháil leo fós mar is mian liom an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo.
athbheochan na Gaeilge Irish language revival
" Is dóigh liom go bhfuil "athbheochan na Gaeilge" ann le cúpla bliain anuas agus tá súil agam go rachaidh an teanga ar aghaidh ag fás san am atá le theacht.
Scéala Éireann* The Irish Press
" Ag caint le *Beo!*, dúirt Tim Pat Coogan go bhfuair sé cuireadh ó Ambasadóir na Breataine dul go Londain le léargas a thabhairt ar an dearcadh poblachtánach nuair a bhí sé ina eagarthóir ar *Scéala Éireann*.
dianchúrsaí Gaeilge intensive Irish language courses
" Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Ritheann Dáil Uladh imeachtaí deireadh seachtaine agus dianchúrsaí Gaeilge i rith na bliana.
ar mhaithe leis an Ghaeilge for the Irish language
" Ceapaim nach dtuigeann an rialtas an méid oibre atá á dhéanamh ag eagraíochtaí mar Dháil Uladh ar mhaithe leis an Ghaeilge.
san Acadamh Ríoga in the Royal Irish Academy
" Fiontar ======= An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! san Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé.
go gcuimseodh an ollscolaíocht trí Ghaeilge that Irish language univesity education would include
" Tá sé tábhachtach go gcuimseodh an ollscolaíocht trí Ghaeilge an t-oileán ar fad.
an nGaeilge i gcló Irish in print
" Ach mar chomhúinéir ar chomhlacht foilsitheoireachta í féin anois, is é sin Cois Life a bhunaigh sí lena cara Seán Ó Cearnaigh i 1995, an mbíonn imní áirithe uirthi faoin todhchaí atá ann d'fhoilseacháin Ghaeilge mar *Comhar*? "Tá dúshlán faoi leith ag baint le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge i gcló ó thaobh margadh a aimsiú dó.
Gaeilgeoir Irish speaker
" Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
le m'andúil sa Ghaeilge a chothú to support my addiction to Irish
" Dúirt mo bhean chéile liom go raibh mé ag obair ar mhaithe le m'andúil sa Ghaeilge a chothú.
loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo Irish diplomats failed the fishermen of this country
" Níl aon dabht ach gur loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo an lá a ghlac siad leis an socrú áirithe seo.
chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge it would create a demand for services through Irish
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann that the ownership of Irish land was transferred
" Má chreidimid na leabhair staire, chinntigh feachtas Michael Davitt agus Chumann na Talún in 1879, agus na hachtanna a lean é, gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann ón tiarna talún go dtí an tionónta.
fán Ghaeilge a dhípholaitiú about depoliticising Irish
" Ach cad é fán chaint seo fán Ghaeilge a dhípholaitiú ó thuaidh? Nárbh fhearr í a "ilpholaitiú"? "Tuigim go bhfuil daoine ag baint úsáide as an teanga le "pointí a scóráil" ar dhreamanna eile, ach fiú Sinn Féin, cuir i gcás, níl iontu ach polaiteoirí a fuair vótaí le bheith ar son na teanga agus í a chur chun tosaigh.
ina raibh na páistí á dtógáil le Gaeilge in which the children were being reared through Irish
" I dtrátha an ama chéanna, bhog clann Ghearóid go Cill Uaigh ar imeall iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh Clann Mhic Ainmhire ina gcónaí, ceann de na chéad teaghlaigh ina raibh na páistí á dtógáil le Gaeilge.
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Museum of Modern Art
" Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.
i nGaeilge bhlasta bhinn in sweet well-spoken Irish
" "Rugadh agus tógadh i Siceagó mé," a mhínigh sé dom i nGaeilge bhlasta bhinn.
Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann The Irish Hospitality Industry Alliance
" Tá eagraíocht nua, Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann, bunaithe acu.
tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge you are now where the best of Irish is to be found
" Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
an aibítir Ghaelach the Irish alphabet
" Ach faraor, ní raibh mé in ann an aibítir Ghaelach a léamh agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir linn an teanga a thairiscint an bhliain sin (ceapaim nach raibh sí le fáil go minic, ach an oiread).
a d'ordódh deoch as Gaeilge who would order a drink in Irish
" Bhí ráfla ann go bhfaigheadh aon duine a d'ordódh deoch as Gaeilge ar leathphraghas í, rud nár dheimhnigh mé riamh.
Bunreacht na hÉireann the Irish Constitution
" D'aistrigh a uncail Bunreacht na hÉireann go Gaeilge na blianta ó shin.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Éireannaigh ann, daoine de bhunadh Éireannach, agus daoine nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn seachas an tsuim atá acu sa teanga nó sa chultúr.
timpeallacht Ghaeilge Irish language environment
" Níl aon timpeallacht Ghaeilge i Sasana-Nua, ar an drochuair.
éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh the demands of the Irish language community in the north
" Iarradh ar Aled Eirug tuarascáil a scríobh ar an dóigh ab fhearr a dtiocfadh leis "an chraoltóir náisiúnta" dul chun cinn a dhéanamh maidir le freastal ar éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh.
chun labhairt na Gaeilge a spreagadh to encourage the speaking of Irish
" An té a cheapfadh nach bhfuil a lán Gaeilgeoirí anseo i bpríomhchathair na hEorpa, an Bhruiséil, ní bheadh an ceart aige in aon chor! Ní thógann sé ach duine amháin chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus is iontach an rud é an "*domino effect*" a fheiceáil.
Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge Irish was really thriving
" Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge sa Bhruiséil nuair a bhí Gearóid Ó Cléirigh, file, mar Ambasadóir na hÉireann sa Bheilg i lár na nóchaidí.
chur chun cinn na Gaeilge the promotion of Irish
" Cloistear go minic na laethanta seo go bhfuil airgead rialtais gann agus go bhfuil sé deacair maoiniú a fháil do chur chun cinn na Gaeilge.
comhlacht feola Éireannach an Irish meat company
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
rúnaí Éireannach Irish secretary
" Creidim féin go bhfuil an ceart ag rúnaí Éireannach an NUJ, Seamus Dooley, nuair a deir sé go mba chóir do bhunús reachtúil a bheith ag an chomhairle preas nua ach gan é a bheith faoi smacht an stáit.
is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo it is the Irish people who would suffer the most as a result of this
" Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
athshealbhú na Gaeilge the repossessing of Irish
" Chím athshealbhú na Gaeilge mar chéim thábhachtach i saol roinnt mhaith de na gnáthdhaoine an tír seo sna blianta atá amach romhainn.
leis an Ghaeilge a chur faoi chois to suppress the Irish language
" An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.
Á brú siar sa scadán ag daoine shoving it (Irish) down people's throats
" Á brú siar sa scadán ag daoine, an dóigh chéanna ar brúdh Béarla orthu, céad go leith bliain ó shin ná mar sin.
an Léann Éireannach Irish Studies
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
dála na nÉireannach like the Irish
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Tá impleachtaí fuaimintiúla i gceist anseo a bhaineann le pobal na hÉireann ar fad, agus ní le lucht labhartha na Gaeilge amháin.
Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha the Director of Spoken Irish
" Cathain a bunaíodh Áras Mháirtín Uí Chadhain agus cé a bhunaigh é? D'oscail Coláiste na hOllscoile Gaillimh go páirtaimseartha é i 1977 agus go lánaimseartha i 1985, faoi scáth Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha sa choláiste, Peadar Mac an Iomaire.
Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge Irish Language Acquisition and Preservation Centre
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
forbairt na hollscolaíochta Gaeilge the development of Irish language university education
" De bharr na forbartha suntasaí seo atá déanta ag Áras Mháirtín Uí Chadhain agus ag Oifig na Gaeilge Labhartha i dtaca le forbairt na hollscolaíochta Gaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhunú mar gur aithin sé go raibh gá le tabhairt faoin réimse seo ar bhonn straitéiseach.
Go ndaingneofaí an Ghaeilge that Irish be strengthened
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go ndaingneofaí an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh, oibre, sóisialta agus i ngach gné de shaol na Gaeltachta.