Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trí mheán na hIodáilise through the medium of Italian
" Bhuel, le cúpla mí anuas anois tá mé ag iarraidh na rudaí sin uilig a dhéanamh trí mheán na hIodáilise.
de bhunadh na hIodáile of Italian origin
" Tá sé d’aidhm acu deireadh a chur le réimeas Silvio Berlusconi, a bhfuil géarcháineadh déanta acu air, agus feabhas a chur ar sheirbhísí d’Iodálaigh thar lear, daoine aosta go háithrid, agus cúrsaí Iodáilise a chur ar fáil do dhaoine de bhunadh na hIodáile.
in aghaidh na nIodálach. against the Italians.
" Ach d’imir siad go maith, agus níor chuir siad náire ar dhuine ar bith, murarbh ionann agus Manchester United nuair a d’imir siadsan in aghaidh na nIodálach.
de phobal na hIodáile of the Italian public
" Léirigh pobalbhreith a rinne *The Financial Times*/ Harris anuraidh gur bhraith 75 faoin chéad de phobal na Spáinne, 71 faoin chéad de phobal na Gearmáine, 69 faoin chéad de phobal na Breataine, 68 faoin chéad de phobal na hIodáile agus 64 faoin chéad de phobal na Fraince gur cheart go mbeadh deis acu vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh an chonartha úir.
an ghrúpa seo sean-Iodálach this group of old Italians
" Ní raibh sé ar intinn acu drochmheas a léiriú agus díobháil a dhéanamh, ach mar sin féin thaispeáin scéal grinn an ghrúpa seo sean-Iodálach chomh deacair is a bheas sé fáil réidh leis an seandearcadh atá ag daoine áirithe sna Stáit Aontaithe i leith na nGormach.
i gcoinne na nIodálach, against the Italians
" Bheinn ag súil go mbuafaidh na hÉireannaigh agus iad ag imirt i gcoinne na nIodálach, agus b’fhéidir i gcoinne na hAlban, i gComórtas na Sé Náisiún.
suíomh na mbialann Iodálacha location of the Italian restaurants
" Má chlóscríobhann tú an focal "pizza", mar shampla, taispeánfar duit ar an léarscáil suíomh na mbialann Iodálacha atá cóngarach don áit a bhfuil tú.
hIodáile Italian
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
tIodálach Italian
" Sula bhfuair sé an post sa Bhruiséil, bhí an tIodálach ag teagasc Léann Iosrael (ábhar a bunaíodh go príomha le híomhá Iosrael a chur chun cinn, dar le Mearsheimer agus Walt) ag Ollscoil Oxford tar éis céim dochtúra a fháil san Ollscoil Eabhrach in Iarúsailéim.
seancheantar na nIodálach old Italian district
" Chaitheamar an Satharn sna hiarsmalanna, a raibh de ráchairt orthu go raibh orainn seasamh i scuainí ar feadh cúpla uair an chloig, agus oíche Dé Sathairn d'itheamar i mbialann bheag in *‘Little Italy’*, seancheantar na nIodálach sa chathair atá anois ina cheantar bialainne.
Tionchar na hIodáile the Italian influence
" Tionchar na hIodáile ======== Tá breis is 50 saothar ealaíne le feiceáil sa taispeántas seo agus iad leagtha amach de réir téamaí i ndeich seomra.
tá an Iodáilis faoi ghradam Italian is highly regarded
" Ach maidir le hInis Meala, tá biseach ar an teanga dhúchais ann, agus tá an Iodáilis faoi ghradam, rud nach iontach, mar níl cósta na Sicile ach 60 míle ó thuaidh de.
de shliocht na hIodáile of Italian descent
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
le hais seanphór na hIodáile as compared to the older strain of Italians
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
fuil Iodálach Italian blood
" ” Ó thaobh a mháthar de, tá fuil Éireannach inti ach fuil Iodálach, Fhrancach, agus Inceach chomh maith.
mamaithe Iodáileacha Italian mothers
" N’fheadar conas mar a d’éirigh leis na céadta mamaithe Iodáileacha go dtí seo? An difríocht is mó idir an Foodini s’acu (atá fós le seoladh) ná gur cruthaíodh mar uirlis cistine é agus is féidir do rogha bia a chur ann.
slachtaíocht na nIodálach the Italians’ style
" Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta.
labhairt na hIodáilise go líofa fluency in Italian
" Níl labhairt na hIodáilise go líofa agam, ach bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh le mo chuid Iodáilise a fheabhsú.