Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síorfhógraíocht na Nollag the incessant Christmas advertising
" Ní hiad an chéad rogha atá agam, ach b'fhearr liom eachtraí Hercules nó Batman a thaispeáint do mo chuid gasúr in áit ligint dóibh síorfhógraíocht na Nollag a shlogadh isteach ón teilifís.
féirín iontach Nollag a great Christmas present
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
um Nollaig at Christmas
" Agus mise i mo ghasúr sna caogaidí (roimh theacht na teilifíse), bhíodh nós againn a bheith ag canadh ag ócáidí teaghlaigh, um Nollaig mar shampla.
cóisir Nollag Christmas party
" Toghadh Maskey mar Ardmhéara anuraidh agus i mbliana chuaigh roinnt ball den DUP chuig cóisir Nollag Shinn Féin i Halla na Cathrach.
bronntanas Nollag gan choinne an unexpected Christmas gift
" Mar shampla, fuair inimircigh gan cháipéisí ar fud na Stát Aontaithe bronntanas Nollag gan choinne an mhí seo caite ó oifigeach sinsearach i rialtas Bush.
pléascóga Nollag Christmas crackers
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag.
maisiúcháin Nollag Christmas decorations
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
císte Nollag Christmas cake
" Deinim an císte Nollag agus an phutóg chéanna a dhein máthair mo chéile, Mary O’Shea.
Nollaig na mBan Little Christmas
" AÓF: Céard an rud is tábhachtaí duitse faoin Nollaig? MNíB: Go dtagann ár gclann abhaile agus go dtagann daoine abhaile ó Mheiriceá agus ó Shasana agus go mbíonn comhluadar deas againn ag Aifreann meán oíche, dinnéar na Nollag, Lá an Dreoilín agus Nollaig na mBan.
pléascóga Nollag Christmas crackers
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag.
fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag the decayed remains of the Christmas dinner
" B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
fá choinne chóisirí na Nollag. for the Christmas parties
" I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag.
mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag as the heart of the Christmas toy industry
" Tá clú air mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag agus as déantús an *Elisenlebkuchen*, arán sinséir.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
bronntanais Nollag Christmas presents
" Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
bronntanais Nollag Christmas presents
" Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
Nollaig bhán white Christmas
" *(Tá sorry orm, a eagarthóir!)* Ní raibh Nollaig bhán ann ar fud na tíre, ach bhí an Nollaig bán go leor in áiteanna áirithe, a bhuíochas sin don chóicín ar fad a bhí dá smúradh ag liúdair agus ag óinseacha agus ag gamail na hÉireann.
Oileán na Nollag Christmas Island
" Ba ghnách leis na gáinneálaithe na teifigh a fhágáil ar oileán éigin ar chósta thuaidh na tíre nó ar Oileán na Nollag, ar críoch de chuid na hAstráile é atá suite san Aigéan Indiach.
strus na Nollag the Christmas stress
" Thosaigh strus na Nollag domsa i bhfad sular bhain mé an baile amach.
trácht na Nollag the Christmas traffic
" Is maith an rud go bhfuil siad ina gcónaí gar go leor dá chéile, óir chuirfeadh trácht na Nollag iomlán ar mire thú.
um Nollaig over Christmas
" Thug mé cuairt ar Naíonra Learphoill um Nollaig.
tréimhse na Nollag the Christmas period
" Bhíothas ag súil go mbeadh sé foilsithe le linn tréimhse na Nollag agus mhaígh an tAire ansin gur um Cháisc a fhoilseofaí é.
Leasa Shóisialaigh na Nollag Christmas social welfare
" * Deireadh le Bónas Leasa Shóisialaigh na Nollag.
Oileán Nollag Christmas Island
" De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.
Nollaig Shona a Happy Christmas
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
Dhaidí na Nollag Santa
" “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!” Breast Rúdolf! Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Cóca Cóla.
um Nollaig at Christmas
" Ní féidir a shéanadh go mbíonn an iomarca béime anois ar chúrsaí tráchtála agus ar chaiteachais um Nollaig, ach is féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
i rith na Nollag during Christmas
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
Nollaig na Leanaí Christmas
" Tá muid idir dhá Nollaig, a chairde: idir Nollaig na Leanaí agus Nollaig na mBan.
Nollaig na mBan 6 January
" Tá muid idir dhá Nollaig, a chairde: idir Nollaig na Leanaí agus Nollaig na mBan.
amhráin Nollag Christmas songs
" Agus timpeall ar bhord caol fada san ionad pobail, comhluadar de chineál eile, deichniúr nó mar sin ina suí uillinn le huillinn ag casadh amhráin Nollag na Polannaise agus iad ag baint súmóga fada blasta as a gcuid muigíní.
aistíl áirithe Nollag amháin one Christmas experience
" html> Tá aistíl áirithe Nollag amháin feicthe againn le blianta beaga anuas: an comharsa sin a n-ollmhaisíonn an teach s’acu.
dhinnéir éagsúla na Nollag various Christmas dinners
" Bhí fuílleach dreoite dhinnéir éagsúla na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
eagrán na Nollag the Christmas edition
" Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh.
idir dhá Nollaig between Christmas and Jan. 6th
" Ach cén fáth? Oíche néalghealaí idir dhá Nollaig, an ghaoth ag éirí, bóthar an tsléibhe ag lúbadh go cleasach os ár gcomhair, agus brádán báistí ag cur craicinn shleamhain air.
ina aitheasc Nollag in his Christmas address
" Thagair an rí, más go cliathánach féin é, do chás Iñaki Urdangarin ina aitheasc Nollag, agus béim á leagan aige ar chothroime an dlí.
mbeadh an chearc fhrancach ag vótáil ar son na Nollag the turkey would vote for Christmas
" Tar éis an tsaoil, níor cheart go mbeimis ag súil go mbeadh an chearc fhrancach ag vótáil ar son na Nollag! Is Críonna an Té a Chinnfeas =========== Ba bheag drogall, áfach, a bheadh ar pholaiteoirí na tíre glacadh le leasú ar Airteagal a 29 a bhaineann lenár mballraíocht san Aontas Eoraip.
mar bhronntanas Nollag as a Christmas present
" Ba mhaith linn go dtabharfá cóip den dá leabhar do gach duine ar domhan mar bhronntanas Nollag, nó tá muid beirt den bharúil go ndéanfadh sé leas an domhain an dá leabhar sin a bheith léite ag gach duine.
ar bhur mianta Nollag your Christmas wishes
" Tá an Late Late Toy Show buailte linn agus mé ag machnaimh go dian ar bhur mianta Nollag, a chairde nerd.
i lár mhí na Nollag in the middle of December
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
idir an dá Nollaig before Little Christmas
" - Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga… Ní bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an dá Nollaig – aon trí lá is maith leo.
ní bheidh biseach ar bith faoin Nollaig do there’ll be no Christmas bonus for
" “Anois,” a deir sí “ní bheidh biseach ar bith faoin Nollaig do na píolótaí ná na sclábhaithe – oops! searbhóntaí – oops! freastalaithe cábáin – ó sea! na freastalaithe cábáin! Ní bheidh bónas ar bith ag duine ar bith (seachas mé féin!).
cóisir sna flaithis um Nollaig a party in heaven at C.
" ” Tuaisceartach Ó Ciaráin ========= Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana.
gach dea-ghuí don Nollaig best wishes for Christmas
" Ba mhaith liom gach dea-ghuí don Nollaig agus don Athbhliain a sheoladh chuig muintir na hÉireann uilig, agus go háirithe ar shlí speisialta d’ár n-imircigh thar lear, agus d’iomlán chlanna Gael, pé áit ar domhan iad.
ag iarraidh an Nollaig a scriosadh ar trying to ruin Christmas for
" Tá a leithéid againn ó thuaidh - the IRA (Grinch Wing) nó Grintseanna na hÉireann, mar le tamall anuas, de thaisme nó d’aonturas, bhí easaontóirí poblachtánacha ag iarraidh an Nollaig a scriosadh ar phobal Bhéal Feirste.
Faoi Nollaig at Christmas
" Faoi Nollaig seo caite atá tús an scéil.
beannachtaí na Nollag Christmas blessings
" Tá fonn air beannachtaí na Nollag a ghuí ar roinnt daoine, mar sin féin.
mar bhronntanas Nollag. as a Christmas present
" Is seoid é an cnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, dar le Caoimhe Ní Laighin, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.
bronntanais Nollag Christmas presents
" Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí.
soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach the bright Christmas lights winking merrily
" Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta, gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.
Nollaig bhog a soft Christmas
" Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.