Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ré órga golden age
" Agus daoine ag tagairt don chluiche ceannais sin 40 bliain ó shin, is minic a deirtear go bhféadfadh ré órga a bheith ag an iománaíocht i mBaile Átha Cliath, faoi mar a tharla ar ball in Uí bhFháilí agus i nGaillimh, dá mba rud é gur rug báireoirí na hardchathrach Craobh na hÉireann agus Corn Liam Mhic Cárthaigh leo an bhliain áirithe sin.
ré órga golden age
" Ní hamháin sin ach chuir siad tús le ré órga i stair an chumainn mar, ag deireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí, bhuaigh an cumann gach cineál comórtais, idir shraithchomórtais, chraobhchomórtais agus choirn, i ngrád na sóisear, idirmheánach agus sinsear, ach amháin an ceann mór, is é sin an craobhchomórtas sinsear.
ré órga golden era
" Dheineamar amhráin le hElla Fitzgerald, Cole Porter, Hoagy Carmichael, Johnny Mercer, amhráin ó ré órga cheol Mheiriceá.
ré órga glory days
" Bhí Frank McCourt, Dennis Duggan agus naoimh is peacaithe eile Éireannacha i láthair chun comhghairdeas a dhéanamh le McEvoy, fear a raibh eolas maith aige féin ar an "Head" le linn ré órga an tábhairne.
ré órga golden era
"ré órga i ndán don Ghaeilge má bhíonn dream deonach den chineál seo ag plé léi.
ag caitheamh i ndiaidh na ré órga pining after the golden era
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
ré órga golden era
" Is iad na ceoltóirí is fearr liomsa ná iad siúd a chleachtaigh agus a raibh grá acu do gach gné den traidisiún - daoine mar Shéamus Ennis, Willie Clancy, Breanndán Ó Beaglaoigh - agus tú féin, ar ndóigh! AÓF: Agus cén rud dearfa is mó a phiocfá amach? TM: Bhuel, ceapaim gur cheart dúinn a thuiscint, má bhí ré órga riamh ann do cheol traidisiúnta na hÉireann, gur anois atá sé ann.
ré órga golden era
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
an Ré Órga the Golden Age
" Ba é an 17ú haois an Ré Órga agus sa tréimhse sin rinne réaltaí ar nós Rembrandt, Vermeer agus Frans Hal ceannródaíocht i saol na healaíne.
ré órga na sléibhteoireachta the golden era of mountaineering
" Bunaíodh na clubanna seo idir 1857 agus 1893, ré órga na sléibhteoireachta.
ré órga golden era
" Tá daoine ag rá freisin gur eisceacht a bhí sa tréimhse 1950-2000, an “ré órga”, nuair a bhí neart báistí ann agus na feilméaraí uilig sona sásta agus ag carnadh an airgid.
ré órga na cumarsáide. the golden age of communications.
" Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga na cumarsáide.
foireann na ré órga sin a ainmniú to name the team of that golden era
" An fhoireann is fearrDá mbeadh orm foireann na ré órga sin a ainmniú níl aon dabht orm ná gurb í foireann Uíbh Fhailí ab fhearr ar fad, b’fhéidir an fhoireann iomána is fearr a chonaic mé riamh.
ré órga golden age
" Bhí ré órga fhoireann pheile Átha Cliath faoi lán seoil.
ré órga golden age
" ré órgaBa é seo ré órga na nGormach i Meiriceá.
ré órga na heagraíochta Gael Linn the golden era of the Gael Linn organisation
" Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na *Anoraks* é! Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom.
ré órga golden age
" Thosaigh ré órga theilifíse an tsnúcair nuair a bhuaigh Alex Higgins ar Ray Reardon i gCraobh an Domhain in 1982.
ré órga golden age, era
" Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim chun deiridh.
ré órga golden age
" Gliceas ab ea é a d’oibrigh dó i 1965 agus arís i 1975 agus go minic ina dhiaidh le linn ré órga pheile Chiarraí idir 1975 agus 1986.
Ré Órga na hÉireann Ireland’s Golden Age
" ie a sheoladh nuair a tháinig deireadh le mo ré; deireadh le Ré Órga na hÉireann.
le linn ré órga na spástaiscéalaíochta during the golden era of space travel
" Ach rinne Kittinger a éacht le linn ré órga na spástaiscéalaíochta.
ina "ré órga during their golden age
" D'athraigh na Trioblóidí sin uilig agus ní bheidh an smacht céanna ag aontachaithe is a bhíodh acu ina "ré órga".
ré órga nua i stair a new golden era in the history
" Leis sin, bhí tús curtha le ré órga nua i stair an chlub agus bhí dlúthbhaint ag Alex Ferguson lena cruthú.
ré órga na teicneolaíochta the golden age of technology
" Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide.
deireadh le ré órga an end to a golden era
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
ré órga na hÍsiltíre the Dutch golden age
" Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
i gceartlár ré órga in the midst of its golden age
" Bhí seans liomsa leis mar nuair a bhíosa seacht nó ocht de bhlianta, bhí Ciarraí i gceartlár ré órga idir 1975 agus 1986 agus níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt.
seasamh ar thairseach ré órga nua standing in the doorway of a new golden era
" D’fhéadfadh muid bheith inár seasamh ar thairseach ré órga nua, ach an machnamh agus an phleanáil chuí a dhéanamh i dtosach.
ag machnamh ar ré órga na hiomána thinking about the golden era of hurling
" Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre the golden age of Dutch art
" Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.