Pota Focal Intergaelic
á | ab | ac | ad | ae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad who know Mairéad for a long time
" Is minic a chloisfeá daoine a bhfuil seanaithne acu ar Mhairéad ag rá nár athraigh sí riamh, nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint léi in ainneoin go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici féin agus ag an ghrúpa.
a dhath anything
" 'Níor dhúirt siad a dhath liom fán teanga ariamh.
tá teorainn leis an bhrú there's a limit to the pressure
" Mar sin féin, molann Virgin uaireanta d'Altan triail a bhaint as rudaí nua, ach tá teorainn leis an bhrú is féidir leo a chur ar an ghrúpa.
a léirigh who produced
" Is iad féin a léirigh gach albam go dtí seo, cé go raibh siad ag smaoineamh go minic ar dhuine eile a thabhairt isteach leis an obair seo a dhéanamh.
rian róláidir too strong a mark
" Tá sí den bharúil go bhfuil an fhuaim a chruthaíonn sé 'tíriúil' ach tá rud amháin a chuireann imní uirthi: go bhfágann sé rian róláidir go minic ar chuid ceoil daoine eile.
lena mbeatha a thabhairt i dtír to earn their living
" Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil lena mbeatha a thabhairt i dtír.
a sheachaint avoid
" Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn drochaoibh ar dhuine acu, bíonn a fhios ag an chuid eile gur gá é nó í a sheachaint go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí.
a dhraíocht its magic
" ' Measann sí go dtiocfadh leis dochar a dhéanamh don cheol, go gcaillfeadh sé a dhraíocht, dá mba rud é gur thosaigh sí ag smaoineamh ar an teanga seachas ar an cheol féin.
glúin nua a new generation
"glúin nua ceoltóirí óga ag teacht chun cinn i nDún na nGall (luann sí a nia féin, Ciarán Ó Maonaigh, mar shampla, agus Derek McGinley as Gleann Cholm Cille) agus tá suim sa cheol traidisiúnta ag fás i gcónaí.
ardú meanman a great boost
" Measann sí gur ardú meanman é seo do na daoine atá ag seinm na stíle sin le blianta fada.
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
mar bhronntanais as presents
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
moll mór airgid a pile of money
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
an teanga a choimeád ina beatha. keep the language alive
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
comhfhiontar a joit venture
" Is dócha gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shórt a bhí anseo idir muintir na háite agus lucht athbheochan na teanga.
a bhuíochas le thanks to
" Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
lear mór a lot
"lear mór strainséirí ag cur fúthu sa Rinn, cliamhaineacha isteach ina measc, agus cé go bhfuil cuid acu 'níos Gaelaí ná na Gaeil féin', caithfear a rá nár dhein cuid mhaith acu mórán d'iarracht leis an teanga.
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
bior sa mbeo a thorn in the flesh
" Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.
ar a theitheadh on the run
" Fhad is bhí sé ar a theitheadh, thóg an t-arm an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) mar iarracht ar throdairí an chontae a chur faoi smacht.
seachas é a dhaoradh chun báis instead of comdemning him to death
" Díbirt ======= Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne.
Ní mó ná sásta a bhí sé He wasn't one bit happy
" Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin.
ar feadh scaithimh for a while
" Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.
a éileamh to demand
" (d) Seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh.
nasc a link, bond
" Cothaíonn seo nasc idir daoine sa ghrúpa ach má dhírimid rómhór ar cheantar amháin, beidh faillí á déanamh i gceantair eile.
a mheas to gauge
" **(d)** Táimíd ag plé le ranna stáit éagsúla ach is obair í seo a thógann an-chuid ama agus is deacair dul chun cinn a mheas.
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
as a stuaim féin on their own initiative
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
gréasán teaghlach a network
" *Tacaíocht* (a) Is mian liom an eagraíocht a láidriú, a leathnú agus a bhuanú, agus gréasán teaghlach a bheith ar fáil i gcónaí ag tacú lena chéile.
Féinmhuinín a fhorbairt To develop self-confidence
" (b) Féinmhuinín a fhorbairt sna páistí leis an nGaeilge a úsáid amuigh sa saol.
go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas that they will fulfill their responsibility
" Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.
Siamsaíocht d'ardchaighdeán entertainment of a high standard
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
dtromchodladh duairc a heavy, gloomy sleep
" Cloisim i mo chloigeann anois é, an t-uaillmhaíomh macallach úd a dhúisíonn iad siúd atá tar éis an geimhreadh a chaitheamh ina dtromchodladh duairc.
Tá sé ar nós It's as if
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
corramhrán an odd song
" Tá an oiread sin spéise sa teach seo sna hamhráin is go mbíonn corramhrán ag teacht ón taobh istigh den bheár freisin.
a tharraing m'aird which drew my attention
" Clár faisnéise a chonaic mé ar an teilifís ag tús na bliana a tharraing m'aird ar Chúba ar dtús.
ar a dtuarastal amháin on their salary alone
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
d'aghaidh a thabhairt ar to tackle
" Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
boirbe a ngutha the fierceness of their voice
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
a bheith ar d'fhaichill to be cautious, wary
" Bhí ort a bheith ar d'fhaichill nó bheadh daor ort.
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
a d'éalaigh mé that I escaped
" (Is iomaí uair a d'éalaigh mé síos na céimeanna sin agus a chaith mé lá iomlán ar an trá nuair a bhí súil liom áit éigin eile - sa phortach, mar shampla.
a chuaigh i bhfeidhm orm which made an impression on me
" Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
lena gcultúr a thabhairt slán to save their culture
" Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
Deineadh an scéal a thairiscint The story was offered
" Deineadh an scéal a thairiscint d'iriseoirí éagsúla ach níor tugadh aon aird air seachas sa News of the World agus i gceann de na nuachtáin áitiúla.
a thagair which referred
" Bhí gach sliocht a thagair don Aire Cosanta Jim Gibbons marcáilte ar an gcáipéis sin.
Ina theannta sin As well as that
" Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.
ag baint smeacha as a liopaí smacking their lips
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
a shaothar his work
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
a dhearadh to design
" Úsáideann Treacy múnlaí plástair agus adhmaid snoite chun a chruthanna casta agus fíneálta a chruthú agus bíonn siad seo mar bhonn ar a gcuireann sé an t-éadach lena hataí a dhearadh.
as a riocht distorted
" Chuirfeadh na múnlaí seo plandaí aduaine den chineál a d'fheicfeá sna Trópaicí i gcuimhne duit nó an dóigh a gcuirtear cruthanna as a riocht nuair a amharcann tú orthu faoin uisce.
a spreag é who encouraged him
" Chuir sé in iúl tráth in agallamh teilifíse gur iarmhúinteoir bunscoile a spreag é le dul i dtreo an fhaisin nuair nach raibh sé ach sé bliana d'aois; bhris an múinteoir seo an nós traidisiúnta a bhí ann ag an am gan cead a thabhairt do bhuachaillí fuáil a fhoghlaim.
ceantar dílseach a loyalist area
" Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht bheag naisiúnach atá díreach in aice le ceantar dílseach.
bratach Aontachtach a Unionist flag
" Ar an taobh eile, tá dhá bhratach le feiceáil - bratach Aontachtach agus ceann eile ar a bhfuil Lámh Dhearg Uladh.
Dealbh chré-umha A bronze statue
" Dealbh chré-umha atá inti, deich dtroithe ar airde.
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
beairic mhór de chuid na bpéas beairic de chuid na bpéas: a police barracks
"beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna.
ag díriú a mhéire pointing
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
a stoitheadh to uproot
" Bhí muintir na háraslainne trína chéile, iad ag fiafraí "Cá bhfuil ár mataí?" De thairbhe rudaí mar sin, síleann roinnt daoine gur cheart na toim a stoitheadh.
a aimsiú to find
" Mar sin, tá seans ag chuile dhuine a bhfuil suim aige sa Ghaeilge foghlaimeoirí eile a aimsiú.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
a ghnóthú to earn
" Cartlann cheoil ollmhór a chruthaítear i ndáiríre agus tá na comhlachtaí ceoil anois ag iarraidh airgead a ghnóthú as an gcoincheap seo.
leabharlann de cháipéisí inmheánacha a library of internal documents
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
a bhainistiú to manage
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
mbeidh a thionchar le brath its influence will be felt
" Cé go bhfuil Napster féin beagnach imithe, is cinnte go mbeidh a thionchar le brath ar an tslí a scaiptear eolas ar an idirlíon amach anseo.
a n-aird a dhíriú focusing their attention
" ie/)) tar éis a n-aird a dhíriú ar Éirinn.
í a aimsiú pick her out
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin a Christian name would limit her and his imagination
" Ach má bhíodh áthas air í a aimsiú lena shúile cinn sa mbuíon daltaí scoile, bhí an oiread eile áthais air gan blas dá hainm a bheith ar eolas aige, chreid sé, óir b'amhlaidh a theorannódh ainm baiste ise agus a shamhlaíocht féin.
Amhail is As if
" Amhail is dá mbeadh geasa ar a chluasa diúltú dá hainm saolta.
cloch chorrach an unsteady rock
" Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr.
ba mhinice ná a mhalairt more often than not
" Go deimhin, ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim There would be an extra spring in his step
" Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr.
do chúis for a cause
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
b'in an cháil a bhí riamh air that was always his reputation
" Is b'in an cháil a bhí riamh air.
a thnúthán ba ghéire his greatest yearning
" Ach ugach chun a dhorais ní fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di.
gan a theach a thaobhachtáil not to approach his house
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
ar a bhfaca sí riamh whatever she did
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
Gheofaí bealach. A way would be found.
ar a bunaíodh an stát on which the state was founded
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
ardú suntasach a noticeable increase
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
a chuir síolta na críochdheighilte that sowed the seeds of partition
" Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte.
a dhírigh aird which focused attention
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
a chorraíonn that moves
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
a chomhairlíonn Balor Balor advises
" 'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
a cheansú to control, restrain
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
a luaithe as soon as
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
le hinfheistíocht bhreise a mhealladh to attract extra investment
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
fréamhacha 3Com a dhoimhniú to deep 3Com's roots
" Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d'éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.
ár bhfiontair féin a chruthú to create our own enterprises
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
a fhás go bródúil to grow proudly
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair when you look at them first
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
a cheileann a ndúchas which hides their origin
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.