Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
féith iriseoireachta journalistic ability
" Ról na meán ======= Léiríonn an scéal seo rud éigin i bhfad níos tábhachtaí ná féith iriseoireachta Michael Heney.
cumas ability
" Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn.
cumais acadúil academic ability
" Bhíodar ag cur i gcoinne na bpáistí a rangú de réir aoise, seachas de réir cumais acadúil.
hardchumas great ability
" Thaispeáin Becker freisin go raibh infheistíocht níos mó á déanamh sna daoine le hardchumas, agus is cosúil go bhfuil an dearcadh sin fós ann na laethanta seo.
cumas ability
" Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.
a gcumas ceannaireachta their leadership ability
" Tá an rialtas ag cur béime ar a gcumas ceannaireachta, ar a dtaithí i mbun rialtais (ó 1996) agus ar an gcaoi ar sheas siad an fód in aghaidh na dteifeach mar is léir go bhfuil vótaí ansin dóibh.
a heaspa cumais her lack of ability
" Cé go gcáintear an tAire go minic as a heaspa cumais ó thaobh labhairt na Gaeilge de, is léir go bhfuil sí an-bháúil leis an Ghaeilge, más comhartha é an £2 milliún a thug sí do TG4 agus iad ag comóradh cúig bliana ar an aer le déanaí.
do chumas fealsúnachta your ability to philosophise
" Níl rud ar bit níos fearr ná splif suntasach chun do chumas fealsúnachta a mhúscailt agus a chur a dh'obair.
daoine a rangú de réir cumais to categorize people according to ability
" Is fearr daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
an chumas chun rogha a dhéanamh the ability to choose
" Ní raibh daoine ábalta glacadh leis an fhíric scanrúil sin gur féidir leis an olcas a bheith mar chuid de nádúr gach duine, gur rugadh muid ar fad leis an chumas chun rogha a dhéanamh.
sárchumas cainte great talkng ability
" Ach glórtha lácha cairdiúla atá ag na dúchasaigh ansin mar sin féin, agus sárchumas cainte acu.
cumas ability
" Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe? Duine ar bith a bhfuil cumas áirithe Gaeilge aige agus atá ag iarraidh eolas a chur ar rialacha gramadaí na Gaeilge ar an ábhar go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge, ag teagasc na Gaeilge nó ag baint úsáide aisti mar mheán cumarsáide scríofa.
cumas ability
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
cumas ability
" (Dála an scéil, bhí cumas éigin sa Ghaeilge ag 10.
cumas ability
" Ar an drochuair, ní léir cumas ar bith polaitíochta a bheith le fáil go forleathan san UPRG.
ábaltacht ability
" Cinnte ba mhór an cuidiú é ag David Trimble dá dtabharfadh an IRA freagraí deimhneacha ar thrí cheist Blair, dá gcuirfeadh an IRA gunnaí agus armlón ó mhaith, ach tá poblachtánaigh amhrasach fá ábaltacht - nó toil féin - Trimble a pháirtí féin a thabhairt leis.
cumas ability
" I measc na n-imreoirí a tharraing aird orthu féin, bhí Diarmuid Ó Súilleabháin, Joe Ó Déin, Ollie Ó Cainín, Breandán Ó Cuimín, Labhrás Ó Murchú, Conal Ó Cianaigh, Stiofán Ó hAidhne, Máirtín Mac cumascaigh, J.
cumas ability
" Ar ndóigh, is é an láidreacht is mó atá againn ná go bhfuil Áras na nGael ann, agus go gcuireann an tÁras lenár gcumas an teanga a fhorbairt sa chathair.
chumas ability
" Ba shagart agus bainisteoir Gael-Mheiriceánach a threoraigh Wilkins agus a chuir ar a chumas onóir agus glóire a bhaint amach leis an National Basketball Association (NBA).
gcumas aistrithe ability to translate
" Ní mór dom a rá, áfach, gur chuir sé ionadh orm a luaithe is a d'éirigh le cuid mhaith acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge, agus go háirithe lena gcumas aistrithe.
thar a gcumas beyond their ability
" Cad é tá an PSNI a dhéanamh? An bhfuil sé thar a gcumas fáil amach cé atá ag cur na mbileog seo amach agus stop a chur leis.
meath a chumais spórtúil the decline in his sporting ability
" Nó b'fhéidir, ar nós cuid mhaith imreoirí agus lúithchleasaithe eile, nach raibh sé in ann déileáil le meath a chumais spórtúil agus dá bhrí sin gur chuir sé an chuid sin dá shaol ar leataobh agus thug a aghaidh ar nithe eile.
chun mo chumas cainte a fhorbairt to develop my spoken ability
" Chabhraigh sé seo go mór liom chun mo chumas cainte a fhorbairt.
cumas labhartha ability to speak
" Bainim le glúin atá an-bháúil léi, ach nach bhfuil cumas labhartha againn.
moladh cumas Malley go dtí na spéartha Malley's ability was greatly praised
" Foilsíodh saothar iomlán Malley in eagrán speisialta den iris i 1944 agus moladh cumas Malley go dtí na spéartha.
a chumas a fhorbairt to develop his ability
" Dá mbeadh cead, de réir argóna amháin, beadh an pháirc níos cothroimhe sa mhéid is go mbeadh an seans céanna ag gach lúthchleasaí a chumas a fhorbairt.
easpa cumais na n-iomaitheoirí the lack of ability of the competitors
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
dá cumas ceaptha scéalta her ability to make up stories
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
chumas ríomhaireachta computing ability
" Agallamh anseo is ansiúd, scrúdú Fraincise, tástáil ar mo chumas ríomhaireachta, ranganna samplacha chun TEFL a dhéanamh agus mar sin de.
cumas ealaíonta creative ability
" Sheas a cumas ealaíonta agus cruthaitheach léi le linn di bheith ag obair le Cló Cois Fharraige, comhlacht foilsitheoireachta an Chomharchumainn.
cumas praiticiúil practical ability
" Is minic nach mbíonn cumas cruthaitheach agus cumas praiticiúil le fáil le chéile i nduine amháin, ach is léir go bhfuil an dá thréith sin ag baint léise.
chumas ability
" Ba é Joe Dowling (a bhí mar stiúrthóir na hamharclainne ag an am) a d'aithin a chumas nuair a léirigh Ray *Metamorphosis*, le Steven Berkoff, san amharclann i 1982.
chumas ability
" Tá cuid acu bunaithe ar dhaoine a bhí beo sa naoú céad déag nó ag tús an fichiú céad, ar nós Jack Riley ("the Man from Snowy River") agus a chumas leis na capaill.
chumas cruthaitheach creative ability
" Nach ait an rud é, mar sin, nuair a théann tú ar shuíomh gréasáin Ryanair chun ticéad a cheannach ó Shionainn, go n-iarrtar €3 ort le cois an phraghais, do Tháillí Seirbhíse Paisinéara, nó costaisí aerfoirt? B'fheidir gur seo sampla eile de chumas cruthaitheach Ryanair i gcúrsaí airgid a d'fhéadfadh an tÚdarás um Chaighdeáin Fógraíochta a fhiosrú? *Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.
chumas ability
" Ní hamháin gur léirigh sé a chumas mar bhoghdóir trí shaighead a scaoileadh go beacht trí lár úill a bhí ar bharr cheann a mhic, ach nuair a d'fhiafraigh an gobharnóir de cén fáth a raibh an dara saighead réidh aige, d'fhreagair sé go simplí: "Duitse, da mba rud é gur gortaíodh mo mhac.
cumas ability
" " * An aontaíonn sí leis an tuairim go bhfuil na hEorpaigh níos cumasaí ó thaobh fhoghlaim teangacha de? "Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil dream amháin níos fearr le teangacha ná dream eile.
chumas foghlamtha learning ability
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
a gcumas their ability
" Cuireann sí béim láidir uair nó dhó ar an tábhacht a bhaineann le Béarla maith a bheith ag daoine óga, agus nár cheart an Ghaeilge a mhúineadh dóibh go luath ina saol má chuireann sé seo isteach ar a gcumas sa Bhéarla.
mórán samhlaíochta agus tionscnaimh agus cumais a great deal of imagination and initiative and ability
"mórán samhlaíochta agus tionscnaimh agus cumais léirithe ag CLG ó bunaíodh é agus meas agus tacaíocht an phobail faighte aige dá réir.
cumas ability
" Is é sainchomhartha na litríochta de dhóigh Miller an cumas atá inti réaltachtaí samhalta a chruthú trí mheán na teanga.
cumas ability
" Is é sainchomhartha na litríochta de dhóigh Miller an cumas atá inti réaltachtaí samhalta a chruthú trí mheán na teanga.
an cumas tábhachtach sin that important ability
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
chuaigh a cumas agus a dúthracht i bhfeidhm go mór orm her ability and her diligence made a big impression on me
" Bhuail mé isteach chuig Maebh sa stáisiún ag deireadh na míosa seo caite, agus chuaigh a cumas agus a dúthracht i bhfeidhm go mór orm.
gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh without taking into consideration your ability to repay
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
chumas labhartha speaking ability
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
i mbarr a chumais at the peak of his ability
" B’fhéidir gur bhraith sé frustrachas freisin toisc gur thuig sé agus é in aois 34 bliana nach raibh sé féin chomh haclaí is a bhí sé, go raibh an t-am ag breith air, nach raibh sé féin i mbarr a chumais agus nach mbeadh arís go deo.
chumas labhartha speaking ability
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
cumas ability
" Cuirtear an fhoireann ar chúrsaí oiliúna ó am go ham le cumas iomlán an chomhlachta a fhorbairt agus (a fheabhsú).
a chumas ceannasaíochta his leadership ability
" Léirigh sé a scil agus a chumas ceannasaíochta ar an bpáirc pheile agus gan é ach ina ógánach.
mo chumas labhartha Gaeilge my ability to speak Irish
" Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
cumas ability
" Cuirtear an fhoireann ar chúrsaí oiliúna ó am go ham le cumas iomlán an chomhlachta a fhorbairt agus (a fheabhsú).
mianach quality, ability
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
cumas spóirt sporting ability
" Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí.
cumas ability
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
do chumas your ability
" Braitheann sé cé chomh muiníneach is atá tú asat féin agus as do chumas, an branda atá agat agus na cláracha atá tú ag iarraidh a dhéanamh.
cumas ability
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
i mbarr a réime agus a chumais at the very peak of his ability
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
cumas Gaeilge ability in Irish
" Bronntar an deontas seo ar dhaoine a bhfuil cumas Gaeilge acu agus atá ag tógáil tí nó ag ceannach teach nua-thógtha i gceantar Gaeltachta.
a cumas scríbhneoireachta. her writing ability.
" Caithfear moladh a thabhairt don údar, Gabrielle Ní Mheachair, as a cumas scríbhneoireachta.
cumas dátheangach bilingual ability
" Faoi láthair, tá cumas dátheangach ag ocht roinn rialtais, na póilíní san áireamh.
as a gcumas ceannasaíochta féin: for their own leadership ability:
" Lena seal, aithníodh na páistí eile as a gcumas ceannasaíochta féin: bhí bua an cheoil ag Aodh agus Seán Bán; bhí deis a labhartha ag Annie agus Bríd; rinne Séamus scríbhneoir de féin; d’aithin a chuid comrádaithe san IRA cumas Dhónaill agus rinneadh captaen de.
cumas ability
" Cuireann *Watching the Door* cumas Myers agus é i mbun pinn i gcuimhne dúinn agus léiríonn sé go bhfuil i bhfad níos mó ag baint leis mar scríbhneoir ná an challaireacht phoileimiciúil a bhíonn ar siúl aige go minic.
do chumas phobal na hÉireann to the ability of the Irish public
" Masla do chumas phobal na hÉireann cinneadh siosmaideach a dhéanamh, ab ea an tuairim a nocht ár gCoimisnéar Eorpach, Charlie McCreevy, ar na mallaibh nuair a thug sé le fios gur staicín áiféise a bheadh ionainn san Eoraip dá mba rud é nár ghlac muid le Conradh Liospóin.
lúth. physical ability
" Cuireann tú neart ionam, láidreacht is lúth.
lúth physical ability
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
cumas ability
" Agus an cumas a bhí ann mar ealaíontóir, mar reacaire, mar ealaíontóir ar stáitse aird pobail a choinneáil ar feadh tréimhse an-fhada.
ag ceithre leibhéal cumais, at four levels of ability
" Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
a mbeidh ar a chumas who will have the ability
" Is mithid dóibh anois ceannasaí ceannródaíoch nuálaíoch a lorg a mbeidh ar a chumas an páirtí a thabhairt isteach sa rialtas sna blianta atá romhainn.
faoi chumas an pháirtí about the party's ability
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
cumas. ability
" Bítear ag maíomh go rialta agus a leithéid ag titim amach go bhfuil comharthacht ar siúl agus go bhfuil an post faighte ag pé bean atá i gceist mar gheall ar a hinscne, seachas ar a cumas.
Níl mórán féithe cruthaithí ann, He has much of an ability to be creative,
" Níl mórán féithe cruthaithí ann, áfach.
mo chumas, my ability
" Chuir sé le mo chumas, mo thaithí agus mo dhul chun cinn gairmiúil.
easpa cumais lack of ability
" Céard iad na difríochtaí idir an ghéarchéim sna hochtóidí agus géarchéim an lae inniu agus an bhfuil muid níos ábalta inniu dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch?* DMW: Ar bhealach, tá cúrsaí níos measa an iarraidh seo, agus is éard is measa ar fad ná an easpa cumais atá sa tír ó thaobh a bheith in ann dul i ngleic leis an ghéarchéim.
triail chumais a test of ability
" Ní caitheamh aimsire amháin a bhí sa chluiche seo don Phaorach ach oiread ach sórt trialach; triail chumais, triail tola, triail fhéinmhuiníne.
a n-acmhainne their ability
" * Tá lárionad úr siopadóireachta tógtha i lár na cathrach, The Victoria Centre, teampall do Dhia na Miondíoltóireachta le linn tréimhse ina bhfuil daoine ag cailleadh a n-acmhainne cuid mhór airgid a chaitheamh.
ar a gcumas within their ability
" Ní hionann é sin is a rá go bhfuil sé ar a gcumas leigheas a fháil orthu.
Ní fios a bhfuil de chumas boundless ability
" Ní fios a bhfuil de chumas ceoil agus réimse uirlisí iontu beirt.
cumas ability
" Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.
chumas ability
" Léiriú ar chumas aisteoireachta Creedon é gur ghlac an-chuid daoine leis gur dhuine fíor é Terence.
cumas ability
" Tá spéis sa spórt gaelach ag dul i méid i gcónaí, sna cathracha go háirithe, agus ní féidir a shéanadh go bhfuil cumas cainte sa teanga Ghaeilge go mór san fhaisean faoi láthair chomh maith.
buanna abilities
" Spéis sa Duine Sin an rud is fearr fá’n áit domhsa – na daoine, an éagsúlacht, an neamhchlaontacht, an liobrálachas, agus amach as sin, buanna mar fuinneamh agus an leictreachas.
cumas cumarsáide ability to communicate
" Bíonn ceannaire mór de dhíth in am na cinniúna, duine a bhfuil fís aige, duine a mhothaíonn an ghaoth stairiúil, duine a ghlacfaidh leis an dúshlán mhór mar ghlaoch ó na déithe, duine atá sásta a thodhchaí féin, uaireanta a bheatha féin, a chur i mbaol mhór, agus duine a bhfuil cumas cumarsáide den scoth aige.
a gcumas their ability
" Ní bheidh sé ar a gcumas acu Rolex a cheannach riamh.
gcumas ability
" “Ní rud idéalach é forlámhas an dlí, cruthóidh sé an deis dúinn a bheith beo i sochaí shibhialta a ligfidh dúinn a bhfuil ar ár gcumas a bhaint amach.
éirim agus ealaín art and ability
" Le hais na peile, tá éirim agus ealaín ag baint leis an sacar, mar atá leis an iomáint.
an-acmhainn great ability
"an-acmhainn sa tír seo, acmhainn nó tréithe atá i muintir na tíre seo ó dhúchas, féadaim a rá.
chumais ability
" Bhí sé ag cothú míshuaimhnis i measc lucht tacaíochta Bhriain agus thosaigh daoine ag ceistiú a chumais agus a inniúlachta agus a fhóirsteanachta don phost a bhí aige.
ar chumas ability
" Bleachtaireacht na hIriseoireachta Bhí sé ar chumas na nuachtán (agus mar aidhm acu) an cineál seo fiosrúcháin a dhéanamh, rud nach bhfuil fíor i gcás na meán nua.
cumas ability
" Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach.
gcumas ability
" Is mór a dteist, leis, as a gcumas siamsa is damhsa.
chumas ability
" html) Ghlac Michael leis an deis a bheith ag cur lena gcuid Gaeilge trí ranganna Oideas Gael agus chuir sé fáilte roimh an tsaoirse chun a chumas líníochta a chleachtadh arís.
gcumas ability
" An sprioc réalaíoch é sin? In eagrán an Mhárta 2008 den iris eolaíochta ‘Science et Vie’, caitear amhras ar an gcumas atá ag an gcumhacht gaoithe (nó gréine) ionad na cumhachta eithní nó ionad cumhacht ó bhreoslaí iontaise a thógáil.
lúth na gcos the ability to walk
" Bhí mé ag obair go deonach i Nantes an samhradh seo caite do charthannacht a bhí ag tabhairt cuairte ar sheanóirí, ar dhaoine a raibh fadhbanna acu, daoine dalla agus daoine a chaill lúth na gcos agus mar sin de.
chumas ability
" Déanta na fírinne, aon uair a théim chuig an margadh chun rí uaineola nó bradán a cheannach, tugann an díoltóir le fios go mbíonn beagáinín leisce air an táirge a thabhairt uaidh agus é cinnte de nach mbeidh sé ar mo chumas agam é a réiteach i gceart.
bua ability
" Dúirt sé gur tugadh an bua seo dó rithimí, nó patrúin, a fheiscint in eolaíocht i bhfad sarar thuig an chuid eile den mbráithreachas eolaíochta go raibh na patrúin ann, nó go rabhadar tábhachtach, nó úsáideach fiú.
Intinn Dearmaid ability to forget
" Níor Chaill a Intinn Dearmaid ar Fad Is cúis mhór bhuartha é do Bhalor go bhfuil Teachta Dála chomh léannta sin, chomh cliste sin, chomh huasal sin, chomh híseal sin, agus chomh humhal sin, caite anois i dtraipisí cionn is gur chaith sé anuas ar a chéile iomaíochta i mbealach a bhí chomh dearmadach sin.
hinniúlachtaí abilities
" Ach ní thig linn luí síos faoi ionsaithe an chúlaithe; ní thig linn dearmad a dhéanamh de na hinniúlachtaí agus de na cumais atá againn.
chumas ability
" Is beag suim a léiríonn na meáin Bhéarla i nGaeilge nó i nGaeltacht agus toisc nach suim leo iad, is minic a bhíodar díspeagúil faoi chumas an Aire mar gheall ar a dhílseacht dá chúram.
chumas ability
" Ceoltóir iomlán socair ann féin a bhíonn go hiomlán compórdach lena scil agus lena chumas ceoil.
inniúlachta ability
" Dá n-úsáidfí na hacmhainní céanna le Gaeilge a mhúineadh le 60% de na mic léinn, a roghnódh í, tá seans ann go bhféadfaí an cheathrú chuid acu a thabhairt chun inniúlachta sa Ghaeilge.