Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Acadamh Ríoga na hÉireann The Royal Irish Academy
" Tá foclóirí beaga tagtha amach ó Collins, Oxford agus araile, ach tá stop iomlán tagtha ar an obair ar an bhfoclóir mór Gaeilge-Gaeilge a gheall Acadamh Ríoga na hÉireann dúinn fiche bliain ó shin, gan oiread is focal amháin foilsithe go fóill.
san Acadamh Ríoga in the Royal Irish Academy
" Fiontar ======= An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! san Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé.
acadamh academy
" " Ní chreideann sé go bhfuil gá anseo le hacadamh ná le hollscoil cheoil, ar nós na gceann san Eoraip, le haghaidh an cheoil thraidisiúnta.
Acadamh Ríoga na hÉireann the Royal Irish Academy
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
Acadamh Ríoga Ibéarnach Royal Hibernian Academy
" Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla.
Acadamh Ríoga the Royal Irish Academy
" Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den *establishment*! "Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.
Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta Academy of Motion Pictures, Arts and Science
" Bhíodh sé ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann agus tá sé ina bhall den Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta i gCalifornia go fóill.
seacht nGradam Acadaimh seven Academy Awards
" Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.
Acadamh Traenála Training Academy
" Comórtas sacair atá i gceist – bhí Peel an-tógtha le Liverpool FC – agus tarlaíonn sé in Acadamh Traenála LFC.
an tAcadamh. the Academy.
" Téann siad go dtí an t-ionad traenála sóisearach ar feadh uair an chloig gach seachtain anois agus má éiríonn leo ansin leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an tAcadamh.
ceannaire an Acadaimh, the head of the Academy,
" Dúirt Keith Wyness, ceannaire an Acadaimh, agus é ag seoladh an tsuímh, go bhfuil siollabas iomlán an Acadaimh ar an suíomh.
an tAcadamh molta the proposed Academy
" Ba é an tAcadamh molta an tseoid i gcoróin lucht tacaíochta na "teanga".
ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo. taking part in the courses of this academy
" Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo.
hAcadamh Sainiúlachta specialization academy
" Áiseanna den scoth a chur ar fáil a mbeadh Lárionad Iomána mar aon le hAcadamh Sainiúlachta ina gcuid láir díobh.
Acadamh Ríoga na hÉireann RIA
" Thug tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann le fios go bhfuil ár gcóras oideachais lochtach ó thaobh teangacha de.
Acadamh Ríoga Royal (Irish) Academy
" Bhí mé ag obair san Acadamh Ríoga thuas i mBaile Átha Cliath agus leis an iris Comhar ag an am.
Acadamh Ibeirneach Hibernian Academy
" Acadamh Ibeirneach na hÉireann, Jellet, Hone agus Purser ==================== Chuir an bheirt bhanealaíontóirí sin teoiricí an Chiúbachais in oiriúint dá gcuid riachtanas féin ach níl amhras ar bith ná gur imir Lhote tionchar orthu seo agus ar dhaltaí Éireannacha eile ag an tréimhse sin i leith réimse leathan stíleanna péintéireachta lena n-áirítear ábhar neamhbheo, ábhar tírdhreacha agus portráidíochta agus eile.