Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inghlactha accepted
" Traenáil agus oideachas ======= Thaispeáin Becker freisin gur fiú do chomhlachtaí infheistíocht a dhéanamh i dtraenáil agus in oideachas a bhfostaithe, agus is fíor go bhfuil foghlaim fhadsaoil ag fás mar choincheap inghlactha anois.
dhiúltaíos riamh I always refused to accept
" Léas *Cumhacht na Cinniúna* le Tomás Bairéad fadó agus gan agam ach Gaeilge na scoile; ar chuma éigin, dhiúltaíos riamh don *kismet*, do nóisean sin na cinniúna.
Caithfear a theacht leis we'll have to live with it, accept it
" Caithfear a theacht leis.
faomhadh corpas fairsing tearmaíochta a large corpus of terminology was accepted
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá go leor curtha i gcrích maidir leis na bunaidhmeanna sa mhéid is gur leagadh síos slata tomhais maidir le ceapadh na téarmaíochta, gur ceapadh prionsabail traslitrithe don téarmaíocht theicniúil agus gur faomhadh corpas fairsing tearmaíochta de réir na bprionsabal sin, gur foilsíodh fiche éigin foclóirí saintéarmaíochta agus go bhfuil roinnt eile socraithe ach gan a bheith in eagar go fóill.
glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom accept me or don't accept me
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
a dhiúltaigh glacadh leis who refused to accept him
" Ansin tháinig cuireadh i Laidin, "*Veni statim*", "Tair gan mhoill," ón dream a dhiúltaigh glacadh leis an chéad lá - Maigh Nuad.
a dhiúltaíonn do chaimiléireacht which refuses to accept corruption
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
go nglacfaí leat sa phobal that you be accepted in the community
" Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, áfach, má tú ag iarraidh go nglacfaí leat sa phobal.
go mbeadh glactha leis go coitianta that it would be widely accepted
" "Ba mhaith liom go mbeadh glactha leis go coitianta gur mar sin a bheadh.
nach nglacfaidís that they wouldn't accept
" Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.
diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin her parents refuse to accept that
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
Shíl mé go gcuirfeá suas dó. I thought you'd refuse to accept it.
" " "Ní lá go fóill é!" arsa Siobhán "Shíl mé go gcuirfeá suas dó.
glactar leis go forleathan it is widely accepted
" Agus dá bhfeadfadh muinín bheith ag duine as na pictiúir, tá deacracht beag eile ann: glactar leis go forleathan gur cailleadh an tíogar Tasmánach deireanach sa zú i Hobart i 1936.
muna nglactar leat an chéad uair if it isn't accepted the first time
" “Fiú muna nglactar leat an chéad uair, is fiú leanúint ort go misniúil le do chuid oibre agus dul ar ais is ar ais go dtí go bhfaighidh tú do sheans.
ghlacfaí le caillteanas deich suíochán the loss of ten seats would be accepted
" I gcás FF, ghlacfaí le caillteanas deich suíochán ach chuile sheans go n-éireodh Bertie Ahern ón cheannaireacht dá gcaillfidís cúig shuíochán déag.
go nglacfadh sé le moltaí an choiste, that he would accept the recommendations of the committee,
" Cúlú? Cainteanna le naimhde? Cé gur dhúirt an tUachtarán Bush ar dtús go nglacfadh sé le moltaí an choiste, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh athmhachnaimh i láthair na huaire.
glacadh leis an gcuireadh to accept the invitation
" Nuair a tugadh cuireadh dúinn páirt a ghlacadh i gcomórtas an Athar Uí Mhurchú, ba mhór an fonn a bhí orainn glacadh leis an gcuireadh mar b’ionann é sin agus imirt i gcluiche ceannais, rud nach raibh taithí ag aon duine againn air san am.
glactar coitianta leis an tuairim, the opinion is widely accepted,
" Is minic ráite, agus glactar coitianta leis an tuairim, gurb iad foireann Chiarraí na tréimhse 1978 – 1986 an fhoireann ab fhearr a bhí riamh ann.
Glacadh leis an gcur chuige seo this approach was accepted
" Glacadh leis an gcur chuige seo in ionad an chórais cómhargála a d’úsáidtí sa tír roimhe sin.
mura nglacfar le toradh an ghutha sin? if the result of that vote is not accepted
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
Ghlac mé leis an tairiscint láithreach bonn I accepted the offer immediately
" Ghlac mé leis an tairiscint láithreach bonn nuair a chuala mé faoin airgead – méid mór a bhí i gceist, shíl mé ag an am, mar nach raibh mé ach naoi mbliana déag d’aois!“Thaitin 'Ros na Rún' go mór liom ar feadh ceithre bliana.
Dhiúltaigh sé glacadh he refused to accept
" Dhiúltaigh sé glacadh le húsáid an fhocail “goidte” freisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.
an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil the way that we are happy to accept the drinking culture
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche inappropriate behaviour is accepted after midnight
" Bítear ag glacadh le hiompar frithshóisialta istoíche mar gur “cuid den chraic” é.
gurb ionann glacadh leis na tuairimí that accepting these opinions is the same as
" Nílim ag maíomh ach an oiread gurb ionann glacadh leis na tuairimí sin agus réiteach na bhfadhbanna dáiliúcháin agus léitheoireachta.
sásta glacadh léi willing to accept it
" Ach tá sé aisteach nach bhfuil níos mó daoine sna Stáit Aontaithe sásta glacadh léi go fóill.
glacadh le huachtarán mná nó gorm, to accept a female or black president,
" Is cosúil gur thuig an páirtí go mbeadh muintir na Stát Aontaithe sásta glacadh le huachtarán mná nó gorm, ach ní le huachtarán Mormannach! Creideamh sách nua is ea an Mormannachas, ar cuireadh tús leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
gur glacadh leis go forleathan it was widely accepted
" Mhol cuid mhór daoine a chrógacht agus dhealraigh sé gur glacadh leis go forleathan nár chóir a imeacht a cheiliúradh go caithréimeach an lá áirithe sin.
nár ghlac Planxty leo which Planxty didn't accept
" “Bhí roinnt mhaith amhrán ag Christy nár ghlac Planxty leo mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa.
go nglactar leis go forleathan anois that it is widely accepted now
" Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta atá ann, ámh, nó tá an Páirtí Poblachtánach chomh lag sin go nglactar leis go forleathan anois go ngnóthóidh an Páirtí Daonlathach an t-olltoghchán i mbliana.
a nglactar leis go forleathan, which is widely accepted
" **Seanbhratach Ruanda (ar chlé) agus bratach nua na tíre** De réir an leagain den scéal a nglactar leis go forleathan, rinne pobal na Bahutu cinedhíothú ar phobal na Batutsi i Ruanda sa bhliain 1994.
ghlac siad lena mholadh they accepted his proposal
" D’iarr sé orthu ligean dó a saothar a thaispeáint agus a dhíol sna Stáit Aontaithe agus, in ainneoin go raibh drogall agus eagla orthu iad féin a chur i gcontúirt, ghlac siad lena mholadh.
go nglacfaidís go fonnmhar that they would accept enthusiastically
" Agus iad ag féachaint leis na Cluichí a thabhairt go Béising, gheall Rialtas na Síne go nglacfaidís go fonnmhar leis na hidéil éagsúla Oilimpeacha: síocháin, oscailteacht don domhan mór agus meas ar shaoirse cainte.
dá nglacfaí would not be accepted
" Dúirt Catherine Connolly go mbeadh ar an dtírín beag seo, faoi mhír áirithe de chuid Conradh Liospóin, ár gcaiteachas ar chúrsaí míleata a mhéadú, dá nglacfaí le Conradh Liospóin.
géillte yielded/accepted
" Tá an pointe sin géillte agus ní cúis dom a thuilleadh é.
Ghlac muid we accepted
" Ghlac muid leis an gcomhairle a thug na húdaráis dóiteáin dúinn, nuair a bhuail an stoirm olldóiteáin Canberra.
glacadh lena gcuid éileamh their demands were accepted
" Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta.
nár ghlac didn't accept
" Cé go raibh lá náisiúnta i gceist ar 26 Eanáir, ón gcéad lá riamh, bhí grúpa amháin sa tír nár ghlac aon pháirt sa cheiliúradh: an mhuintir dhúchais.
Glacadh le scaireanna shares were accepted
" Glacadh le scaireanna i gcomhlachtaí ola stáit mar chomhthaobhacht.
ag glacadh accepting
" Maraíodh an bheirt saighdiúirí agus iad ag glacadh le pizza taobh amuigh den bheairic in Aontroim.
glacadh leis accepting
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
Má ghlactar if (it's) accepted
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
nglacadh accepted
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
nach nglacann don't accept
" As a gcreideamh láidir ‘daonnachta’ níos mó ná ‘Críostaíochta’, féadaim a rá, nach nglacann siad leis.
nach nglacfaí would not be accepted
" Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.
nglacfaidh shall accept
" ” An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile -- má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.
Glacadh leis was accepted
" Glacadh leis i gcónai gurb é an mílísteoir ainrialta Federico Borrell García an t-íobartach sa phictiúr ach de réir an stairí Hugo Doménech, a tháinig ar chuntas finné súl ó 1937, fuair García bás ar chúl crainn a bhí in úsáid mar chosaint piléir aige i Cerro Muriano.
glacadh accept
" Thóg sé i bhfad ar AMÁRACH an Cló Gaelach a thréigean agus glacadh leis an gCaighdeán Nua-Ghaeilge.
cloí le to accept
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
géilleadh admit, accept
" Tá Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus ní féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana.
glacadh le accepting
" “Is mar sin a bhíodh sé, ach thosaigh siad ag glacadh le cailíní roinnt blianta ó shin.
ghlacas I accepted
" Iarradh orm le déanaí cúrsa Gaeilge a mhúineadh in Dallas, agus ghlacas go fonnmhar leis an iarratas.
Ghlac accepted
" Ghlac sé deich mbliana an socrú mór a fháil idir na seacht stát is fiche agus is iomaí chomhghéilleadh gránna atá ann.
géilleadh accepting
" com/watch?v=ls4MDuBrXSI&feature=related) Agus ós ag caint dúinn ar líomhaintí agus ráflaí, tá sé ag madraí an bhaile go bhfuil Éamó Ó Caoimhnis i ndiaidh géilleadh ar cheist chasta achrannach seo chúngú na Gaeltachta.
ghlac accepted
" Ag am anaithnid, in áit anaithnid, agus é ag géilleadh gan chomha do dhuine anaithnid nó do dhaoine anaithnide ar na mallaibh, ghlac sé leis go mbainfí stádas Gaeltachta de gach Gaeltacht sa tír seachas Corr na Móna agus Gleann Cholm Cille.
ghéill accept, submit
" Cé nár ghéill muintir Chambacuá don díshealbhú gan troid, ba throid in aisce í.
Glacann siad leis they accept it
" Glacann siad leis níos túisce ná teanga amháin.
cheapadh to accept
" – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .
ghlac accepted
" Ná déan dearmad gur ghlac an Coimisiún cinnidh - go háirithe maidir le mórshiúl Ard Eoin - nach raibh náisiúnaigh sásta leis agus is cinnte go mbeidh cearta na n-áitritheoirí aitheanta i cibé eagraíocht nó córas a thiocfaidh mar chomharba ar an Choimisiún.
ghlacadh accept
" Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
glactha leis accepted
" " Tá glactha leis an tuairím seo go forleathan anois, ainneoin iarrachtaí lucht an athbhreithnithe.
Glacann accept
" Glacann na Mandaean leis gur ó Ádhamh a thagann airteagail a gcreidimh, ach níl aon rómheas acu ar Íosa féin.
ghlacann muid leis we accept that
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
glacadh leis was accepted
" Ó bunaíodh Gaeltarra Éireann, os cionn 40 bliain ó shin, glacadh leis gur theastaigh eagras stáit faoi leith chun forbairt geilleagair, cultúir agus sóisialta na gceantracha Gaeltachta a chur chun cinn.
i muinín staidreamh accepting statistics
" Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.
glacadh leis it was accepted
" Chuir sé moladh faoi bhráid an Fhorais agus glacadh leis.
Glactar is accepted
" Glactar go forleathan leis an tuairim go raibh an ceart ag Blair cogadh a chur ar Milosevic sa Chosaiv sa bhliain 1999.
glacadh leis it was accepted
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus glacadh leis go forleathan le linn stair na nEorpach abhus go raibh daonra mór ag teastáil leis an tír a fhorbairt agus a chosaint.
aitheanta accepted
" Ina croilár, tá Baisleac Naomh Peadar le feiceáil agus é aitheanta mar an eaglais is mó tábhacht sa domhan Chaitliceach.
Glacaim leis I accept
" Glacaim leis go bhfuil cás pobal Rann na Feirste ar intinn an Chomhchoiste, a bheadh thíos leis mar go bhfuil Rann na Feirste sa toghcheantar céanna le Anagaire.
Ghlac accepted
" Ghlac Séamus Mallin le hiarratas a athar agus labhraíonn Úna Ó Callanáin, a iníon, faoin méid a rinne sé don chlann.
talamh slán a dhéanamh de to accept
" Ach fiú má ghlacfar leis, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcloisfear trácht ar leithéidí Rita agus an dúshaothrú a imrítear orthu go ceann tamaill mhaith eile.
ghlac accepted
glacaim leis I accept
" Ach cén rogha eile atá ag an rialtas, a deirtear linn? Cá bhfaighfear an t-airgead? Drochscéal atá ann go cinnte scéal seo na bpinsean ach i gcaint a thug sé ag deireadh Mheán Fómhair, dúirt Sarkozy: Mar uachtarán, glacaim leis na freagrachtaí atá orm.
tá glactha ag has accepted
" Ní féidir é sin a dhéanamh, dar le páirtí an rialtais, an UMP, ar dhá chúis: tá glactha ag an bparlaimint leis na leasuithe atá molta ag an rialtas; lena chois sin, tá go leor ama curtha amú cheana féin ag na Sóisialaithe maidir leis an gceist agus is gá gníomhú anois chun an córas pinsin a shábháil.
Glacann muid leis we accept
" Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint =========== Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht: 1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
ghlacadh accept
" Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint =========== Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht: 1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
nglactar le is accepted
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
nár ghlac sé lena he didn’t accept his
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
Ní ghlacfainn le sin I wouldn’t accept that
ghlac accepted/took
" Bhíodh an tír i seilbh Phortaingéileach, Arabach agus Ghearmánach sular ‘ghlac’ an Bhreatain ‘cúram’ na tíre i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda.
glacaim leis I accept
" Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot.
glacadh accept
" Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus *“whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.
nglactar go forleathan leis are widely accepted
" Cé nach bhfuil eolaithe polaitíochta ar aon intinn ar cén leagan amach is fearr a bheith ar an innealra daonlathach, is cosúil go nglactar go forleathan leis go dtig le teach amháin a bheith feiliúnach i dtír bheag, aonchineálach.
ghlactaí used to be accepted
" Nílim á rá go scaoiltí ar fad leis an mí-iompar, ach ghlactaí, agus glactar fós, bíodh sé ceart nó mícheart, le méid áirithe drochchainte i measc sean agus óg ar pháirceanna CLG.
ghlacadh accept
" “Bhuel, i bhfírinne, bhí leasc orm an jab a ghlacadh,” ar sé.
ach glacadh le but to accept
" Mar a sheasann rudaí, níl an Lucht Oibre ag tabhairt aon rogha dúinn ach glacadh le Enda Kenny mar Thaoiseach, cé nach bhfuil ach 19% tacaíocht aige i measc an phobail.
ghlac leis accepted
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
glacadh to accept
" Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an lá dár gcionn, cé go bhfuil dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm.
nár ghlac sé that he didn’t accept
" Nach méanar dúinn nár ghlac sé lena chomhairle féin.
Glacann accepts
" Glacann gach réiteoir leis nach bhfaighidh sé gach cinneadh i gceart gach uair.
ghlacadh accept
" Is féidir leis na hoileánaigh saoránacht na Nua-Shéalainne a ghlacadh agus ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó de mhuintir Oileáin Mhic Cùga ina gcónaí sa Nua-Shéalainn inniu ná mar atá ar an hoileáin féin.
thit muid isteach in we accepted
" B’iomaí áis spóirt agus seoltóireachta a bhí ar fáil san óstán ach níor bhac muid lena bhformhór toisc gur thit muid isteach in am an oileáin sar i bhfad.
nár ghlac leis who didn’t accept
" Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
glacadh leis to accept
" An Rogha Eile ====== Creidim nach dtarlóidh aon athrú sa leagan amach polaitíochta in Éirinn má chinneann baill an Lucht Oibre, ag an gComhdháil Dé Domhnaigh, glacadh leis an dtairiscint ó Fhine Gael a bheith páirteach i gcomhrialtas.
nár ghlac leis who didn’t accept
" Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
glacadh leis to accept
" An Rogha Eile ======== Creidim nach dtarlóidh aon athrú sa leagan amach polaitíochta in Éirinn mar gheall ar chinneadh an Lucht Oibre glacadh leis an dtairiscint ó Fhine Gael a bheith páirteach i gcomhrialtas.
ghlac sé leis he accepted
" San agallamh sin ghlac sé leis go gcaithfí teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú.
glacadh leis accept
" Chomh luath is a bhí na critéir foilsithe ag Coimisiún na Gaeltachta (2002) agus ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007), dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis na critéir sin.
níor glacadh leis an rún the motion wasn't accepted
" Reáchtáladh reifreann faoin gceist sin in 2005, ach níor glacadh leis an rún an uair sin.