Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rochtain oscailte open access
" Chuir muid suíomh gréasáin ar bun agus thug muid polasaí "rochtain oscailte" isteach don phobal áitiúil.
rochtain access
" De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine.
fáil access
" Cuirtear rogha leathan cláracha ar fáil don lucht éisteachta: nuacht, cúrsaí reatha, spórt, cláracha irise, cláracha réigiúnacha, ceol, drámaíocht, cláracha don óige, cláracha oideachais, cláracha reiligiúin agus araile.
rochtain access
" Is é an príomhrud maidir leis an ionad ná rochtain.
dhiailiú-rochtain dial-up access
" Éinne a bhfuil gnáthmhóideim aige, agus atá ag brath ar dhiailiú-rochtain, tuigfidh sé an frustrachas a bhaineann le nascleanúint agus scimeáil ar an idirlíon.
rochtain access
" " Mar a luadh níos luaithe, táthar ag súil go spreagfar tuilleadh iomaíochta sa mhargadh fón póca anois toisc go gcuirfear iachall ar aon chomhlacht a bhfuil a ngréasáin féin acu rochtain ar na gréasáin sin a thabhairt dá n-iomaitheoirí.
rochtain ar na gréasáin sin access to those networks
" " Mar a luadh níos luaithe, táthar ag súil go spreagfar tuilleadh iomaíochta sa mhargadh fón póca anois toisc go gcuirfear iachall ar aon chomhlacht a bhfuil a ngréasáin féin acu rochtain ar na gréasáin sin a thabhairt dá n-iomaitheoirí.
tuilleadh rochtana more access
" Is rud fíordhearfach é go bhfuil tuilleadh rochtana ag daoine ó aicmí éagsúla ar oideachas.
rochtain cosanta ag pasfhocal password-protected access
" Tá na cnaipí atá air níos simplí (tá dhá cheann i gceist chun “Mom” nó “Dad a mheardhiailiú), agus tugann sé níos mó smachta do na tuismitheoirí de bhrí go bhfuil rochtain cosanta ag pasfhocal i gceist chun na huimhreacha a chlárú ar féidir glaoch orthu nó glaonna a fháil uathu.
fhadhbanna rochtana access problems
" Tháinig an tuarascáil seo sna sála ar fhigiúirí a d’eisigh Fáilte Ireland a léiríonn go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, de cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
faoi fhadhbanna rochtana about access problems
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
Níl fáil acu They don't have access to
" Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
mar chéad phointe rochtana as first pointe of access
" D’ainneoin sin, thug Conor Hayes, Príomh-Oifigeach Airgeadais RTÉ, le fios don Chomhchoiste go bhfuil teilifíseán ag 99% de thithe na hÉireann agus gurb é a bheas mar chéad phointe rochtana go ceann i bhfad eile! Cibé rud a tharlóidh san am atá le teacht, is cinnte go mbeidh rogha stáisiún teilifíse agus raidió i bhfad níos fairsinge ar fáil in Éirinn sna blianta beaga amach romhainn.
teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais access to independent sources of information
" Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin.
a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu. where the general public could access them.
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
rochtain access
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
rochtain saoránaigh citizen access
" Níl de cheart ag na Rohingya rochtain saoránaigh a éileamh ar oideachas, ar obair ná ar sheirbhísí sóisialta.
rochtain access
" Díreach mar atá sé i gcás aon mhionlach eitneach eile san Afraic a ndearnadh díshealbhú orthu, níl rochtain ag na hEndorois ar reiligí a sinsear is níltear in ann adhradh a dhéanamh, ná deasghnátha creidimh a chomóradh, ag na hionaid is naofa leo.
rochtain access
" Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste! Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo.
rochtana access
" “Rabhadh” deir sé: “Tá deireadh leis an chosán rochtana anseo.
fadhbanna seachadta agus rochtana problems of access and delivery
" Bhí deiseanna úra cruthaithe ag dul chun cinn teicneolaíoch, deiseanna a sháraigh cuid mhaith de na fadhbanna seachadta agus rochtana a bhíodh ina gcrá croí ag iriseoirí na Gaeilge le fada.
rochtain access
" Le borradh faoin leathanbanda agus faoi fhorbairt consól cumhachta, tá rochtain ag na mílte duine ar an ábhar chun ligint dóibh gabháil in iomaíocht leis na himreoirí is fearr ar domhan.
is féidir teacht ar léirmheasanna one can access reviews
" !) Agus ar bhrú cnaipe is féidir teacht ar léirmheasanna, grianghrafanna, sainsuíomhanna, blagmhíreanna agus ar eolas beo go deimhin trí *Twitter, Flickr, Instagram, Facebook* agus a leithéid eile.
ag brath ar 'rochtain ceadaitheach depending on permitted access
" Tá tuairim is 8,300 km de bhealaí siúlóide ann atá ag brath ar 'rochtain ceadaitheach', ceart siúil gur féidir a tharraingt siar am ar bith.
chun fadhbanna rochtana a sheachaint to avoid the problems of access
" Tá breis is céad siúlóid lúibe agus 16 cosán fad-achair sa tír ach is ar bhóithre poiblí, seachas i bhfiántas na gcnoc, a bhíonn go leor acu sin chun fadhbanna rochtana a sheachaint.
maidir le rochtain ar in regard to (their) accessing
" Dar leis an gCoiste go bhfuil idirdhealú neamhdhleathach á dhéanamh ag Éirinn ar na hoibrithe seo maidir le rochtain ar ghairmoiliúint agus ar ardoideachas.
an fáil nó an rochtain chéanna the same access
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
maidir le ceangail idirlín in regard to internet access
" Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín.
teacht go furasta ag an phobal ar the public (would have) easy access to
" com) ina mbeadh teacht go furasta ag an phobal ar an ábhar ríluachmhar seo.
an rochtain access
" Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí.
rochtain access
" Bhí ionadh ar Weizenbaum nuair a nocht daoine rún a gcroíthe agus fearg ar roinnt dá “othar” nuair a thuig siad nach raibh ann ach meaisín agus go raibh rochtain ag Weizenbaum ar an eolas a roinn siad leis an meaisín céanna.
ná rochtain fóin go héasca nor an easy access to a phone
" Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.
an fháil ar oideachas the access to education
" Cé atá ag tabhairt aghaidh ar an Fhoréigean Bhaile, nó ar an fháil ar oideachas nó ar chúram leanaí?
gnóthaí rochtana idirlín matters of internet access
" Toradh amháin is ea go dtuigim anois a dhonacht is atá gnóthaí rochtana idirlín 3G in áiteanna ar leith agus braithim ciontach faoin ráiméis a bhí mé ag caitheamh ‘síos na píopaí’ chugaibh sna ceantracha úd.
sa chruth go mbeidh fáil ag cách so that everyone shall have access
" Fágfar Beo! ar líne don am atá romhainn sa chruth go mbeidh fáil ag cách feasta ar an chartlann luachmar atá cnuasaithe thar na blianta ann.
pointe bordála access points
" Deir Fáilte Éireann go bhfuil fógraí ag 23 ‘pointe bordála’ agus ag 159 ‘pointí fionnachtain’ fud fad an stáit san áireamh ins an chostas seo fosta.
rochtain ar leathanbhanda access to broadband
" Is í Éirinn an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir le rochtain ar leathanbhanda ach tá seans go rachfar i ngleic leis an fhadhb seo go luath.
rochtain ar access to
" Bunaithe in 1864, is í seo an t-aon ollscoil ar domhan a bhfuil rochtain ar gach clár staidéir do na bodhair ann agus pléann Lucas le gothaíl agus le héagsúlacht na dteangacha comharthaíochta.