Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teacht isteach ar to become accustomed to
" Mar shampla, níl focal Béarla (ná aon teanga eile) le cloisint ach Seicis amháin ar na fógraí taistil ar an *metro*, ar an mbus agus ar an *tramvaj*, agus muna bhfuil taithí agat ar theanga Shlavach, tógann sé tamall teacht isteach ar léamh agus ar chóras foghraíochta na Seicise.
chomh cleachtach sin ar an mbréag so accustomed to lies
" Tá an pobal chomh cleachtach sin ar an mbréag anois nach dtugann siad mórán airde uirthi.
dul i dtaithí ar become accustomed to
" D’fhéadfainn dul i dtaithí ar an saghas saoil seo.
cleachtaithe accustomed to
" Thug Richard Walsh, urlabhraí Shinn Féin Poblachtach, a thuigeann smaointeoireacht na n-easaontóirí, (nach iontach na nathanna cainte ar éirigh muid cleachtaithe leo!) preasócáid le dearcadh a pháirtí a chur faoi bhráid an phobail.
dul i dtaithí become accustomed
" Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel.
thiteamar isteach we accustomed
" Gheall fáilteoir dó nach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean.
D’éiríomar cleachta we became accustomed
" D’éiríomar cleachta le leimhe agus le lagchaighdeán ar na scáileáin teilifíse agus sna meáin chumarsáide le glúin anuas.
Nuair a théann tú i dtaithí ar when you become accustomed to
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.