Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is lú achair the smallest
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
i ndeireadh achair at the end
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
achair ghearr a short time
" Osclaíodh dioscó roinnt blianta ó shin ach dúnadh é i ndiaidh achair ghearr de bharr nár luigh sé isteach le hatmaisféar an oileáin.
roinnt achair some time
" Coicís tar éis an ionsaithe, bhí laghdú 75% ar an uimhir sin agus is léir go mbeidh sé roinnt achair sula mbeidh aon leigheas ar an scéal.
b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair it might not be long
" Ní féidir a rá fós cén toradh a bheas ar an stráitéis nua margaíochta, ach b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair go mbeidh tionscal na turasóireachta ar a sheanléim arís.
ar feadh achair áirithe for a certain period of time
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
tar éis achair ama in time
" Sa bhliain 1380, nuair a fuair an Danmhairg smacht ar na hoileáin i dtosach, rinneadh teanga na heaglaise, an teanga scríofa agus, tar éis achair ama, an teanga a úsáideadh i gcúrsaí oifigiúla i gcoitinne den Danmhairgis.
níor thóg sé mórán achair it didn't take long
" D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic.
gan mórán achair before long
" Sa bhaile gan mórán achair.
dhéanann réidh an achair paves the way (for)
" Cúrsaí treabhchais de, is ionann gan freastal ar thórramh duine bocht a dúnmharaíodh agus taobhú na treibhe, is dóigh, ach an té a mhaireann i bhficheadaí an chéid seo caite, tá sé in am aige a thuiscint nach bhfuil slí dá iompar a thuilleadh, slí a dhéanann réidh an achair don mharú sheicteach i saol na linne seo.
achair length
" Bhí a fhios ag an domhan mór go raibh muintir Thíomór Thoir thíos leis an nascghabháil agus gur caitheadh go dona leo ar feadh an achair 24 bliain a raibh siad faoi dhiansmacht fórsaí míleata na hIndinéise.
achair chéanna same time
" Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna.
achair distances
" Comórtas trí lá a bhí ann, ar achair éagsúla.
achair length
" Seo mo chéad uair ar an oileán agus tá fonn orm an achair uilig a shiúl, ó cheann go tóin.
leath an achair half the distance
" Dá mbeadh milliún duine ina gcónaí i lár na hÉireann, an dream líonmhar sin a dteastaíonn uathu cuairt a thabhairt ar a gcairde nó a ngaolta i nGaillimh nó i mBinn Éadair, i nDoire nó i gCorcaigh, ní bheadh ach leath an achair le taisteal acu, thar mar a tharlaíonn achan deireadh seachtaine, ó thús deireadh na bliana.
gan móran achair very soon
" Ar an 21 Feabhra, dúirt Shimon Peres, Uachtarán Iosrael, gurbh “íoróin na staire” í go raibh an chuma ar an scéal gur in ionad “Meánoirthear gan Iosrael” go bhfeicfí gan móran achair “Libia gan Gaddafi.
beagán achair roimhe a short while prior
" Bean a raibh airgead aici fós beagán achair roimhe sin ba léir.
leath an achair ama half the amount of time
" Mura bhfuil ann ach leath an achair ama is atá caite ag an Normannach inár measc, is mithid fós féin ‘Éireannach’ a thabhairt ar an ‘Albanach’ a mhaíonn gur Éireannach é.
achair gairid a short while
" Tá folús fágtha sna teaghlaigh agus sna pobail a d’fhág siad ina ndiaidh agus i gceann achair gairid blianta, beidh toradh an imeachta le feiceáil in ísliú an daonra agus i ndúnadh scoileanna faoin tuaith.
ag taisteal achair travelling a distance
" Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil.
fad-achair long distance
" Tá breis is céad siúlóid lúibe agus 16 cosán fad-achair sa tír ach is ar bhóithre poiblí, seachas i bhfiántas na gcnoc, a bhíonn go leor acu sin chun fadhbanna rochtana a sheachaint.
i gcaitheamh an achair all the time
" Briseadh na Teorann: ======= Táimse sách fada ar an saol seo is gur deacair dom dearmad a dhéanamh ar an gcogadh uafásach ó thuaidh lenar thacaigh Sinn Féin, i gcaitheamh an achair.
i rith an achair in that time
" (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair.
Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair men within a mile distant
" Tógann sí a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair.
ar feadh achair for a while
" Go deimhin chiúnaigh cúrsaí ar feadh achair, agus thapaigh Meiriceá an deis seo a dtrúpaí a tharraingt siar.
gan mórán achair in a short time
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
nach bhfuil réidhe an achair a thuilleadh le has lost the old magic
" Tá Robert McMillen den tuairim nach bhfuil réidhe an achair a thuilleadh le ceannaire Shinn Féin, mar a bhíodh tráth dá raibh.