Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aclaíocht athleticism
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
ag déanamh aclaíochta exercising
" Lá amháin, i ndiaidh argóna, pholl sí a fear céile, a bhí seachtó bliain d'aois, le scian chistine agus é ag déanamh aclaíochta ar urlár an tseomra suí.
Seomra aclaíochta exercise room
" Seomra aclaíochta, seomra ciúin, leithreas, le crochadóir an duine ag gach páiste lena thuáille féin, agus a scuaibín fiacal agus a shlaod fiacal.
hionad aclaíochta fitness centre
" Faoi láthair tá socruithe á ndéanamh le hionad aclaíochta a chur ar fáil a rachas chun sochair do mhuintir iardheisceart na contae agus do chuairteoirí chomh maith.
neart aclaíochta plenty of exercise
" An bealach lena chinntiú nach mbeidh do pháiste fein ina measc ná an seanoideas traidisiúnta a leanacht: bia sláintiúil agus neart aclaíochta.
aclaíocht agility
" Níl mé ag iarraidh ráiteas pearsanta a dhéanamh anseo, ach chuir mé féin isteach ar an damhsa ar an sean-nós an bhliain seo a chuaigh thart, ag an Oireachtas sa Daingean, agus bhí na moltóirí dall ar an aclaíocht agus an lúfaireacht lenar chuir mé an rince cogaidh ar an sean-nós i láthair.
ní thig an aclaíocht domhsa cibé exercise doesn't suit me anyway
" "Órú, ní thig an aclaíocht domhsa cibé.
aclaíocht exercise
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
aclaíochta exercise
" Ar ndóigh, cuireann an bhéim seo ar an charr teorainn leis an mhéid aclaíochta is féidir le daoine a fháil go laethúil.
aclaíochta exercise
" "Action Kids" an t-ainm atá ar an gclár, agus é mar aidhm aige nósanna maithe aclaíochta agus cleachtadh coirp a mhúineadh do na gasúir nuair a bhíonn siad an-óg, ag súil is go leanfaidh siad ar aghaidh leo nuair a éireoidh siad níos sine.
aclaíocht fitness
" Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!) Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí.
ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail cross-community sports and fitness centre
" (Tá an láithreán le forbairt anois mar ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail.
mo chaighdeán aclaíochta my standard of fitness
" Cad faoi nithe pearsanta? Bhuel, ba bhreá liom mo chaighdeán aclaíochta a ardú go suntasach – ar nós thromlach an daonra! Roinnt meáchain a chailliúint, éirí as caife a ól, ceithre lítear uisce a ól gach lá agus díriú ar bhia níos folláine ar nós torthaí agus glasraí.
gnéithe éagsúla den aclaíocht various aspects of exercise
" Trí huaire sa lá, i mbun gnéithe éagsúla den aclaíocht agus dona scileanna, a bhíonn lucht pheil na hAstráile.
tríd an aclaíocht sin through that fitness
" Go bunúsach, dhéanfadh sé cinnte go mbeadh foireann Átha Cliath níb aclaí ná aon fhoireann pheile eile sa tír agus tríd an aclaíocht sin go mbeadh an fhoireann chomh láidir agus chomh bríomhar sna nóiméid dheireanacha den chluiche is a bhíodar ag an tús.
ag déanamh aclaíochta exercising
" An bhfuil bunús ar bith leis na hargóintí seo? Má tá rogha le déanamh ag duine idir deich nóiméad a chaitheamh i ngluaisteán deas nua, nó leathuair a chaitheamh ag déanamh aclaíochta ar rothar – gan cithfholcadán a bheith aige ina oifig – thuigfeá a chinneadh gan úsáid a bhaint as a rothar.
scriosta ag an aclaíocht destroyed by the exercise
" Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
aclaíocht exercise
" Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; developing the players' fitness;
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
aclaíocht exercise
" "Tá cuid de na rannpháirtithe ag iarraidh bualadh le daoine nua agus tá cuid eile acu ag iarraidh aclaíocht a dhéanamh.
seomra aclaíochta gym
" Tá mé in Orlando faoi láthair, in óstán deas le seomraí móra, idirlíon saor in aisce, bricfeasta álainn, seomra aclaíochta agus beár.
haclaíocht exercise
" Feidhmíonn na mórbhealtaí mar dhúnfoirt thart ar na bailte seo ag cur cosc le siúl nó le haclaíocht de chineál ar bith.
aclaíochta fitness
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
neart aclaíochta plenty of exercise
" Bheartaigh mé ó mhí roimhe sin maireachtáil shláintiúil a chur i bhfeidhm – neart aclaíochta a dhéanamh, gan an iomarca a ól, agus gan a dhath ach bia follán a ithe.
aclaíocht agility
" Bheartaigh mé ó mhí roimhe sin maireachtáil shláintiúil a chur i bhfeidhm – neart aclaíochta a dhéanamh, gan an iomarca a ól, agus gan a dhath ach bia follán a ithe.
aclaíochta exercise
" Chaill mé meáchan dá bharr sin, ach shíl achan duine go raibh mé leis an Chlub Chaol! Dá mbeadh sé le déanamh agam, bheadh sé iontach doiligh agam é a dhéanamh mar nach bhfuil an féinsmacht sin agam le tabhairt orm féin a bheith ag déanamh aclaíochta agus a bheith ag ithe na rudaí cearta.
haclaíocht agility
" Ó Riain, cúl báire Chill Chainnigh, trí cinn d’iarrachtaí ar chúil ó thosaithe Thiobraid Árann, Eoin Ó Ceallaigh ina measc, a stopadh le lúth agus le haclaíocht iontach agus murach é ní móide gur ag na Cait a bheadh an bua.
aclaíocht exercise
" An ndéanann tú aon aclaíocht a Dháithí? DÓS: Déanaim.
gnáthaimh aclaíochta exercise routines
" Is sás é ó Nike ar ndóigh atá lán le gnáthaimh aclaíochta idir 15 agus 45 nóiméad.
an-aclaíocht very fit
" Cé go raibh leithead mór iontu, agus airde dá réir, agus an chuma orthu go raibh siad ar a laghad seachtó bliain d’aois, bhí an-aclaíocht iontu, agus ní raibh stró ar bith orthu éirí den urlár ná suí fúthu arís agus arís eile.
i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta at the peak of their fitness and agility
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
an t-ionad aclaíochta gym
" Tógaim buidéal den tae glas liom gach lá go dtí an t-ionad aclaíochta sa chathair ina bhfuil conaí orm, Salvador, in oirthuaisceart na Brasaíle.
aclaíochta of exercise
" Beidh lá aclaíochta acu agus beidh deis acu aithne a chur ar shlua daoine eile as áiteacha éagsúla a bhfuil Gaeilge acu.
Níor leor an aclaíocht intleachta in éadan intellectual gymnastics wasn’t enough against
" Níor leor an aclaíocht intleachta in éadan Tarantino Unchained.
mar gheall ar an aclaíocht due to the exercise
" Bhí cuma mhaith air mar gheall ar an aclaíocht, is dóigh, ach bhí dearcadh iontach dearfach aige.
an méid béime atá curtha ar an aclaíocht the amount of emphasis placed on exercise
" Ach sna laethanta seo, leis an méid béime atá curtha ar an aclaíocht agus ‘*six packs*’ i measc na bhfear tá an galar seo ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae” a dúirt Simon.
don aclaíocht for exercise
" Tá mé iarraidh am a chruthú i mo shaol don spórt is don aclaíocht.
Ní dhéanaim a dhóthain sa seomra aclaíochta I don’t do enough in the gym
" Ní dhéanaim a dhóthain sa seomra aclaíochta, ach téim ann faoi dhó sa tseachtain.
an aclaíocht athletics
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
d’fhill sé ar an aclaíocht he returned to activity/ training
" An scéal céanna le Colm O Neill ar fhoireann Chorcaí, ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ciseach dá ballnasc croiseach tosaigh faoi trí agus is annamh a tharlaíonn sé faoi trí! An tríú huaire a tharla sé ná i mí Mhárta anuraidh agus d’fhill sé ar an aclaíocht i mí Eanáir i mbliana.
trí aclaíocht a dhéanamh by exercising
" Deir an Dochtúir Ní Anluain “gurbh fhéidir leo dea-shampla a thaispeáint trí aclaíocht a dhéanamh go minic le chéile, b’fhéidir an carr a fhágáil sa bhaile uaireanta nó an rothar a thógáil amach.
halla aclaíochta a gym
" **SMM: Maidir le caitheamh aimsire, céard is fearr leat a dhéanamh?** NFarrell: Téim chuig halla aclaíochta agus téim ag rith.
aclaíocht atletics
" Tacaíocht Bheag Eile ======= Bhí mé féin ag iarraidh beart éicint a dhéanamh agus dhírigh mé ar thús a chur leis an aclaíocht agus rás deich gciliméadar a dhéanamh ar son na carthanachta.
an aclaíocht. exercise.
" Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.