Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
acmhainní resources
" Tá tuilleadh forbartha le déanamh ar ról na Comhdhála agus tá mé cinnte go mbeidh ar ár gcumas sin a dhéanamh ach acmhainní a bheith ar fáil chuige.
acmhainní resources
" Níl aon easpa acmhainní ag pobal Gaeltachta an lae inniu; tá an státchóras ag infheistiú go trom i seirbhísí éagsúla: leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Lá, www.
acmhainní breise extra resources
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
Acmhainní resources
" Ba cheart chomh maith Ionad Náisiúnta Acmhainní a bhunú chun ábhar a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
acmhainn eacnamaíochta economic resource
" Cén fáth ar bunaíodh é? Le go neartofaí an Ghaeilge, go háirithe mar acmhainn eacnamaíochta, i limistéar na Gaillimhe.
acmhainní scríofa written resources
" Cluas le héisteacht Tá go leor acmhainní scríofa ar an idirlíon do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge - ach, ar ndóigh, is fearr teanga a chloisint freisin.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
hacmhainní resources
" Ní raibh na hacmhainní á gcur isteach ann a bhí ag teastáil.
acmhainní resources
" Ag am céanna seo, bhí rud an-chabhrach nua le fáil i mo bhaile, is é sin an t-idirlíon, agus a lán acmhainní as Gaeilge air (agus an iris nua *Beo!* anois, atá ar fheabhas i mo thuairimse).
acmhainní resources
" Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanaimid agus tá gá i gcónaí le breis acmhainní a sholáthar d'fhonn freastal cuimsitheach a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna agus lucht foghlama agus léite na Gaeilge i gcoitinne.
na hacmhainní cuí the proper resources
" Tá oiread a d'fhéadfaí a dhéanamh ach na hacmhainní cuí a bheith agat.
acmhainní resources
" Ach an mbeidh na haltraí sásta filleadh ar na seanphostanna a thréig siad - postanna ar thuarastail ísle agus le leibhéal ard struis? An mbeidh an Rialtas in ann tacaíocht na ndochtúirí comhairleacha a fháil nuair a laghdófar an méid ama agus an méid acmhainní is féidir leo a chaitheamh lena gcliaint phríobháideacha.
acmhainní resources
" Tá meáin neamhspleácha mar an *Irish Times* de dhíth ar phobal na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh saol lucht labhartha na teanga níos boichte mura mbíonn na hacmhainní ag Raidió na Gaeltachta chun seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar.
an bhfuil sé i d'acmhainn can you afford
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
acmhainní resources
" Is de bhunús Laidineach duine is gach ochtar sa tír, agus tá páistí na Laidineach i measc na n-acmhainní is luachmhaire dá bhfuil ag Meiriceá.
acmhainní resources
" Ar ndóigh, bheadh sé go maith dá mbeadh na hacmhainní ann chun gach leabhar 700 leathanach ar Java a aistriú!" Cé gur fhreastail duine eile de bhunaitheoirí an chomhlachta, Eoin Ó Ceallacháin, ar Scoil Chaitríona in aice le DCU, níor fhreastail Darren féin ar ghaelscoil.
acmhainn resource
" Cén fáth ar bunaíodh é? Is é príomhaidhm Breacadh acmhainn aosoideachais ar ardchaighdeán a fhorbairt do chainteoirí dúchais Gaeilge; is é sin le rá, acmhainn a chuireann le comhthéacs teanga agus cultúir na Gaeltachta.
acmhainn an-luachmhar very valuable resource
" Is acmhainn an-luachmhar iad na hinimiricigh don gheilleagar mar go bhfuil siad sásta an obair shuarach sin a dhéanamh nach bhfuil rótharraingteach do na hIodálaigh níos mó.
mar nach acmhainn dúinn because we can't afford
" Tá an fhoireann beag mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.
ní hacmhainn linn we can't afford
" An praghas dá réir, faraor; ní hacmhainn linn oiread is ubhchupán a cheannach.
nach raibh acmhainn ar bith aici ar thórraimheacha that she couldn't stand/tolerate wakes
" Nuair nach dtiocfadh léi a theacht ar Emer smaoinigh sí nach raibh acmhainn ar bith aici ar thórraimheacha nó ar scaiftí.
acmhainní daonna human resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Is í an phríomhlaige ná an easpa acmhainní daonna sa dá ghné den obair: ceapadh na téarmaíochta: tagann na coistí le chéile lá amháin sa mhí ach bíonn i gcónaí i bhfad níos mó le déanamh ná mar is féidir a chríochnú taobh istigh den achar sin.
muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol confident of the capacity of the Irish language to describe their lives accurately
" Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol.
acmhainn resource
" Is gá dúinn ar ndúchas agus ár gcultúr a bhrú chun tosaigh mar acmhainn ar leith; thig a rá gurb í Éirinn is fearr a choinnigh dúchas na gCeilteach idir theanga, sheandálaíocht, bhéaloideas agus cheol.
acmhainn resource
" Ach nach fearr sin ná cumhacht núicléach? Nach fearr é ná an truailliú ó ghual agus ó ola - dhá acmhainn nach mairfidh go deo.
atá sé in acmhainn againn a íoc that we can afford
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
acmhainní resources
" Ní féidir leis an gcomhlacht gníomhú ina aonar maidir leis na cúrsaí seo agus go dtí go gcuirfidh Foras na Gaeilge breis acmhainní ar fáil do ÁIS, na dáilitheoirí leabhar, ní thiocfaidh aon fhorbairt ar an tionscal.
acmhainní resources
" An drochrud é, mar sin, íoc as bogearraí nó seirbhísí eile idirlín? Má chaitheann daoine am ag forbairt acmhainní, ba chóir go mbeadh cead acu táille a ghearradh as a gcuid seirbhísí - go fiú más ar ríomhaire a bhí siad ag obair.
acmhainní resources
" D'fhéadfadh na hionaid sin a bheith ina mbunchlocha le forbairt níos fearr a dhéanamh ar chuid d'acmhainní móra an cheantair - an fharraige agus an Ghaeilge.
acmhainní resources
"acmhainní nach beag ar fáil ag Foras na Gaeilge le straitéisí teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht agus tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht chéanna do réimse leathan tionscadal ó thuaidh agus ó dheas.
acmhainní resources
" Tá an dochtúir uasal seo ag obair sa seomra céanna le tríocha bliain, gan athrú nó feabhas tagtha ar a chuid acmhainní, ach amháin gur cuireadh cóta péinte ar na ballaí.
Acmhainn chomónta common resource
" Ar chóir ceist atá chomh tábhachtach leis a fhágáil i lámha na n-airí mara amháin? Acmhainn chomónta í an fhlúirse iasc atá sna farraigí thart timpeall orainn.
an acmhainn seo a ídiú to expend this resource
" Níl aon cheart ar leith ag na hiascairí an acmhainn seo a ídiú go mífhreagrach bliain i ndiaidh bliana, faoi mar atá déanta acu leis na cianta.
acmhainn dhaonna human resource
" B'fhéidir gur chóir don Chumann Lúthchleas Gael níos mó leasa a bhaint as an acmhainn dhaonna seo atá ina measc chun feabhas a chur ar reáchtáil agus ar fhorbairt na gcluichí.
nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil that he couldn't afford to rear a family
" Admhaíonn Colm gur beag airgead atá déanta acu ó thosaigh siad, go bhfuil sé deacair acu maireachtáil ar an cheol agus nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil, cuir i gcas.
acmhainní resources
" 11?" Dúirt Coimisinéir na bPóilíní, Ray Kelly, go rabhthas ag caitheamh na milliún dollar d'acmhainní na bpóilíní ar na hagóidí seo, airgead a bhíothas in ainm is a chaitheamh ag troid i gcoinne na coireachta agus ar oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta.
na hacmhainní nádúrtha the natural resources
" Tá daoine ann nach n-aontaíonn leis na mílte bairille a bheith sa chuan ach, ag deireadh an lae, is fostaíocht é ó na hacmhainní nádúrtha atá againn.
acmhainn resource
" Bhí an Ghaeltacht ann mar acmhainn agus thugas tréimhsí fada ag imeacht siar.
acmhainní na bpóilíní áitiúla the resources of the local police
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
acmhainní resources
acmhainní resources
" Ag a gcruinniú anuraidh thug ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Seapáine, na Breataine agus na Rúise gealltanas sollúnta go gcuirfí na hacmhainní ar fáil do na tíortha is boichte le go bhféadfaí gach buachaill agus cailín sna tíortha sin dul ar scoil faoin mbliain 2015.
a mbeadh sé d'acmhainn aige who would have the capacity
" Dar leis an iris *Hustler *gurb é Henry "007" Ó Dónaill an t-aon duine faoin taobh sin tíre a mbeadh sé d'acmhainn aige an long a pholladh le neart a ngéag féin, ach séanann an snámhaí clúiteach gurbh eisean a bhuail an long.
Acmhainní Nádúrtha natural resources
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
acmhainn resource
" Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail.
acmhainní nádúrtha natural resources
" Tá infheidhmiú na n-acmhainní nádúrtha ag dul ar aghaidh go han-ghasta, agus tá greim an airm ar an tír tar éis éirí níos daingne.
a mbeadh sé d'acmhainn aige who could afford
" Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trí-theangacha crochta anois: "*Keine Dogs*, le bhur dtoil! *Keine Paddies *le bhur dtoil!" Magadh beag searbh atá ann nó níl *Paddy *ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d'acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnachta nach bhfuil ite.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford to buy
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe that unionists have a sense of humour
" "'Bainfidh Trimble den 313ú huair, ach tiocfaidh Jeffrey ar ais ar an bhliain seo chugainn le é a dheánamh arís,' arsa urlabhraí de chuid an UUP sular bhris sé amach a chaoineadh!" Ach measann daoine gur laoch an aontachtachais é Emerson mar go léiríonn sé go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe, go n-aithníonn sé na lochtanna atá ar an dream a dtugann sé tacaíocht dóibh, oiread le héirí in airde Shinn Féin, agus na lochtanna atá ar phróiseas na síochána.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha taking advantage of its natural resources
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
acmhainní resources
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
acmhainní nádúrtha natural resources
" Tá an tír iontach saibhir ó thaobh mianraí agus acmhainní nádúrtha de ach is beag iarracht atá déanta ag na rialtais dhifriúla plean tionsclaíochta a chur le chéile chun leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo agus an geilleagar agus saol na ndaoine a fheabhsú.
in acmhainn they couldn't afford
" Lena chois sin, ní raibh na comhlachtaí beaga ceirníní ar leo na grúpaí *Alpenrock *in acmhainn cur in aghaidh Sony ná EMI.
acmhainní resources
" Ní hé amháin go bhfuil smacht acu ar an maoiniú ach tá na hacmhainní agus an chumhacht acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhar linn go léir.
acmhainní resources
" " Nuair a fhiafraím de an dóigh leis go bhfuil an rialtas ag baint na húsáide is fearr as na hacmhainní atá ar fáil acu chun na heaspaí sin a laghdú, tugann sé freagra pearsanta.
easpa acmhainní lack of resources
" Níl aon easpa acmhainní i gceist in EasyReader, clár nua ríomhaireachta atá dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
an acmhainn is úsáidí the most useful resource
" Is é an foclóir leictreonach an acmhainn is úsáidí sa chlár seo - áis a bheas ina cabhair mhór ag aon duine a bhíonn ag scríobh as Gaeilge.
an iomarca acmhainní a chur ar fáil to provide too many resources
" Tá a lán rudaí úsáideacha in EasyReader ach tá an chuma air go bhfuil iarracht déanta an iomarca acmhainní a chur ar fáil i bpacáiste amháin.
acmhainní resources
" Ba é 'Cúrsaí' an t-aon (seachas ceann nó péire eile) rud as Gaeilge a bhí ag dul amach ar an aer agus bhí na hacmhainní bunúsach go leor.
acmhainn chultúrtha cultural resource
" Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha.
níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc ordinary people can't afford to pay that much
" " Costas ard ======= Chosain sé €680 an RTC a fháil agus níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc; b'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Dochtúir Newman nuair a deir sé go bhfuil na tuairiscí seo á gceilt ar an bpobal.
acmhainní resources
" Tá buaireamh ar chuid mhór ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) nach mbeidh de thoradh ar an iarracht is déanaí Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí idirnáisiúnta neamhdhúchasacha, ach céim eile i dtreo dhíghaelú an chumainn, a chuid acmhainní agus a chuid imeachtaí éagsúla.
acmhainní resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Laigí: Tá a lán oibre le déanamh againn ach cuireann an teorainn atá lenár gcuid acmhainní isteach ar luas an dul chun cinn is féidir linn a dhéanamh.
a acmhainn grinn ghoimhiúil his mordant sense of humour
" Dá bharr seo, tá muinín caillte aige as a Eaglais, cé nach bhfuil as a chreideamh, agus scríobhann sé faoi chailleadh an údaráis mhorálta, ag baint úsáid mhaith as a acmhainn grinn ghoimhiúil.
más acmhainn dóibh é if they can afford it
" Ní féidir locht a chur ar dhaoine as imeacht thar lear cúpla uair sa bhliain más acmhainn dóibh é.
acmhainní resources
" Níl puinn acmhainní ag Am Mòd; is mise, an reachtaire, an t-aon duine amháin atá ar an fhoireann, agus tá an t-imeacht costasach - cosnaíonn sé timpeall £250,000 le hé a chur sa tsiúl.
acmhainn chultúrtha cultural resource
" Maíonn Géaróidín Ní Ghioballáin, an duine atá freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an bhféile, gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar "acmhainn chultúrtha agus acmhainn a bheadh páirteach i bhforbairt bhuan an cheantair".
acmhainní resources
" Chualamar léachtaí thar a bheith suimiúil faoi ábhair éagsúla, mar shampla, tuismitheoirí ag tógáil clainne go dátheangach, acmhainní Gàidhlig d'fhoghlaimeoirí, tionscadal foclóra Gaeilge-Breatnais, srl.
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b'fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo.
Níl mé féin in acmhainn cónaí I can't afford to live
" "Níl mé féin in acmhainn cónaí san áit ar éirigh mé aníos," a deir Guerrera, arbh as Maigh Eo a mháthair sular shocraigh sí síos leis an teaghlach i Rockland County.
acmhainní resources
" ÉÓD: Cad iad na hacmhainní a d'úsáid tú sna ranganna Gaeilge? DW: D'úsáideas Foclóir Uí Dhónaill, *New Irish Grammar*, agus graiméar na mBriathra i nGaeilge - b'in an méid.
Easpa foirne agus acmhainní lack of staff and resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an COGG? Laigí: Easpa foirne agus acmhainní.
acmhainní resources
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
na hacmhainní teicneolaíochta the technological resources
"na hacmhainní teicneolaíochta ann leis an saibhreas oidhreachta a chraobhscaoileadh agus creidim go bhfuil dualgas ar an Bhrainse a theacht i dtír orthu sin, ar acmhainní an idirlín ach go háirithe.
acmhainní resources
" Ach, dár ndóigh, níl go leor acmhainní againn faoi láthair.
acmhainní resources
" Cheapfá ón méid a bhí le rá aige gur fadhb dhoréitithe a bhí ann agus nach mbeadh ar chumas aon rialtais a leithéid a dhéanamh, cuma cé na hacmhainní a chaithfí léi.
acmhainní resources
" Láidir fosta ag caint faoi thalamh is acmhainní nach bhfuil á bhforbairt mar is ceart ag an Údarás.
acmhainn chumhachtach powerful resource
" Ag deireadh an lae, is acmhainn chumhachtach iad formáidí comhaid agus tá Tábhacht-As-Cuimse (TAS) ag baint lenár gcairde, na hAcrainmneacha Trí Litir (ATL).
acmhainní resources
" Dar leo nach mbeidh go leor acmhainní á gcaitheamh ar an meitreo, gur deis chaillte é.
níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích I can't afford to do it
" MOLLY: Ó? MÁNAS: Tá smaointeamh mór amháin i mo cheann agam ach níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích.
Is acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh. They can afford to do such a thing.
acmhainní resources
" ” Seafóid iomlán ======= Luach airgid, cur amú ama agus acmhainní – cloisfidh tú a leithéid seo go minic agus tú ag caint le Donncha Ó hÉallaithe.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford
" Ceannaíonn siad na himreoirí is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach ionas go mbuafaidh siad cluichí agus coirn chun an lucht leanúna a mhealladh le ticéid, léinte agus araile a cheannach.
acmhainní neamhghnácha unusual resources
" Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.
an-acmhainn grinn a great sense of humour
" Is bean láidir, fhéinmhuiníneach í a bhfuil an-acmhainn grinn aici, agus tá sé amuigh uirthi nach bhfuil foighid ar bith aici le daoine nach bhfuil meas aici orthu.
acmhainní aiceanta natural resources
" Bheifeá ag súil, áfach, go ndéanfadh an Rialtas iondaíocht mhaith ar an phobal, go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn maidir lenár n-acmhainní aiceanta agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
" Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil.
acmhainn grinn sense of humour
"acmhainn grinn ar leith i gceist sa dráma seo, a scríobh Darach Ó Scolaí agus ar bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín air i mbliana.
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh there's a danger that some won't be able to afford to make their repayments
" Bhí daoine breá sásta iasachtaí móra a ghlacadh bunaithe ar rátaí ísle úis ach anois is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh.
acmhainní nua-aimseartha modern resources
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna in the Department of Communications, the Marine and Natural Resources
" Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, má bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar aireacht shinsearach dó sa Roinn Talmhaíochta nó sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.
acmhainní resources
" Ach ar aon nós, ní ceist acmhainní í ceist na Gaeltachta faoi láthair.
is acmhainn dóibh they can afford
" Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh.
de cheal acmhainní cuí múinteoireachta because of a lack of appropriate teaching resources
" Léiríonn an suirbhé go bhfuil meath tagtha ar chaighdeán na Gaeilge sa 103 bunscoil Ghaeltachta, de cheal acmhainní cuí múinteoireachta, b’fhéidir.
acmhainní daonna human resources
" Scátheagras iomlán idir na cumainn Ghaelacha, le foinsí maoinithe agus acmhainní daonna chun ár n-imeachtaí féin agus a n-imeachtaí siúd a rith.
acmhainn gheilleagrach economic resource
" Tosóidh Dé Sathairn le seisiún faoin nGaeilge mar acmhainn gheilleagrach agus is é Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, a bheas sa chathaoir.
acmhainní móra margaíochta big marketing resources
" Ar ndóigh, tá acmhainní móra margaíochta ag comhlachtaí chun duine a fhostú chun blag a choimeád suas chun dáta.
acmhainn resource
" Ach i gcúrsaí gaoithe agus tonnta, is dócha go bhfuil Éire, leis an Aigéan Atlantach gaofar agus suaite, mórán níos fearr as, ó thaobh acmhainní de, ná an tSualainn.
acmhainn gheilleagrach economic resource
" Tosóidh Dé Sathairn le seisiún faoin nGaeilge mar acmhainn gheilleagrach agus is é Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, a bheas sa chathaoir.