Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gnáthimeachtaí an tsaoil everyday activities
" , is gá den bpáiste Éireannach dul i muinín an Bhéarla rómhinic agus gnáthimeachtaí an tsaoil á leanúint aige/aici.
gníomhaíochtaí activities
" Cén fáth ar bunaíodh í? Theastaigh ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair deis a bheith acu a theacht le chéile agus ábhair a phlé agus gníomhaíochtaí a rachadh chun leas comónta na Gaeilge a chur chun cinn.
ghníomhaíochtaí activities
" Tá athbhreithniú agus ceiliúradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Orchard le feiceáil sa taispeántas *Citizens Showcase* a osclóidh ar an 6 Iúil.
ghníomhaíochtaí tráchtála commercial activities
" Tá an córas WAP úsáideach fosta do ghníomhaíochtaí tráchtála, agus le teacht ar eolas faoi chúrsaí gnó, faoi chúrsaí siamsaíochta, agus faoi chúrsaí tráchta agus taistil.
ghníomhaíocht activity
" Is fiú dóibh siúd a bhfuil suim acu sa bholcán, ina éabhlóid agus ghníomhaíocht, cuairt a thabhairt ar an ionad cuairteoirí in aice le Scari, atá beag ach lán eolais.
príomhimeachtaí main activities
" Cén obair a dhéanann Oidhreacht Chorca Dhuibhne anois? Seo iad na príomhimeachtaí: Clár cúrsaí Gaeilge do phobal Chorca Dhuibhne.
gníomhaíochtaí deasa nice activities
" Taispeánann siad tírdhreacha a léiríonn pléisiúr agus suaimhneas seachas sclábhaíocht agus cruatan, agus daoine ag ligean a scíthe agus ag tógáil rudaí go réidh i mbun gníomhaíochtaí deasa.
imeachtaí mídhleathacha illegal activities
" **PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh? **ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas who used to be involved in paramilitary activity
" "Ní thugann muidinne aitheantas do dhream ar bith paramíliteach," a deir sé, "ach caitheann muid a aithint, má tá muid le bheith ag obair le grúpaí ónár bpobal féin agus le grúpaí ón phobal poblachtánach, go gcaithfidh muid a bheith sásta obair a dhéanamh le daoine a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas.
fuadar bustle, activity
" Ó thárla an tragóid uafásach i Sohom tá fuadar faoi na húdaráis sa stát seo, eagla orthu go mb'fhéidir go dtarlóidh eachtra mar é anseo.
gníomhaíochtaí mídhleathacha illegal activities
" Ach chuir Daily in iúl chomh maith nach raibh tuairisc ar bith faighte aige faoi Shanley a bheith i mbun gníomhaíochtaí mídhleathacha ar bith.
gníomhaíochtaí activities
" Tá obair mhór le déanamh ag an Fhoras fós, go háirithe ó thaobh pleanála teanga, le cinntiú go rachaidh a chuid gníomhaíochtaí i bhfeidhm ar an phobal ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus le cinntiú go gcothófar dearcadh agus atmaisféar dearfach úsáide.
grúpaí gníomhaíochtaí activity groups
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
fuadar activity
" Níor tháinig fuadar ceart faoin bhfeachtas i gcoinne an chogaidh i Vítneam go dtí roinnt blianta tar éis don troid tosú.
inár gcuid gníomhaíochtaí in our activities
" Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
neart gníomhaíochta plenty of activity
" Chuaigh muid isteach sna polaitholláin, a raibh neart gníomhaíochta ar siúl iontu.
gníomhaíochtaí breise extra activities
" Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen.
imeachtaí inmheánacha internal activities
" Mhaígh sé nach mbíonn cuid de na meisceoirí seo in ann srian a choinneáil ar imeachtaí inmheánacha a gcorp agus nach deas an boladh a bhíonn sna seomraí éigeandála dá bharr sin.
gníomhaíochtaí activities
" Ach tá fáthanna eile ann le gníomhaíochtaí Eircom a scrúdú, i mbliana ach go háirithe.
sraith gníomhaíochtaí a series of activities
" Taobh le taobh leis an bplean iompair sheol sé sraith gníomhaíochtaí chun geilleagar an aontais a spreagadh.
na príomhimeachtaí oideachasúla the main educational activities
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
ghníomhaíochtaí activities
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Baineadh amach na spriocanna gearrthéarmacha a bhí leagtha síos i dtús ama ach, de réir mar a bhí fás agus forbairt ag teacht ar ghníomhaíochtaí an Árais, bhí an fás agus an fhorbairt chéanna ag teacht ar na spriocanna.
réimse leathan imeachtaí a wide range of activities
" Tá an fheidhm chéanna ag an Áras anois agus tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ann ar bhonn lánaimseartha, agus tá breis agus tríocha grúpa difriúil ag baint úsáide as na háiseanna.
gníomhaíochtaí Gaeilge Irish language activities
" Ag leibhéal eile, is é an fhís atá agam ná go mbeadh eagar níos fearr ar fhorbairt na Gaeilge: le gur féidir linn an teanga a chur ar fáil don réimse mór den phobal atá á hiarraidh; le nach gcuirfear amú aon chuid den obair atá á déanamh, ag aon leibhéal, don teanga; le go mbeidh comhtháthú iomlán ann i gcás gníomhaíochtaí Gaeilge, idir chinn dheonacha, chinn stáit agus chinn Ghaeltachta, ó cheann ceann na tíre.
gníomhaíochtaí activities
" Maidin gheal gheimhridh agus lucht lár na cathrach ag cur tús le gníomhaíochtaí an lae.
réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha a wide range of sexual activities
" I gcás True Love Waits, tagraíonn "staonadh ó ghnéas" do réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha.
gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha the activities of the Irish representatives
" I ndiaidh an dara reifreann ar Chonradh Nice, cuir i gcás, cuireadh 32 éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise isteach maidir leis an gcoiste sin agus maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha ann.
gníomhaíochtaí activities
" Tá mionsonraí ár gcuid gníomhaíochtaí le feiceáil ag (www.
imeachtaí activities
" Ag an am, d'fhoilsigh an iris *Hibernia *alt inar dúradh go raibh gá le fiosrúchán neamhspleách maidir le himeachtaí Shaor Éire agus easpa gníomhaithe an rialtais ina leith.
formhór ár ngníomhaíochtaí most of our activities
" Tá cúpla naíonra agus naíolann lán-Ghaeilge bunaithe, cumainn óige agus eile, ach is obair leanúnach, gan deireadh riamh, atá i gceist le formhór ár ngníomhaíochtaí.
gníomhaíochtaí coiriúla criminal activities
" Creidtear go bhfuil gadaíocht ealaíne ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is luachmhaire ar domhan anois, i ndiaidh drugaí agus gáinneáil daoine.
gníomhaíocht pharamíliteach paramilitary activity
" Ag scríobh dó san *Irish Times* an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson, leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s'aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.
gníomhaíochtaí activities
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
imeachtaí laethúla daily activities
" Mar shampla, scríobhann siad dialann faoina n-imeachtaí laethúla agus seolann siad litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist chugam.
réimse leathan gníomhachtaí a wide range of activities
" Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta.
gníomhachtaí gnó business activities
" Le linn tréimhse ina bhfuil níos mó agus níos mó gníomhachtaí gnó ag bogadh i dtreo an idirlín, cheapfá go mbeadh gach duine sa tír ag brostú chun bandaleathan a fháil.
clár nua gníomhaíochtaí a new programme of activities
" Thug mé cuairt le gairid ar an naíonra Gaeilge atá i mBéal an Átha Mhóir, áit a bhfuil clár nua gníomhaíochtaí do pháistí réamhscoile á chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach.
lear mór gníomhaíochtaí a great number of activities
" Bíonn lear mór gníomhaíochtaí i gceist, idir rásaíocht, dhamhsa, aclaíocht, lúthchleasaíocht agus spraoi, agus baintear úsáid as an gceol agus as rannta beaga chun na páistí a spreagadh.
ghníomhaíochtaí polaitiúla political activities
" Ó tharla 9/11, tá go leor cainte á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí polaitiúla i measc na nÉireannach sna Stáit Aontaithe.
gníomhaíochtaí activities
" Bhí polaitíocht na bpáirtithe le sonrú go láidir ina chuid gníomhaíochtaí san Údarás agus é ina fhuip ar Fhianna Fáil.
gníomhaíochtaí activities
" Bheadh orthu seo ionad a aimsiú a d'fhéadfadh siad uilig a úsáid dá gcuid gníomhaíochtaí ar fad agus na lárionaid atá acu faoi láthair a dhíol nó a fhágáil.
soláthar gníomhaíochtaí provision of activities
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
ghníomhaíocht activity
" Chothaigh an ghníomhaíocht seo muinín ionam as mo chuid Gaeilge ó thús mar gur thug mé faoi deara go raibh mé ag tosú a thuiscint na gramadaí níb fhearr, agus é sin gan iarracht a dhéanamh! De réir a chéile, d’aithin mé go raibh rud éigin ar iarraidh, áfach.
ghníomhaíocht leictreach electrical activity
" Tá eolaithe in Institiúid um Thaighde Néardhiagnóiseach na Spáinne tar éis teacht ar an tátal chéanna – tá an taighde atá déanta acu tar éis a léiriú gur féidir le glaoch teileafóin nach maireann ach dhá nóiméad an ghníomhaíocht leictreach in inchinn an pháiste a athrú go ceann uair an chloig tar éis an ghlao.
an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne this disturbed brain activity
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
soláthar gníomhaíochtaí provision of activities
" Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí.
ghníomhaíocht activity
" Chothaigh an ghníomhaíocht seo muinín ionam as mo chuid Gaeilge ó thús mar gur thug mé faoi deara go raibh mé ag tosú a thuiscint na gramadaí níb fhearr, agus é sin gan iarracht a dhéanamh! De réir a chéile, d’aithin mé go raibh rud éigin ar iarraidh, áfach.
réimse leathan imeachtaí eile a wide range of other activities
"réimse leathan imeachtaí eile pleanáilte chomh maith, ina measc, céilí, lá teaghlaigh, ceardlanna drámaíochta agus comórtais, chun cur leis an taitneamh.
réimse leathan imeachtaí a wide range of activities
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht? Bunaíodh an comhlacht chun ionad a fhorbairt do lucht na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid.
formhór ár n-imeachtaí most of our activities
" I samhradh na bliana 2004, bhaineamar úsáid as íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge d’ár gcuid imeachtaí (ceardlanna faoin nGaeilge agus faoin gcultúr Gaelach is mó a bhí á reáchtáil againn ag an am) ach fuaireamar spás níos mó i bhFoirgneamh Filmbase ar an gCuarshráid i mBarra an Teampaill ag tús na bliana seo agus ansin a bhíonn formhór ár n-imeachtaí ar siúl anois.
réimse leathan imeachtaí a wide range of activities
" Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht? Bunaíodh an comhlacht chun ionad a fhorbairt do lucht na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil le deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge an teanga a úsáid.
formhór ár n-imeachtaí most of our activities
" I samhradh na bliana 2004, bhaineamar úsáid as íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge d’ár gcuid imeachtaí (ceardlanna faoin nGaeilge agus faoin gcultúr Gaelach is mó a bhí á reáchtáil againn ag an am) ach fuaireamar spás níos mó i bhFoirgneamh Filmbase ar an gCuarshráid i mBarra an Teampaill ag tús na bliana seo agus ansin a bhíonn formhór ár n-imeachtaí ar siúl anois.
ghníomhaíochtaí lasmuigh outdoor activities
" Is ionad é an *Share Centre *do ghníomhaíochtaí lasmuigh agus bhí Ivor ann le daltaí dá chuid.
gníomhaíochtaí activities
" Bhí Naíonra an Droichid lonnaithe ag an am taobh istigh de sheomra amháin i bhfoirgneamh de chuid eagraíochta eile ar Bhóthar Ormeau, ach bhí a fhios acu go mbeadh suíomh dá gcuid féin de dhíth orthu le gníomhaíochtaí na heagraíochta a chur ar bhonn láidir.
réimse níos leithne imeachtaí a wider range of activities
" Tá sé i gceist againn cur leis an áit agus réimse níos leithne imeachtaí a chur ar siúl.
gníomhaíochtaí activities
" Beidh brú ar Adams go pearsanta de bharr go dtiocfaidh tuilleadh eolais chun solais maidir le cuid gníomhaíochtaí Denis Donaldson.
gníomhaíochtaí activities
" Tá córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
turasóireacht ghníomhaíochta activity tourism
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
gníomhaíochtaí activities
" Ba mhaith leo go gcuirfí gníomhaíochtaí bunaithe thart ar an cheol (ranganna, léachtaí, ceolchoirmeacha agus seisiúin) ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí ar leith.
ghníomhaíocht pharaimíleatach paramilitary activity
" Fríd ceann de na teileascóip sin a fheiceann tú cois na farraige a amharcann muid ar ghníomhaíocht pharaimíleatach anseo ó thuaidh.
gníomhaíochtaí activities
" Tá córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
turasóireacht ghníomhaíochta activity tourism
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
gníomhaíochtaí activities
" Ba mhaith leo go gcuirfí gníomhaíochtaí bunaithe thart ar an cheol (ranganna, léachtaí, ceolchoirmeacha agus seisiúin) ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí ar leith.
ghníomhaíochtaí activities
" Cé gurbh iad húdaráis éagsúla a reáchtáil a leithéid de ghníomhaíochtaí, ní hiadsan amháin a d’fhéach ar an Athair Naofa mar dhuine speisialta: bhí meas nach beag ag an ngnáthdhuine, idir óg agus aosta, ar Eoin Pól II chomh maith.
ghníomhaíochtaí activities
" Cé gurbh iad húdaráis éagsúla a reáchtáil a leithéid de ghníomhaíochtaí, ní hiadsan amháin a d’fhéach ar an Athair Naofa mar dhuine speisialta: bhí meas nach beag ag an ngnáthdhuine, idir óg agus aosta, ar Eoin Pól II chomh maith.
imeacht craosfhuilteach a bloodthirsty activity
" Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.
réimse leathan imeachtaí a wide range of activities
" D’fhéadfaí ansin réimse leathan imeachtaí (Cath na mBannaí, comórtais spóirt, damhsa *hip-hop*, etc.
gníomhaíochtaí activities
" Bhí suas le 50 ag obair ann, agus idir chlódóireacht, fhoilsitheoireacht, chonraitheoireacht agus scéimeanna uisce agus bóthair idir lámha acu, chomh maith le coláistí Gaeilge, nuachtán seachtainiúil agus gníomhaíochtaí eile.
áit ghníomhaíochta activity area
" Thuas staighre tá áiléar a úsáidtear mar áit ghníomhaíochta do na páistí.
gníomhaíochtaí úrnua brand new activities
" Muna mbainfear triail as gníomhaíochtaí úrnua agus muna mbíonn na móreagraíochtaí ag díriú ar chur chun na Gaeilge ar bhealaí nua-aimseartha, ní bheith fuinneamh ná forbairtí i saol na Gaeilge arbh fhiú trácht orthu.
gníomhaíocht pharaimíleatach paramilitary activity
" “Sa mhéid sin, tá an IRA ag comhlíonadh na ngealltanas a rinne siad mí Iúil seo caite, ní hamháin maidir le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleatach ach maidir le stop a chur le coiriúlacht.
cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí. accountable for their activities.
" Leoga, scríobh iriseoir leis an *Guardian* gur dhúirt ceannaire an Bhoird Póilíneachta, Sir Desmond Rea, go raibh an córas rialaithe is fearr sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann, áit a dtiocfadh leo oifigigh – agus oifigigh MI5 san áireamh – a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.
gníomhaíochtaí activities
" ***An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile****** Átha Cliath?*** Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath.
i ngníomhaíochtaí in activities
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. as activities that are normal amonst people in general in society.
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
a ghníomhachtaí gnó agus poiblí, his business and public activities,
" Cé go bhfuil daoine eolach ar Peter Quinn agus ar a ghníomhachtaí gnó agus poiblí, theastaigh uaim tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an fhir nuair a bhuail mé leis an mhí seo caite.
i ngníomhaíochtaí éagsúla faoin spéir. in various outdoor activities.
" Tagann neart daoine go dtí an ceantar seo le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla faoin spéir.
gníomhaíocht theicteonach tectonic activity
" Bíonn gníomhaíocht theicteonach timpeall Tongariro mar go bhfuil an ceantar sin agus Rotorua ar an éasclíne chéanna.
gníomhaíochtaí activities
" Tá sé mar thosaíocht aige anois, áfach, dul i mbun gnímh chun gníomhaíochtaí Aer Lingus i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh a chosaint.
ó thaobh a ngníomhaíochtaí Meiriceánacha de. in terms of their American activities.
" Ar an 9 Deireadh Fómhair, fógraíodh go ndéanfaí comhcheangal idir na comhlachtaí seo ó thaobh a ngníomhaíochtaí Meiriceánacha de.
chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain. so that they can initiate positive activities
" Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
dlíthiúlacht ghníomhartha Uí Shearcaigh the legality of Ó Searcaigh's activities
" Is faoi na húdaráis atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht ghníomhartha Uí Shearcaigh agus bheadh sé róchasta plé a dhéanamh anseo ar mhoráltacht a iompair.
liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe the list of military activities that would be permitted
"liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
gníomhaíochtaí míleata military activities
" Tá liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
ghníomhaíochtaí activities
" Agus nach mór an áis do leithéidí Shell, BP, Barrick Gold, De Beers agus Rio Tinto Zinc go bhfuil an talamh luachmhar seo bánaithe de thairbhe ghníomhaíochtaí lucht an tionscail chaomhnaithe?Is cosúil nach bhfuil ag éirí go hiontach le CFD fiadhúlra a chaomhnú ach an oiread.
gníomhaíochtaí activities
" Agus scaifte níos deise ní thiocfadh leat cuireadh a thabhairt daofa, dream a chleacht an “ná déan nós is ná bris nós”: ag glacadh páirt go huile is go hiomlán ins na gníomhaíochtaí ar fad, ag éirí ní ba ghaelaí ná na Gaeil iad féin.
gníomhartha amhrais suspicious activities
" Anuas air sin, bhí sí amhrasach faoi chomhghleacaí dá cuid, Melek Can Dickerson, Turcach mná a bhíodh ag obair roimhe sin leis an gComhairle Meiriceánach-Turcach (ATC), a bhí faoi imscrúdú ag an FBI le blianta maidir le gáinneáil drugaí (is é an Tuirc an próiseálaí óipiam is mó ar domhan), breabanna a thabhairt do pholaiteoirí, agus as gníomhartha amhrais eile nach iad.
gníomhaíocht activity
" Ba bhean ghnó í Kadeer in Urumqi a bhí ar na daoine ba shaibhre sa tSín go dtí gur cuireadh i bpríosún í i 2000 mar gheall ar a gníomhaíocht ar son mhuintir Uígir.
gníomhaíochtaí activities
" Seans go maolófaí ar mhíshástacht na nOgoni dá mbeadh tairbhe éigin á baint acu as gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ola.
ghníomhaíocht activity
" Agus mé ag taisteal na cruinne, buailim le daoine in áiteanna eile nach bhfuil a leithéid de ghníomhaíocht phobail acu, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht shóisialta acu, agus ar bhreá leo é a bheith ina dtíortha féin.
gníomhaíocht an duine human activity
" Luibheolaíocht ====== Tuigeann oifigigh mo Roinne an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht an duine sa phortach; an siúl, scoradh, a bheith ag baint, an scaradh, an gróigeadh srl.
Gníomhachtaí activities
" Gníomhachtaí dea-chosúlachta iad seo a chinnteos go mbeidh an teanga níos feiceálaí ach is beag tionchar a bheas acu i ndáiríre ar inmharthanacht na teanga.
gníomhartha activities
" ' Tá na gníomhartha atá molta i réimse an oideachais sa straitéis leagtha amach leis na prionsabail a leagadh síos i Rialtas na hÉireann - Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a foilsíodh i mí na Nollag 2006.
gníomhaíochta activity
" Coimeád Údarás na Gaeltachta, cruthaigh níos mó gníomhaíochtaí, agus thar aon rud eile, caithfidh croí agus anam na ndaoine a bheith ann.
ghníomhaíocht phobail public activity
" Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu! Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn.
cheardchumainn trade union (activity)
" Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu! Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn.
ghníomhaíocht activity
" Breathnaíonn an cuairteoir seo ar Eilís Ní Mhaolagáin mar shiombail den ghníomhaíocht is den chruthaitheacht a spreag gluaiseachtaí éagsúla ag deireadh an naoú haois déag, beag beann ar bhacainní inscne agus creidimh.
Gníomhaíocht activity
" Iománaíocht agus Gníomhaíocht =============== **SMM: Ba bharrúil an chaoi sin nár luaithe anseo thú ná go raibh tú ag imirt ar fhoireann iománaíochta an chontae!** RÓS: (phléasc amach ag gáire) Bhí sé greannmhar.
ghníomhaíochtaí activities
" Mholfainn do chuairteoirí fanacht sa Pacific Resort toisc go raibh meascán iontach de ghníomhaíochtaí le déanamh ann, ach bhí sé ciúin go leor chun do scíth a ligean chomh maith.
gníomhaíochtaí activities
" Bhí sé ina cheannródaí ar an iliomad gníomhaíochtaí a tharla i bpobal na Gaeilge sa chathair agus is é a bhí mar mheantóir ag go leor eile a thionscnaigh tograí eile.