Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena chur in oiriúint to adapt it
" Dá mbeadh ábhar maith ar fáil do lucht bunscoile agus meánscoile féin, bheadh gá fós lena chur in oiriúint do dhaoine fásta, ach mar atá, is beag uilig atá le fáil, in aon áit, ag aon leibhéal i dteagasc scileanna litearthachta do chainteoirí dúchais Gaeilge.
caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha they must be adapted to suit contemporary life
" Ag an am céanna, caithfear spriocanna a leagan síos an t-am ar fad agus caithfear iad a chur in oiriúint don saol comhaimseartha.
á chur féin in oiriúint adapting his style
" AÓC: Tá, mar ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht le leithéidí Willie Clancy agus é ag seinm leis féin, gan air a bheith á chur féin in oiriúint do cheoltóir ar bith eile.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
a chur in oiriúint don Ghaeilge to adapt to suit Irish
" Tá méid ollmhór oibre déanta ar theangacha eile agus caithfimid an obair sin a chur in oiriúint don Ghaeilge.
a chur in oiriúint do to adapt to
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
a chur in oiriúint to adapt
" Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, instead of adapting to the new needs of the market,
" Ach in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, is é an t-aon teacht aniar atá ag na tábhairneoirí ná iarracht a dhéanamh a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre agus lámh chúnta a fháil uathu.
oiriúnú adapting
" An mbeidh sé de mhisneach acu athrú ó oiriúnú na cathrach do ghluaisteáin, agus dul i dtreo athoiriúnú na cathrach dá saoránaigh? Guímis go mbeidh.
athoiriúnú na cathrach the re-adapting of the city
" An mbeidh sé de mhisneach acu athrú ó oiriúnú na cathrach do ghluaisteáin, agus dul i dtreo athoiriúnú na cathrach dá saoránaigh? Guímis go mbeidh.
chur in oiriúnt to adapt
" Thuig Jobs go raibh an domhan ag athrú agus d'éirigh leis gnó den scoth a bhunú agus a chur in oiriúnt dos na hathruithe seo.
nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh who can’t adapt
" Toradh na mí-oiliúna ná imreoirí nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh, an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm faoi mar a dheineadh sárimreoirí na haimsire atá thart - Best, Maradona, Pele, Cruijff is araile.