Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad if we allowed them to see all the adverts
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
tréimhse saor ó fhógraí advert-free period
" Tá an tAire Cultúir sa tír ag iarraidh go bhfógróidh an tAontas Eorpach "tréimhse saor ó fhógraí" thart timpeall ar chláracha teilifíse do pháistí.
fhógraí bréagán toy adverts
" **An Ghréig** - cosc ar fhógraí bréagán ar an teilifís.
fógraí ar líne on-line adverts
" Ach tá saghsanna áirithe fógraíochta ar an idirlíon fós ag tabhairt tinneas cinn d'úsáideoirí - blianta tar éis do shaineolaithe a thuiscint gur chóir fógraí ar líne a choimeád simplí.
breac le fógraí full of adverts
ní raibh aon éalú ó na fógraí there was no escape from the adverts
" In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú.
chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana to show adverts to the viewers
" Tá airgead mór le déanamh ó na cluichí teilifíse anois, agus dá réir sin, stoptar na cluichí go minic chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana.
slám mór fógraí a great number of adverts
" Más ag breathnú orthu ar an teilifís atá tú, caithfidh tú cur suas le slám mór fógraí gach dhá nó trí nóiméad, nó airgead mór a íoc chun suíochán a fháil cúpla céad slat ón slacaí.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
fógraí adverts
" Cuireadh fógraí sna páipéir áitiúla agus tháinig 100 iarratas isteach.
breac le fógraí full of adverts
" Le coicís anuas, tá na nuachtáin breac le fógraí do theilifíseáin ollmhóra leathscáileáin.
chun fógraí a chraoladh. to broadcast adverts.
" Deirim "seó" d'aon ghnó, mar gur cluiche teilifíse an cluiche seo – stopfar gach cúpla nóiméad é chun fógraí a chraoladh.
ag díriú a bhfógraí orthu. targeting their adverts at.
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta. not to publish its adverts in Irish anymore
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
sna fógraí gluaisteán in the car adverts
" Má bhíonn déithe na comaitéireachta leis, ní chaithfidh sé ach $32 sa lá ar pheitreal dá thuras, ach má bhíonn an trácht ina aghaidh, d'fhéadfadh sé $50 sa lá a chaitheamh – ar pheitreal amháin! Den chéad uair riamh, mar sin, tá rud ar leith le feiceáil sna fógraí gluaisteán ar an teilifís (agus is cosúil gur fógraí gluaisteán iad a leathchuid de na fógraí teilifíse!).
n-ioncam fógraíochta advert income
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
fógraí adverts
" Creidim go bhfuil na Marys seo i ndiaidh fógraí a chur isteach in *Ireland’s Own*, sa chuid phearsanta ar chúl na hirise.
Fograíochta adverts
" Oíche báistí, buaileann na carachtair le chéile agus roghnaíonn an tOllamh Fograíochta Henry Higgins (Risteárd Cooper) agus an teangeolaí Cornal Pickering (Nick Dunning) Eliza chun turgnamh teanga a dhéanamh.
fhógraí gránna, feiceálacha horrible glaring adverts
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.
fógraí adverts
" Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.