Pota Focal Intergaelic
aen | anon | aon | eon | Aden
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le fada an lá for aeons
" Nach raibh traenacha ann i Meiriceá le fada an lá? Nach leis na traenacha a ‘buadh an tIarthar’? Céard a tharla do na traenacha seo go léir? An carr, faraor.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
le cianta for aeons
" Seo an ‘colonial Irishman’ nó ‘Stage Irishman’ go bhfuil daigniú déanta air san fho-chomhfhios Briotnach, Angla-Mheiriceánach agus Éireannach, faraor, le cianta.
leis na cianta for aeons
" Léirigh leabhar Gammage dom go mbíodh bainistíocht talún dheaslámhach ar siúl ag an mhuintir dhúchais leis na cianta agus go mbíodh sí bunaithe ar eolas cuimsitheach faoi éiceolaíocht shobhriste chasta na tíre ollmhóire seo.
ag buachailleacht anseo leis na cianta shieling here for aeons
" Ach tá na daoine ag buachailleacht anseo leis na cianta.
a shíneann siar na cianta which stretches back aeons
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
leis na cianta for aeons
" Tá fianaise ann go bhfuil daoine ag úsáid na réalta mar oireas loingseoireachta agus eile leis na cianta.
atá na camáin á ndéanamh leis na cianta hurleys are being made for aeons
" Is as an fhuinseog atá na camáin á ndéanamh leis na cianta.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Bhí muintir dhúchais darb ainm na Arabana ina gcónaí i gceantar an locha leis na cianta cairbreacha agus thug siadsan an t-ainm Kati Thanda ar an loch, ainm a chiallaíonn áit chruinniú na gceannairí.
a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di which had aeons stretching back in its foundation
" B’fhéidir go raibh eagla ar dhaoine eile roimhe, toisc iad a bheith aineolach ar an stair agus ar fheidhm na hamhránaíochta coimhthíche seo a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di.
leis na cianta cairbreacha for aeons
" Ní go maith a caitheadh leo leis na cianta cairbreacha.