Pota Focal Intergaelic
ae | aerú | ar | aver | acre
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
crochta san aer hanging in the air
" "Neain," a deirim, "an bhfuil tú ceart go leor?" Shílfeá gur reoigh sí i lár gnímh éigin, a spúnóg shúip fágtha crochta san aer aici.
súigh isteach an t-aer breathe in air
" Scríobh Anne ina dialann: "Screadann guth ionam: 'Gabh amach, súigh isteach an t-aer, déan spraoi.
Leoithne d'aer úr a breeze of fresh air
" Leoithne d'aer úr ar mhargadh an cheoil le pearsantacht agus le macántacht ag borradh amach ar gach rian atá air.
an t-aer bogthe the warm-moist air
" Bhuail an t-aer bogthe san aghaidh iad chomh luath agus a tháinig siad don eitleán.
aer úr fresh air
" Ó, agus gan aon fhuinneog sa seomra, ná aon aer úr ag teacht isteach.
éiríonn aer te warm air rises
" Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te.
Aer úr gan truailliú fresh unpolluted air
" Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil? Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
aer úr fresh air
" Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint sult as an aer úr ansin sna sléibhte agus cois farraige - agus go mbeidh sna tithe tábhairne chomh maith céanna roimh i bhfad.
brú aeir air pressure
" Tá an fearas leath faoi uisce, agus de réir mar a bhíonn na tonnta ag dul isteach is ag teacht amach tríd, bíonn siad ag cruthú brú aeir ann; ansin, déanann an comhfháscadh céanna tuirbín a rothlú ag ardluas - agus as sin, tagann an aibhléis.
Bhí an t-aer ramhar it was clammy
" Bhí an t-aer ramhar agus le leathuair anuas bhí Louis ag bárcadh allais.
le linn aer-ionsaí chéanna during the same airstrike
" Dúirt duine de mo chomharsana, seanbhean 68 bliana d'aois a bhí i bhfolach le linn aer-ionsaí chéanna, go chuir *"shock and awe" *an oíche sin i 1940 i gcuimhne di arís, ceithre bliana is seasca tar éis na heachtra.
ní bheidh rath ar Aer Lingus Aer Lingus won't succeed
" Go leor ráite! Ach ní bheidh rath ar Aer Lingus má leanann an rialtas lena easpa gnímh.
haer-ruathair air raids
" Sa bhliain 1940 thosaigh na haer-ruathair ar Londain agus ba chrua an saol a bhí aige, go háirithe san oíche.
ionsaithe aeir air strikes
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
cúig úraitheoir aeir bhándearga, phlaisteacha five pink plastic air fresheners
" jpg) Díreach in aice leis an seastán seo, tá leithreas, agus tá cúig úraitheoir aeir bhándearga, phlaisteacha ina suí ar a bharr.
in ainm is dul ar an aer supposed to be broadcast
" Ach, má cheapann tú go raibh an tslí ar léiríodh na hÉireannaigh agus na Caitlicigh sa chlár míchuí, agus nár cheart do Chaitliceach as “drochpháirt d’Éirinn”, Liam Neeson, bheith páirteach ina leithéid de chlár, smaoinigh air seo: Bhí an eipeasóid seo de chuid *The Simpsons *in ainm is dul ar an aer i mí an Aibreáin.
ag léim go hard san aer jumping high in the air
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
a bpost a chaitheamh san aer to give up their job
" Ní raibh suim ag daoine a bhí ag múineadh nó ag obair trí mheán na Gaeilge a bpost a chaitheamh san aer agus dul ag obair don rud seo a raibh chuile dhuine ag tabhairt amach faoi.
giotár aeir air guitar
" Thug sé seans dom snas a chur ar mo sheinnt ar an ngiotár aeir agus mé ag éisteacht leis agus ag léim timpeall mo sheomra leapa.
fál go haer unbridgeable gap
" Tá díomá i ndiaidh díomá fulaingthe ag pobal na Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach is léir nach bhfuil an fál go haer ag cur isteach ar na poblachtánaigh.
aer glan clean air
" A mhalairt scéil ar fad: fuarthas amach go raibh daoine ag caitheamh níos mó airgid, ar bhia agus ar dheoch, sna tithe tábhairne agus sna bialanna agus aer glan iontu.
an t-aer brocach the foul air
" Bhí tábhairneoir amháin i nDún na nGall a gheall ar Raidió na Gaeltachta go rachadh sé chun an phríosúin mar agóid i gcoinne an choisc ar an tobac; níor tharla sin de bharr gur thosaigh go leor daoine nár thaitin an t-aer brocach a bhíodh ann roimhe seo ag dul amach go dtí na tábhairní den chéad uair.
Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, when I breathed in the fresh air,
" Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, agus nuair a chonaic mé dul faoi na gréine agus éirí na gealaí an chéad oíche sin, bhí a fhios agam go raibh mé in áit ar leith.
go ndéanfaí an t-iompróir náisiúnta, Aer Lingus, a fholuainiú that the national carrier, Aer Lingus, would be floated
" Bhí sé ina údar imní do ghrúpaí éagsúla in Éirinn – ceardchumainn, oibrithe agus muintir an Iarthair Láir ina measc – nuair a fógraíodh go ndéanfaí an t-iompróir náisiúnta, Aer Lingus, a fholuainiú sa bhliain 2005.
maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus as regards compelling Aer Lingus
" De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
easpa aeir úir lack of fresh air
" Bhreathnaigh mé isteach sa scáthán lá amháin agus bhí m'aghaidh chomh bán le sneachta an gheimhridh mar gheall ar easpa aeir úir agus sholas na gréine.
aer geal bright air
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
a shrón san aer. his nose in the air
" “Agus nach dtacaíonn tú leis?” “Is cuma duitse cén tacaíocht a thugaimse do mo Mharty beag álainn nó caidé eile a thugaim dó”, a d’fhreagair Paisley agus a shrón san aer.
bhí teocht ní ba theo le brath san aer there was a warmer temperature to be felt in the air
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
Lean Barry leis lena chaint san aer Barry went on with his waffle
" Lean Barry leis lena chaint san aer faoi “áilleacht na háite” agus “na comharsana cneasta”.
truailliú aeir, air pollution
" De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach, ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás.
in éadan chinneadh Aer Lingus against Aer Lingus's decision
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
a scaip tríd an aer thar achar fairsing which dispersed through the air over a wide area
" Scaoileadh saor ón imoibreoir cleitín truaillithe radachuir a scaip tríd an aer thar achar fairsing.
Ní as an aer it didn't come from nowhere
" Is sinne a ndéanfaimid Ní as an aer mar sin an ailtireacht agus a ngabhann leis, an mhargaíocht agus a ngabhann leis, ná na gnéithe daonna éagsúla eile agus gach a ngabhann leo.
trádáil an aeir trading nothing but air
" Tháinig na daoine sin chun solais a bhí ag trádáil an aeir.
caint san aer waffle
" Má dhéanann sé iarracht tíocht ar shocrú cóir le Cúba maidir le saoirse trádála a cheadú arís idir an dá thír, beidh a fhios againn nach caint san aer atá ar bun aige.
titfidh an t-aer ar an talamh the sky shall fall down
" , 17/2/10) go ndéanfaí gach iarracht – agus go nglanfaí gach costas breise, tá a fhios againn – an Béarla a thabhairt do na hÉireannaigh nua i mbailte móra na hÉireann, nó táimid le cailleadh is le bás a fháil ar áit na mbonn, is cosúil, agus titfidh an t-aer ar an talamh.
t-aer sky
" Sin an aimsir is measa le haghaidh loingseoireachta mar bíonn gach rud iompaithe bán; an t-aer agus an talamh agus ní féidir leat íor na spéire a dhealú eatarthu.
ní as an aer a thagann comes from somewhere
" Ar ndóigh, ní as an aer a thagann an spéis atá ag gar do thrian de mhuintir na hÍsiltíre i bpáirtí de chuid na heite fíordheise, cé go bhféadfaí a rá gur tháinig an oscailt súl a chuir deireadh le finscéal na sochaí ilchultúrtha as an spéir.
aeir úir fresh air
" Is é a theastaíonn anois ná ding le cur faoin doras chun é a choinneáil ar oscailt, chun go ligfear roinnt aeir úir isteach san áit mhúisiúnta ghruama dhochma sin – chomh maith le roinnt céille agus réasúin.
faoin aer outdoor
" Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.
fheartar an troid ón aer are attacked from the air
" Sna tíortha a bhfuil daonra measctha ar nós na Somáile, is in aghaidh na Muslamach amháin a fheartar an troid ón aer, ón talamh nó ar na meáin chumarsáide.
nach leithne an t-aer ná an timpíste that accidents happen
" Deirtear nach leithne an t-aer ná an timpíste.
ag cur na ngártha molta go haer yahooing
" An t-entourage ag bualadh bos go dílis agus iad ag cur na ngártha molta go haer.
bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin he may shoot all the projectiles he may wish to
" An té nach bhfeiceann cé tá i gceannas an stáit is mian leis a ionsaí, bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin ach ní chuirfidh sé an cheannasaíocht de dhroim seoil.
faoi aer milis an chlapsholais soaking in the dusk air
" Amach linn féin ar an patio, faoi aer milis an chlapsholais, agus an clós líonta le boladh na mbláthanna.
Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste as it’s always lashing rain
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
ag baint suilt as an aer úr glan enjoying the clean fresh air
" Is minic mé ar an tsliabh chéanna, ag baint suilt as an aer úr glan agus as íocshláinte an dúlra.
Cistí Fáil go hAer hedge funds as high as the sky
" Cistí Fáil go hAer ======= Is faoi na cistí fálaithe is mó a tháinig an fás seo.
bhíonn an t-aer ina ghloine when the sky is crystal clear
" Uí Bhreasail ===== Maidir liom féin, ós sa mBreatain Bheag atá mé lonnaithe le tamall de bhlianta, áit dhúchais mo mháthar, bhí spéis agam sna seantuairiscí go mbíonn feiceáil ar Shléibhte Chill Mantáin thar Muir na hÉireann siar anois ’s arís nuair a bhíonn an t-aer ina ghloine agus an fharraige ina clár mín, réidh.
nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer when TnaG was put on the air
" An Fhís 25 Bliain ó Shin ======== Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn.
a chartadh ón aer orthu dumped from the air on them
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
is aer te atá ann i ndáiríre it’s really just hot air
" Ach is aer te atá ann i ndáiríre, níl aon bhunús leis.
nach dtionfaí san aer iad that they wouldn’t be turned in the air
" Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara.
solas an mhála aeir the airbag light
" Ní hamháin go mbíonn fadhbanna ag baint leis an umar áirithe seo, ach bíonn fadhbanna ag baint le crochadh an chairr, le solas an mhála aeir agus leis an nglasáil lárnach chomh maith.
fhadhb leis an mála aeir a problem with the airbag
" carranna a tógadh idir na blianta 2000 agus 2004 – mar gheall ar fhadhb leis an mála aeir.
ardán beag lasmuigh san aer a small stage out in the open air
" I gclár amháin den tsraith sin, déanann daoine áitiúla ardán beag lasmuigh san aer agus is é Waiting for Godot siamsaíocht na hoíche.
níl lá san aer there’s not a day in the world
" Faoin am seo, de bharr ghéarchéim an airgid san Eoraip, níl lá san aer, de réir cuid de na staidreamh, nach dtagann míle duine nua go dtí an Ghearmáin.
rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair an effort was made to airbrush them from history
" Mhair an dearcadh diúltach seo i dtaca lena stair i measc na n-Astrálach le linn an chéad leath den fhichiú haois agus rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair.
in ann dul amach faoin aer able to go outdoors
" Agus nárbh bhreá an rud é sna tráthnónta fada, geala samhraidh úd a bheith in ann dul amach faoin aer agus cúpla míle nó ciliméadar a rith nó a shiúl, beagán allais a shileadh agus corghram meáchain a chailleadh.
a chur in aer (sending them) into a rage
" Ní féidir leis an rialtas géilleadh ar shocrú Bhóthair Haddington do cheardchumann amháin, gan na ceardchumainn a vótáil ar son an chomhaontú a chur in aer.
beagáinín aeir a little air
" Thug rún diamhair an MH370 beagáinín aeir dúinn lenar n-anáil a tharraingt.
chaitheamh in aer to abandon
" Mholfainn dó/di an t-árachas príobháideach sláinte a chaitheamh in aer agus muinín a chur sa gcóras sláinte poiblí.
dorn san aer a fist in the air
" Agus é ag fógairt a ainmniúcháin, mhaígh sé “Québec est un pays” (Is tír í Québec), dorn san aer, comhartha soiléir go raibh an toil aige troid ar son na gcearta a mheas sé go raibh uaidh.
Ní leithne an t-aer ná an timpíste accidents happen
" Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá.
aer úr fresh air
" Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
Ní as an aer a thosaigh didn’t start of its own bat
" Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.
bád aeir sky-boat
" Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.