Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
cloíte go maith badly affected
" Ag an ócáid sin i 1999, labhair sí faoin ghalar dubhach a bheith uirthi agus ba léir ón mhéid a bhí le rá aici agus ó na dánta a léigh sí go raibh sí cloíte go maith aige.
buailte go dona ag an ngorta badly affected by famine
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
a ndeachaigh sé i gcion orthu that it affected them
" Tá suim faoi leith aige sa dóigh ar athraigh 9/11 Éireannaigh ó dhúchas a bhfuil cónaí orthu i Nua-Eabhrac nó sa dóigh a ndeachaigh sé i gcion orthu.
a rachaidh i gcion ar an Scéim which will affect the Scheme
" Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.
a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu whom guns have affected
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air His father's death affected him
" Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air “go leibhéal tubaisteach” agus é ar scoil, agus thosaigh a thorthaí ag dul in olcas dá bharr.
Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air It is obvious that the whole affair affected him greatly
"Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air – bhí sé uaigneach agus bhraith sé go raibh sé fágtha ar an trá fholamh ag an *Irish Times*.
Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal and it is clear that the controversies have affected the public
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm the reason this poem affected me
" Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
ghoill sé go mór orthu, it affected, hurt, them badly
" Maidir le Cill Chainnigh, ghoill sé go mór orthu, agus ar a mbainisteoir Brian Cody go mór mór, nuair a sciob Corcaigh an tríú craobh uathu sa bhliain 2004.
is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh. it is clear that Ahern affected the Irish
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh.
an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine a shamhlú to imagine how it affects people
" Ar an dea-uair, ní cuid dár saolna í an chogaíocht agus is deacair dúinn, dá bhrí sin, an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine a shamhlú.
a chuaigh i bhfeidhm who affected him
" " As na ceoltóirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus eile ar bhuail sé leo roimhe seo, cé hé an duine is mó a chuaigh i bhfeidhm air? “Bhíos *star-struck* nuair a bhuaileas le Tom Waits.
cheap mé go rachadh sé i bhfeidhm níos mó orm I thought it would affect me more
" Chun an fhírinne a rá, cheap mé go rachadh sé i bhfeidhm níos mó orm a bheith ag féachaint ar phríomhgheata an champa – ar a bhfuil an mana cruálach *Arbeit macht Frei* scríofa – gan trácht ar na seomraí gáis agus na créamatóiriamaí.
An rud ba mhó a ghoill ormsa the thing that most greatly affected me, upset me
" An rud ba mhó a ghoill ormsa ná na rudaí a thug na daoine leo ón Ísiltír, ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig; na málaí, na scuaba fiacla agus na boscaí snasáin bróg.
sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur in the regions which are most greatly affected by the nuclear fallout
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
go ndeachaigh Roche go mór i gcion orm Roche really affected me
" Céard faoin duine? Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Roche go mór i gcion orm nuair a labhair mé léi ag tús na míosa seo; shíl mé an dúrud di.
go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine that the programme will really affect people
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
chuaigh i bhfeidhm ar affected
" Tionchar an chultúir An leabhar fá Mheiriceá ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar O'Clery, '*What’s the Matter with Kansas'* an teideal a bhí air.
Chuaigh sé i bhfeidhm it affected
" Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.
i gcionn go han-mhór greatly affected
" Chuaigh an eachtra uafáis seo i gcionn go han-mhór ar mhuintir na hAstráile agus fógraíodh lá bróin náisiúnta seachtain tar éis na n-ionsaithe.
i bhfeidhm go mór greatly affected
" Choimisiúnaigh Gael Linn Seán Ó Riada chun an ceol do na scannáin ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse’ a chumadh agus, ar ndóigh, chuaigh na scannáin sin agus an ceol a bhaineann leo i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hÉireann.
chuaigh i bhfeidhm uirthi affected her
" Tuairimí Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi ina hóige? - Luann sí a tuismitheoirí láithreach.
chuaigh sé i gcion it affected (me)
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
ghoill it hurt, affected
" Tá a athair sa phríosún i ngeall ar fhear a dhúnmharú agus ghoill agus goilleann sé sin go mór ar an Súilleabhánach.
chuaigh i bhfeidhm ort affected you
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
tionchar a imirt to affect
" Is iad an dá thír is mó a thacaíonn le húdaráis bharbartha Bhurma is a d’fhéadfadh tionchar a imirt orthu ná an tSín is an India.
buaileadh ag hit by, affected by
" De réir staidrimh ón Ministère de l’Education Nationale, tá titim 14% sa líon mac léinn atá ag freastal ar Ollscoil Rennes 2 sa tréimhse 2005/2008, ceann de na hollscoileanna is mó a buaileadh ag stailceanna le trí bliana anuas.
goilleadh orthu affecting them
" Ba bhreá liom an lár a fheiceáil agus é faoi bhláth, ach caithfear a admháil gur fearr lenár seanchoirp, agus an t-airtríteas ag goilleadh orthu, compord an mhóstáin nó an ionaid saoire ná cruatan an champa.
i gcion affect(ed)
" Chuaigh díograis na ndaoine geala agus ceannairí na muintire dúchais logánta, atá ag obair go dian sna comhphobail, i gcion go han-mhór orm.
thíos leis worse off, negatively affected
" Fostóirí is mó atá thíos leis an gcóras mar atá.
ngoillfeadh would affect, hurt
" Ach níl amhras ar bith ach go ngoillfeadh a leithéid de shocrú, go mór ar fheirmeoirí sléibhe na tíre.
chuaigh i bhfeidhm ort affected you
" SMM: Tá oiread clár déanta agat ón am a thosaigh tú le Echo Island na blianta fada ó shin – People in Need Telethon, All Ireland Talent Show, Lá Fhéile Phádraig, Celebrity Farm, na Cluichí Oilimpeacha 2003, Oireachtas na Gaeilge, Rodge agus Podge - cén clár is mó a chuaigh i bhfeidhm ort go dtí seo? BNC: Is dóichí, thaitnigh Echo Island go mór liom.
ngoilleann annoy, affect
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
chuaigh i bhfeidhm go mór orm affected me
" Sin fear a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
i gcion affected
" Is léir go ndeachaigh an ócáid i gcion go mór air mar gur scríobh sé ina leabhar, ‘Following the Equator: A Journey Around the World’: Nowhere in the world have I encountered a festival of people that has such a magnificent appeal to the whole nation.
Imríonn affects
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
ardnósmhaireacht affected airs and graces
" Rinne sé magadh agus beag-is-fiú den ‘ardnósmhaireacht’ agus den ‘éirí in airde’, a bhí, mar a chonaic seisean é, i saol na healaíne, le píosaí mar “An Fualán”.
i gcion orm affect(ed) me
" JW: Chuaigh líon íseal na gcainteoirí sna teangacha ar fad, geall leis, i gcion orm go mór.
i bhfeidhm orainn affected us
" D'aontaigh muid léi, agus is dócha go ndeachaigh sí i bhfeidhm orainn mar shocraigh muid go mbeadh an MILG i gceannas rudaí an chéad bhliain! Le Julianne ina Cathaoirleach nuathofa Gaeilge na Breataine, lean muid ar aghaidh ag cíoradh rudaí.
ghoill hurt, affected
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí an smaoineamh ag roinnt againn, ar ghoill an tuarascáil orainn, ‘Sochraid na Gaeltachta’ a eagrú, ag tosnú i gCarna agus ár mbealach a dhéanamh aniar le cósta, ag bailiú isteach sa chónra iarsmaí de chultúr na Gaeltachta ar an mbealach aniar agus sa deireadh an cónra a ligint le sruth ag Cladach na Gaillimhe.
cor inár gcinniúint affect our future
" Má tá an t-ádh orainn, cuirfidh an tubaiste uafásach i Murascaill Mheicsiceo cor inár gcinniúint: cuirfidh sé in iúl dúinn go gcaithfimid, sa deireadh, ár gcúl a thabhairt leis an ór dubh.
i gcion ar affected
" Thug Abbott “an cháin ollmhór nua” ar an scéim trádála astaíochta agus chuaigh a fhrithbheart i gcion ar mhuintir na hAstráile, de réir na bpobalbhreitheanna.
ar a aicíd similarly affected
" Mar an iliomad duine ar a aicíd, de thaisme a rinneadh gníomhaí Gaeilge d’Aodán.
ghoilleann affect, grate on
" Níl mórán de ghuth agam, ach ar chúis éigin, ní ghoilleann mo chuid iarrachtaí i mBéarla ar dhaoine!"
tionchar affect
" Dá mbeadh sé chomh feidhmiúil agus bhí na déantóirí ag dúil leis, bheadh an buama a réab tríd an Grand Hotel i mBrighton ag 2:54rn ar an 14 Deireadh Fómhair 1984 ar cheann de na hionsaithe ba mhó tionchar ar stair na hÉireann riamh.
dulta i gcion air taking affect
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
i gcion affected
" Níor bhuail an smaoineamh Gosse an t-ainm a bhí ag an mhuintir dhúchais a lorg! Dhreap Gosse an charraig agus ba léir go ndeachaigh sí i gcion go mór air ón méid a scríobh sé fúithi ag an am: *“This rock is certainly the most wonderful natural feature I have ever seen.
imir affected
" Is cinnte gur imir na hathruithe sin tionchar ar chúrsaí cultúir, ainmniú páistí ina measc.
imríonn siad they ply, affect
" Is ar phobal Mheiriceá féin a dhíríonn siad a n-aird de ghnáth, agus ní beag an tionchar a imríonn siad ar shaol na tíre.
chuaigh i bhfeidhm orm affected me
" ie) ===== An dara ceann a chuaigh i bhfeidhm orm ná (SafeText)(http://www.
chuaigh go mór i bhfeidhm orm affected me greatly
" Trí cinn le seachtain nó dhó anuas a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.
chuaigh i bhfeidhm uirthi affected her
" Thosaigh Philipsz a saol mar ealaíontóir dírithe ar an dealbhadóireacht ach ba í an tréimhse ama a chaith sí i mBéal Feirste mar iarchéimí an taithí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus a chas i dtreo ceoil agus fuaime í.
i gcion go mór orm affected me greatly
" Chuaigh an chuairt ar an sráidbhaile Masai i gcion go mór orm ach chuaigh mé féin i gcion ar lucht an Masai chomh maith.
i gcion affected
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
chuirfeas deann síos tríot shall affect you
" Mar dhráma faisnéise, tá ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
i bhfeidhm ar affect
" Ní dheachaigh na Trioblóidí i bhfeidhm ar mhuintir an deiscirt mar a chuaigh ar mhuintir an tuaiscirt.
a bheith ag gabháil dóibh affecting them
" Lean imreoirí áirithe ag imirt in ainneoin gortú a bheith ag gabháil dóibh, ach ní fhéadfaidís leanúint leo go brách.
conas dul i bhfeidhm ar how to affect
" Bunaíodh Coiste na Gaeilge agus tháinig siadsan aníos le moltaí conas dul i bhfeidhm ar an lucht gnó agus ar cheann de na moltaí sin, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge.
chuaigh i bhfeidhm ar affected
" Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le cumarsáid leis na custaiméirí.
is mó a chuaigh i bhfeidhm ort affected you most
" **SMM: Ag breathnú siar na blianta, cé na tionscnaimh nó na gnólachtaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?** BNC: Ceapaim gurb é an Coiste Logainmneacha.
ní chuirfidh sé isteach ar it shall not affect
" ) Is léir go mbíonn an mhallréir ar an othar ach ní chuirfidh sé isteach ar an duine ar feadh ceithre bliana mar gheall ar na rianta lioganna breise a bhíonn ag feidhmiú in inchinn an duine a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige.
Téann siad i bhfeidhm ar they affect
Chuaigh na hinnill i gcion go mór the equipment greatly affected
" Chuaigh na hinnill i gcion go mór ar mhuintir NSW gan mhoill agus tháinig borradh suntasach faoi líon na gclubanna sa stát dá bharr.
go mór i bhfeidhm air affected him greatly
" D’fhill an teaghlach go Beijing arís i 1975 agus is dócha go ndeachaigh an tréimhse seo go mór i bhfeidhm air, mar gur bheartaigh sé seasamh a ghlacadh ar son na saoirse.
chuaigh i bhfeidhm affected
" Ar an Sceird ====== An chéad rud a chuaigh i bhfeidhm nuair a thrasnaigh mé na hAipiníní ar an A24 (an mórbhealach soir ón Róimh go dtí Pescara) ná a thréigthe is a bhí an tír.
i bhfeidhm orm affected me
" An tUachtarán is an Ghaeilge: =============== Chuaigh an dá Mhary i bhfeidhm orm chomh maith maidir leis an mbealach inar fhoghlaim siad Gaeilge, le go bhféadfaidís Gaeilge a labhairt nuair a d’fheil sé don ócáid.
tionchar influence, affect
" **SMM: Cé na daoine a raibh tionchar acu ort le linn do thréimhsí i mBaile Bhuirne?** DMFh: Bhí traidisiún i nDún na nGall san am go rachadh buachaillí go Baile Bhuirne.
chuaigh sé sin i bhfeidhm orm that affected me
" Bhí bealach an-nádúrtha ar fad leis agus an fháilte a chuir muintir na háite roimhe nuair a thagadh sé, chuaigh sé sin i bhfeidhm orm.
ghoill orthu siúd affected those
" Dul Siar ar a Focal An rud is mó a ghoill orthu siúd atá i gcoinne na cánach ná gur gheall Gillard go neamhbhalbh go díreach roimh an olltoghchán deiridh nach mbeadh a leithéid ann.
i bhfeidhm ar affected
" Is ar an ábhar sin a bhí cothú na héagsúlachta luaite mar lárchuspóir sa chás a rinne an chathair ar son an teidil seo, agus is léir go ndeachaigh an cás sin i bhfeidhm ar an choiste bhreithiúna, nó bhronn siad an teideal ar an chathair cois Feabhail.
a raibh tionchar acu ar which affected
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
go mór i bhfeidhm air affected him greatly
" Aingil Chuideachta Munch ============= Is cinnte go ndeachaigh an tírdhreach dhrámatúil go mór i bhfeidhm air, nuair a scríobh sé na focail seo, ach rinne Munch diantochailt ina chúlra pearsanta dorcha féin chomh maith le hábhar a fháil lena shaothar a chomhlánadh.
chuaigh seo i bhfeidhm go mór orm it really affected me
" Bhí mé sách óg agus chuaigh seo i bhfeidhm go mór orm toisc, ar an gcead dul síos, gur focal Béarla a bhí ann agus bhíomar i scoil lán-Ghaelach.
ghoill teip ghrá an athar air the failure of his father’s love affected him
" Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin.
i gcion go mór ar greatly affects
" Tá cuma ait ar an gcóála mar gheall ar a cheann mór, a chluasa móra gruagacha agus a shrón ollmhór, ach is léir go dtéann an chuma ghleoite seo i gcion go mór ar dhaoine.
i gcionn go mór a great affect
" Chuaigh láiche na nGael, roimh an chluiche, lena linn agus ina dhiaidh, i gcionn go mór ar a lán lán daoine.
gean affect
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
théann i gcion ar affects
" Tá an bhagairt seo ar na rudaí is mó a théann i gcion ar shaol na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus le barr eagla roimh ordú díbeartha, is minic a dhéanann na daoine seo cinneadh nach bhfuil chun a leasa.
is mó a théann i bhfeidhm orainn which mostly affect us
" Snámh Portaigh ===== Cé gur maith ann na Cluichí Geimhridh, na Cluichí Parailimpeacha agus na Cluichí don Óige freisin, is iad na Cluichí Samhraidh is mó a théann i bhfeidhm orainn.
i bhfeidhm ar affects
" Agus an aimsir mar a bhíonn sí in Éirinn, is beag seans go dtiocfaidh an eitpheil trá chun cinn go luath! Cuid mhór de na spóirt nó na cluichí atá mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, is spóirt mhionlaigh iad ach i dtíortha ina bhfuil daonra mór agus airgead ar fáil téann na spóirt mhionlaigh sin i bhfeidhm ar níos mó daoine.
i bhfeidhm affect
" Fiosrúcháin Eile ====== “Suimiúil go leor, tá Coimisiúin Fhirinne ag saothrú i láthair na huaire i 40 tír ar fud an domhain agus bunúis éagsúla le gach ceann acu ach téann siad uilig go mór i bhfeidhm ar an phobal ar bhonn dearfach,” dar le Robinson.
i bhfeidhm chomh mór orm affected me immensely
" Domsa go pearsanta, is féidir liom a rá go ndeachaigh an Ghaeltacht bheo i gCorca Dhuibhne i bhfeidhm chomh mór orm, agus mé im’ dhéagóir ag freastal ar chúrsa ar an Muiríoch, is gur iompaigh mé ar an nGaeilge ina dhiaidh sin.
ag goilleadh ar thuairim is affecting about
" Dar le taighde a rinneadh sa bhliain 2007, tá SAD ag goilleadh ar thuairim is 20% de bhunadh na hÉireann, agus léirigh an staidreamh gurb iad na mná a bhíonn thíos leis níos mó ná na fir.
rachadh sé i gcionn orm it’d affect me
" Ach níor shíl mé go rachadh sé i gcionn orm ar an bhealach a chuaigh.
i bhfeidhm go mór greatly affect(ed)
" Chuaigh an easpa crann agus lusanna i bhfeidhm go mór orm.
Chuaigh sé i bhfeidhm orm it affected me
" Chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh duine eile i mo chompal ar aon dearcadh teanga liom.
an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar the piteous tale greatly affected
" Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe.
chuaigh sí i gcion go mór orm it affected me
" Chonaic mé féin an agóid beo ar an teilifís agus mé fós i m’fhear óg agus chuaigh sí i gcion go mór orm.
cheantair atá buailte ag area which are affected by
" Scriosadh 35,000 crann óg d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo.
atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine which is affecting people
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
ag goilliúint ar fhir óga affecting young men
" Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe.
a dtéann cinntí riaracháin i gcion orthu who are affected by administrative decisions
" Dar leis an gCúirt go bhfuil ceart ag daoine a dtéann cinntí riaracháin i gcion orthu eolas bheith acu ar na cúiseanna leis na cinntí sin.
bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta the nuns were affected with blindness
" Má bhí na páistí bodhar, bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta St.
is treise a théann i gcionn orainn who affect us the most
" ! Ó, a thiarcais! I ndeireadh báire, ’siad na marthanóirí is treise a théann i gcionn orainn.
a mbeidh tionchar acu ar a sláinte which shall affect their health
" Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo.
i gcion orthu affect them
" Má tá taithí dhearfach acu, táim ag súil go rachaidh an chathair i gcion orthu agus go mbeidh na hAstrálaigh sin ar a laghad bródúil as a bpríomhchathair fhadfhulangach.
an duine is mó a ndeachaigh an cúrsa i bhfeidhm uirthi the person most affected by the course
" Ach ba í Linda an duine is mó a ndeachaigh an cúrsa i bhfeidhm uirthi.