Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deimhniú affirm
" John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm marfach an UFF, críochnaithe.
Muna ndeimhníonn if he doesn't affirm
" Muna ndeimhníonn sé go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist! Má bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas? Agus cad é a dhéanfaidh sé leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d'fhógair siad sos lámhaigh i 1994? Má bhíonn an UDA - nó dream ar bith eile - "specified" ag an Aire Stáit, ní chiallaíonn sé sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad.
Dearbhaíodh was affirmed
" Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d'aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d'aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
dearbhaíonn sé it affirms, assures
" Téann traidisiún na portráidíochta siar chomh fada leis an tsean-Róimh agus dearbhaíonn sé dúinn an taithí atá againn ar an saol ar a lán bealaí .
dhearbhaigh affirmed
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.
dhlúthaigh affirmed
" Tháinig cumhachtaí móra na hÁise chun cinn agus dhlúthaigh na naisc thrasteorann eacnamaíochta go mór.
Dhearbhaigh affirmed
" Cinedhíothú as Dúchan? Dhearbhaigh John Mitchel é seo ina leabhar ‘*The Last Conquest of Ireland i 1858*.
dhearbhú affirm
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
dhearbhaigh affirmed
" Bhí dúnghaois ní ba láidre i bhfabhar gnímh mar fhreagra ar théamh an domhain ag Páirtí an Lucht Oibre ná a bhí ag na páirtithe coimeádacha, agus dhearbhaigh siad an prótacal a luaithe is a tháinig siad i gcumhacht dhá bhliain ó shin.
Dheimhnigh affirmed
" An tSín agus SAM Dheimhnigh comhdháil Chóbanhávain go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí geopholaitíochta, mar atá, go bhfuil an tSín i measc na gcumhachtaí is mó tionchar ar dhromchla an domhain anois.
daingnithe affirmed
" Ó shin i leith ar ndóigh, tá seasamh na Roinne daingnithe sa Dréacht-Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus é ráite go mbeidh Aireacht shinsireach ann i gcónaí.
Dhearbhaigh affirmed
" Dhearbhaigh sé go fuair sé tacaíocht ó roinnt bheag aontachtaithe agus ní raibh siad á cheilt ar aon duine: “*It’s not so much they voted for Sinn Féin, but they told us so, because Sinn Féin had done more for them than the unionist parties.
deimhniú affirming
" Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe.
chinntiú to affirm, ensure
" Níl an reachtaíocht ná na struchtúir oiriúnacha ag roinnt mhaith tíortha ceann scríbe chun coinníollacha maithe oibre is cosaint na gceart a chinntiú d’imircigh.
dhaingneoidh clú na cathrach shall affirm the city’s reputation
" Táthar ag súil go mbeidh idir 70,000 agus 90,000 cuairteoir ag tarraingt ar an chathair le linn an chomórtais seo, rud a dhéanfaidh maith mhór do gheilleagar na háite agus a dhaingneoidh clú na cathrach mar ionad suntasach cultúrtha.
dhaingnigh affirmed
" "Bhí an Béaslaíoch orthu siúd a bhunaigh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, bhí sé amuigh in Éirí Amach na Cásca, bhí sé i láthair nuair a tháinig Céad Dáil Éireann le chéile, agus bhí sé ann nuair a dhaingnigh Dáil Éireann an Conradh Angla-Éireannach," (Ó Siadhail) Rugadh Jim Larkin anseo fosta, chomh maith le Cesca Trench, Gaeilgeoir agus ealaíontóir (Beo eagrán 82).
níl sé daingnithe it hasn’t been affirmed
" Tá an conradh Eorpach sin sínithe le fada agus curtha i bhfeidhm i gcuid mór tíortha, ach níl sé daingnithe sa Fhrainc go fóill.
Dhaingnigh affirmed
" Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na NA ar chearta an Pháiste sa bhliain 1992, cuirim i gcás, agus faoi láthair tá Ombudsman do Leanaí agus Aireacht do Leanaí.
dearbhaíonn affirms
" Agus téama an thírghrá á chíoradh anseo, dearbhaíonn Ó Giolláin: “Ba sa státnáisiún a cruthaíodh an chéad nua-aoiseacht”, léargas a chuireann argóintí níos seanda scoláirí éagsúla eile i gcuimhne dúinn.
siadsan a dhearbhaigh those who affirmed
" Do cháin an fealsúnaí liobrálach Meiriceánach Ronald Dworkin siadsan a dhearbhaigh gur bhain reifrinn na hÉireann le “*reasoned argument*” sna nochaidí ina leabhar Life’s Dominion (1993).