Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar siúl afoot
" Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne.
ar bonn be the case, afoot
" Ní shásófar na nuachoimeádaigh go dtí go mbeidh an domhan ar barr ithreach le cogadh dearg idir Iarthar Domhain agus Ioslam, agus mura ndúise muintir Mheiriceá gan mhoill, beidh a leithéid ar bonn, faraor.
ar bonn afoot
" Cé nach bhfuil mé ann le tamall, feicim roinnt den obair atá ar bonn ann, www.
faoi réim afoot
" Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
ar bonn afoot
" Tá an cur is cúiteamh ar bonn le blianta faoi ghaelscoilis agus is féidir, cuirim i gcás, mífhuaimniú ‘t’ agus ‘d’ na gcéadta cainteoirí ‘leath-Ghaeilg’ i gCúige Mumhan a rianú siar chuig aon mhúinteoir amháin i meánscoil áirithe sa chúige chéanna.
feachtas ar bun a campaign is afoot
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
gcuirfidh siad beart indéanta le chéile they’ll put some plausible move afoot
" Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
iarrachtaí fiúntacha ar bun worthwhile efforts afoot
" In áit a bheith i bpíobán a chéile, mar a bhíodh, tá iarrachtaí fiúntacha ar bun ag daoine ar an dá thaobh ómós agus tuiscint a thaispeáint do thraidisiúin an taobh eile.
cuid mhaith den tseafóid chéanna ar bonn much of the same nonsense afoot
" ) Acht na dTeangacha Oifigiúla ============= Sa mbaile tá cuid mhaith den tseafóid chéanna ar bonn.
agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála while attempts are afoot in the Houses of Congress
" B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn sa scannán a chur ar a súile do mhuintir SAM agus dá n-ionadaithe poiblí agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála i láthair na huaire chun an córas inimirce a leasú.
Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun you’d think there was a silent conspiracy of afoot
" Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun i measc tráchtairí áirithe ins an dóigh a phléitear le foinsí atá scríofa i nGaeilge.
ar siúl abhus afoot over here
" Déanann an ‘*barmy army*’ ionradh lách ar an Astráil gach uair a bhíonn an tsraith chruicéid idir an Astráil agus Sasana ar siúl abhus.
Tá feachtas ar siúl there’s a campaign afoot
" An Fíor-Athmhuintearas ======== Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair.
athruithe ar bun changes afoot
" Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais.
ar siúl afoot
" Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách i sráideanna Dhoire Cholmcille ar na mallaibh, nuair a bhí an 43ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl ann.
faoi lán tseoil is afoot
" Le sé mhí anuas tá na figiúirí éagsúla geilleagair ag teacht lena chéile agus gan aon amhras ann ach go bhfuil an cúlú thart agus go bhfuil téarnamh beag geilleagair faoi lán tseoil.
tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara various related organizations have a campaign afoot
" Max Bromson, nach Maireann =========== Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.
ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun watching all the organizing which is afoot
" Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
ar bun afoot
" Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.