Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shráideacha na hagóide the streets of protest
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
hagóidí protests
" I 1971, bhí na hagóidí ar siúl in éadán an bhraighdeanais agus mhol go leor ceannairí pobail gan na foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
éirí as an agóid abandon their protest
" Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
fhealsúnacht na hagóide the philosophy of protest
" " Albaim Eanáir 1967: The Doors Deireadh Fómhair 1967: Strange Days Iúil 1968: Waiting For The Sun Iúil 1969: The Soft Parade Feabhra 1970: Morrison Hotel Iúil 1970: Absolutely Live Aibreán 1971: LA Woman Samhain 1978: An American Prayer (Filíocht Morrison á haithris le ceol The Doors) Nuair a bhí sé ar an ollscoil, rinne sé staidéar ar chúrsaí ar nós fhealsúnacht na hagóide agus shíceolaíocht na sluaite.
hagóidí protests
" Na hagóidí móra seo i gcoinne an Aontais, i gcoinne *globalisation*, atá ag dul i dtreise i gcónaí, tugann siad sin le fios cad atá síos an bóthar don tír seo.
agóid protest
" Bhí mé ag foghlaim na teanga liom féin nuair a bhí an t-am agam, ach bhí níos mó ná aon tús amháin ann, afách, cionn is go ndearnadh agóid i gcoinne uachtarán na tíre agus go ndeachaigh mé le polaitíocht, agus bhí NATO ag buamáil mo bhaile go trom i 1999 freisin.
agóid protest
" Cuireadh deireadh leis an agóid scannalach ag Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin i ndiaidh don Chéad agus leas-Chéad Aire David Trimble agus Mark Durkan bualadh leis an dá thaobh.
agóid protest
" Cabhair? Admhaím go mb'fhéidir nach raibh sé nádúrtha ruathar lomnocht a thabhairt síos Sráid Uí Chonaill i lár an lae ghil ach, mar a mhínigh mé dó, agóid a bhí ann in éadan an Aontais Eorpaigh.
agóid protest
" Cén dóigh ar féidir a bheith cinnte nach mbeidh caimiléireacht ar siúl maidir le torthaí i scoileanna príobháideacha, nach é an duine a íocfaidh an tsuim is airde a gheobhaidh na torthaí is fearr (mar a tharlaíonn go minic san Iodáil, ar an drochuair)? De bharr gur dhiúltaigh an tAire Moratti bualadh leis na daltaí seo ó scoileanna poiblí na Róimhe, ghlac siad seilbh ar scoil ar feadh cúpla lá agus rinne siad troscadh mar agóid.
agóid protest
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
agóid chróga brave protest
" Mar sin, fiú le linn na stailce ocrais, mura mbeadh dearcadh fíorchlaonta agat ar chúrsaí, ní dóigh liom go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar an doirteadh fola a bhí ar bun taobh amuigh de na príosúin, fhad is a bhí an agóid chróga seo ar bun ag na príosúnaigh.
agóidí protests
" "Chuaigh muid ar thuras go Sellafield cheana féin agus rinne muid go leor agóidí i gcoinne na cumhachta núicléiche.
agóide protest
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
lucht agóide frithchogaidh anti-war protesters
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
agóid protest
" Ar dtús rinne lucht leanúna Uíbh Fháilí (bhí an Clár chun tosaigh le trí chúilín) agóid láithreach tré dhul amach ar an bpáirc, suí síos i lár na páirce agus cluiche eile a bhí le himirt díreach tar éis an chinn a bhí thart a stopadh.
na hagóidí síochánta the peaceful protests
" Nach hiad atá misniúil? Nach cróga? Nach acu atá na magairlí? Agus ós ag caint dúinn arís ar mhagairlí; lá i ndiaidh an léirsithe bhí príomhleathanaigh na nuachtán Domhnaigh ar fad breac le pictiúir de na léirsithe agus le tuairiscí ar na hagóidí síochánta a eagraíodh ar fud an domhain - gach nuachtán ar chlár na cruinne ach amháin… *The Sunday Dependent*.
agóid protest
" Chuir sé daoine ag bualadh bos agus ag gáire nuair a dúirt sé: "Bush and Blair can say what they want, but Ulster says 'No'!" Dúirt sé gurbh í seo an agóid ab fhearr a chonaic sé riamh i mBéal Feirste, mar bhain sí leis an domhan mór taobh amuigh, agus seans go dtiocfadh rud iontach maith ar ais as "to our wee patch here".
uirlis agóide instrument of protest
" " An tArdeaspag Desmond Tutu Ní rud nua é na healaíona a bheith á n-úsáid mar uirlis agóide.
agóidí protests
" Spreag an eachtra, áfach, chuid mhór agóidí i Nua-Eabhrach.
ag agóid in éadan protesting against
" " "Agus cad é faoin lucht léirsithe a bhíonn ag agóid in éadan fhórsaí Mheiriceá a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne? Nach cairde leat iad sin?" a d'fhiafraigh Balor.
eagraíodh cruinnithe agóide protest meetings were organized
" Pléadh na cásanna ar an chlár, eagraíodh cruinnithe agóide, labhair polaiteoirí amach ar son na ndaoine a bhí tar éis litir a fháil, agus cuireadh brú ar na bainc eolas a bhí ina seilbh a thabhairt dá gcustaiméirí saor in aisce, seachas ar chostas €500 faoi mar a bhí á bhagairt acu.
agóidí síochánta peaceful protests
"agóidí síochánta déanta acu, le cois méid áirithe den streachailt armtha.
agóid protest
" Beidh Gaeilgeoirí na hAstráile ag glacadh páirte in agóid in aghaidh SBS chun a leiriú nach bhfuil siad sásta leis an gcinneadh a rinneadh gan comhairle an phobail.
agóid protest
" Beidh Gaeilgeoirí na hAstráile ag glacadh páirte in agóid in aghaidh SBS chun a leiriú nach bhfuil siad sásta leis an gcinneadh a rinneadh gan comhairle an phobail.
agóid protest
" " I 1914, scios an tsufraigéid mhíleatach Mary Richardson "Folcadh Véineas", saothar de chuid Velázquez, mar agóid i gcoinne ghabháil Emmeline Pankhurst.
ag agóid protesting
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
na hagóidí the protests
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
páirtí agóide a party of protest
" Go minic, bhí siad beo i saol polaitíochta an-bhunúsach, páirtí agóide, páirtí nach raibh de ról aige ach seasamh in éadan naimhde fuara a dtíre agus a gcreidimh, iad cumhdaithe le sciath chosanta an tSaor-Phreispitéireachais.
níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide protestors are not getting proper publicity
" Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.
an lucht agóide the protestors
" Ar leanúint an mhí seo chugainn Tá siompóisiam á reáchtáil ag an lucht agóide in Dalgan Park, Contae na Mí ar an Satharn, 13 Márta agus beidh an tOllamh Alfred Smyth, Canterbury, ar de bhunadh na Teamhrach é, i láthair, mar aon leis an Dochtúir Edel Bhreathnach, an Dochtúir Conor Newman agus an Dochtúir Joseph Fenwick a rinne an taighde uile ar an ionad don Chlár Discovery.
agóid protest
" Cuirtear an milleán arís ar an lucht agóide - ní bheadh costas ar bith i gceist dá nglacfaí leis na féidearthachtaí eile.
an lucht agóide the protestors
" Cuirtear an milleán arís ar an lucht agóide - ní bheadh costas ar bith i gceist dá nglacfaí leis na féidearthachtaí eile.
an lucht agóide the protestors
" Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
a d'eagraigh na hagóidí who organized the protests
" Cháin na grúpaí a d'eagraigh na hagóidí an easpa sin go géar, agus dúirt gur léirigh sé cé chomh ceansaithe agus chomh "ceannaithe" a bhí na mórmheáin chumarsáide in Éirinn.
agóidí protests
" Mar sin, níl aon cheist faoi ach go bhfuil na hagóidí frith-Mheiriceánacha bunaithe ar dhearcadh an-simplí ar fad.
lucht agóide protestors
" " Shílfeá ón mhéid a bhí le rá ag Tricky Dick gurbh iad saighdiúirí na hÉireann a bhí ag scoileadh le lucht agóide de chuid na Breataine ag an am sin.
agóidí protests
" Mar fhreagairt ar "fhearg an phobail" dúirt an Seansailéir Gerhard Schröder gur "mhítuiscintí" ba chúis leis na hagóidí, sin le rá nach dtuigeann an pobal an dlí nua i gceart.
agóid protest
" Lean an agóid gan toradh go dtí tús mhí na Nollag nuair a dhóigh na mianadóirí a gcuid ceadúnas.
ag agóid protesting
" Tá athruithe sa tír seo nach bhfuil mise sásta leo: Gan aon duine ag troid ná ag agóid mar a dhéanadh siad fadó; Níl aon dul as de réir an dlí anois ach *Union Jacks *a dhó Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
agóid protest
" Ghléas siad iad féin mar amhlóirí agus sheas taobh amuigh den Tate nuair a d'oscail an taispeántas, mar agóid i gcoinne an dóigh nach raibh pictiúir phéinteáilte ar bith i measc na saothar, den chúigiú huair.
agóid protest
" Is cuimhin liom agóid bheith ag na dílseoirí anseo in aghaidh seirbhíse móire éacúiméiní san Ardeaglais Phrotastúnach i Meán Fómhair 1990.
agóid protest
" Líomhaint thar a bheith tromchúiseach é seo atá ag teacht salach ar an léamh traidisiúnta ar an stailc ocrais, is é sin go raibh na ceannairí lasmuigh ag tathant ar na príosúnaigh éirí as an agóid.
agóidí protests
" Ach chuir sé olc ar go leor daoine Críostaithe coimeádacha agus Poblachtánaigh áirithe a fheiceáil ag teacht i dtír ar an chonspóid seo, iad i mbun bigile agus agóidí os comhair na hospíse ina raibh Schiavo.
agóid protest
" Rinne cumann Naomh Bríd agóid i gcoinne bhreith an Chórais Eadrána, á rá gur imreoir mídhleathach a bhí i Mark Vaughan de réir *Treoraí Oifigiúil *an Chumainn.
agóid protest
" Amharc ar an agóid coicís ó shin nuair a dúirt Enda Kenny rud a mheas mórán daoine bheith ina ionsaí ar an teanga, amharc ar na daoine a tháinig amach ar an tsráid - daoine óga amuigh ag cosaint a dteanga dhúchais.
agóid protest
" I mí na Samhna na bliana seo caite bhí agóid againn chun cur i gcoinne ráiteas Enda Kenny faoin Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste.
agóidí protests
" Tá bunadh an tuaiscirt ag éirí cleachtaithe (go mall agus go fadálach) le hagóidí a dhéanamh ar bhonn síochánta, tostach.
agóid protest
" Ní raibh Robbie Fowler ach dhá bhliain is fiche d’aois nuair a rinne sé an agóid i 1997 agus lean sé ar aghaidh ag imirt sacair do Liverpool.
ag déanamh agóide protesting
" Meastar go bhfuair 22 Éireannach bás ar stailc ocrais ó 1917, iad ag déanamh agóide in éadan na Breataine nó in éadan Shaorstát Éireann.
agóid ar an díon protest on the roof
" Ghlac sé páirt sa chíréib in Gartree i 1978 agus agóid ar an díon ansin agus i Wormwood Scrubs i 1980.
lucht na hagóide protesters
" Ar cheann de na meirgí atá crochta ag lucht na hagóide, fógraítear: “Ná Tugaigí Aithis Dá Ainm!” Tá beirt iomám ina seasamh ar thaobh an bhóthair agus iad ag amharc ar na hagóideoirí ag dul thar bráid.
lucht agóide protesters
" 5 míle an rás is faide sa tír, agus bhí lucht agóide taobh amuigh ag éileamh cearta d’ainmhithe.
agóid leanúnach continuous protest
" Ina theannta sin, tá agóid leanúnach ar bun ag oibrithe in Fás atá ag cur i gcoinne athlonnú a n-ardoifige go Biorra, Co Uíbh Fhailí.
agóid protest
" Bhí tábhairneoir amháin i nDún na nGall a gheall ar Raidió na Gaeltachta go rachadh sé chun an phríosúin mar agóid i gcoinne an choisc ar an tobac; níor tharla sin de bharr gur thosaigh go leor daoine nár thaitin an t-aer brocach a bhíodh ann roimhe seo ag dul amach go dtí na tábhairní den chéad uair.
agóid protest
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
agóidí protests
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
agóidí móra big protests
" Bhí agóidí móra ann, agus sa deireadh tháinig thart fá dhaichead garda go dtí an áit, agus deoch orthu, agus rinne siad ionsaí brúidiúil ar scata mór daoine, cuid mhaith ban ina measc.
agóid mhór a big protest
" D’eagraigh MFAW agóid mhór ag an chomhdháil ceannasaíochta i Manchain ar an 24 Meitheamh agus agóid eile taobh amuigh de 10 Sráid Downing nuair a d’fhág Blair an teach sin den uair dheireanach.
le bheith páirteach in agóid na mac léinn to be involved in the students' protest
" Dúirt sé féin go ndeachaigh sé go Páras le bheith páirteach in agóid na mac léinn sna seascaidí agus ansin gur chaith sé am in Ollscoil Kiel sa Ghearmáin ag déanamh staidéir ar an fhisic sular bhog sé ar ais chun na Breataine le post a ghlacadh in Ollscoil Sussex.
ag déanamh agóide making an objection/protest
" Táthar den tuairim nach raibh Ned O’Keefe ansin mar gheall ar é a bheith ag déanamh agóide i gcoinne an Taoisigh.
agóid protest
" Ní haon ionadh, mar sin, go raibh muintir Luimnigh ag tógáil raice i rith mhí Dheireadh Fómhair agus go ndeachaigh 10,000 acu amach ar na sráideanna mar agóid i gcoinne chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena eitiltí idir an tSionainn agus Aerfort Heathrow.
agóid protest
" Ba ócáidí gealgháireacha iad na mórshiúlta, a bhí mar cheiliúradh agus mar agóid ag an am amháin.
agóid protest
" Chuir seo alltacht ar an Fheisire Jim Wells, an fear a léim ar charr Tom King nuair a bhí sé ina rúnaí stáit ó thuaidh mar agóid in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985.
neart agóidí poiblí plenty of public protests
" D’eagraigh sé *wānanga* sna hUruweras, agus ghlac páirt i neart agóidí poiblí ó na 1970í ar aghaidh.
agóidí protests
" agóidí poiblíI measc na ndaoine a gabhadh, bhí Tame Iti.
an chéad agóid pholaitiúil the first political protest
" Seiftiúil go leor, ba Éireannach a rinne an chéad agóid pholaitiúil ar tugadh fúithi ó cuireadh tús leis an leagan nua-aimseartha de na cluichí.
mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, as a protest against the Soviet Union
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
agóid réamhbheartaithe it was a premeditated protest
" Ba léir, mar sin, gur agóid réamhbheartaithe a bhí inti; chuir siad éadaí speisialta orthu féin an mhaidin sin agus thaistil siad sé mhíle go lár na cathrach leis an pharáid a aimsiú agus a mhaslú.
agóidí protests
" Bhí siad eagraithe go maith agus bhí siad láidir ó thaobh agóidí i measc an phobail a dhéanamh.
lena agóid, with their protest
" Leanann an pobal ar aghaidh lena agóid, ach ní sheasann an Teachta Dála áitiúil ná an rialtas leis.
agóid shiocánta peaceful protest
" Cé gur éirigh leis na Sínigh cuid mhór a dhéanamh le linn na gCluichí lena n-íomhá a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta, rinne siad an-dochar dá gcáil féin chomh maith mar gheall ar an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla ar theastaigh uathu agóid shiocánta a dhéanamh i gcoinne polasaithe áirithe de chuid na tíre.
thrí pháirc agóide a cheadú to allow three protest parks
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
cead agóide permission to protest
" B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
lucht agóide protestors
" Agus lucht an pháirtí ag argóint eatarthu féin in International Amphitheatre, Chicago, bhí póilíní i mbun cathanna sráide le lucht agóide ar fud na cathrach, agus ar ndóigh, craoladh an t-ainriail seo go léir beo ar an teilifís.
agóid mhillteanach huge protest
" Spásanna páirceála an gearán is mó atá acu anois, agus ní dhéanann siad agóid mhillteanach fá dtaobh de sin, fiú.
i ndiaidh d'agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl. after big protests against the government were held
" AgóidíB’éigean do Edouard Shevardnadze eirí as oifig mar uachtarán na Seoirsia i Samhain na bliana 2003 i ndiaidh d'agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl.
agóid na mblaincéad, blanket protest
" I rith agóid na mblaincéad, agus na príosúnaigh i gcillín fuar, lom – iad cosnochta gan éadaí ar bith orthu ach blaincéad amháin – ba ghnách leo seasamh ar bhíobla leis an fhuacht a choinneáil óna gcuid cos.
agóid protest
" Rinne an bheirt lúthchleasaí gorm agóid dhrámata i gcoinne an chiníochais i S.
hagóid a demonstration
" Reáchtáladh cruinniú na mbundúchasach áitiúil i Sydney le hagóid a dhéanamh in éadan “the Whiteman’s seizure of our country”.
agóid protest
" Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).
agóidí frithchogaidh anti-war demos
" Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’ Féachaint na Feachtasaíochta Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.
agóid na pluide blanket protest
" Bhí agóid na pluide ag dul ar aghaidh le trí bliana roimhe sin chomh maith.
agóid protest
" Dúirt sé go raibh an feachtas ‘Face Equality’ ar chuir siad tús leis ar na mallaibh agus a dhéanann agóid in éadan tuairimí claonta, de dhith go géar.
agóid protest
" Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart.
agóidí protests
" Mar thoradh ar agóidí a rinne MOSOP is grúpaí eile, chuir na comhlachtaí ola leis an méid airgid a bhí á chaitheamh acu ar thionscadail a raibh sé mar aidhm acu forbairt pobail a chur chun cinn.
hagóidí protests
" Ar dtús, síleadh nach raibh sna hagóidí ach correachtra anseo is ansiúd, ach diaidh ar ndiaidh, ba léir go raibh a leithéid ar siúl fud fad na tíre, agus nach raibh ach ceist amháin ar bheolaibh an lucht agóide - an bille sláinte a bhí faoi chaibidil ag an gComhdháil i Washington.
lucht agóide protesters
" Ar dtús, síleadh nach raibh sna hagóidí ach correachtra anseo is ansiúd, ach diaidh ar ndiaidh, ba léir go raibh a leithéid ar siúl fud fad na tíre, agus nach raibh ach ceist amháin ar bheolaibh an lucht agóide - an bille sláinte a bhí faoi chaibidil ag an gComhdháil i Washington.
agóid protest
" D’éirigh deighilt ghéar áfach, idir an dá pháirtí polaitíochta is mó ann a bhí ar son neamhspleáchais sa bhliain 1975, agus d’eascair cogadh cathartha as an agóid eatarthu.
Agóidí protests
" Léirsithe, Agóidí is Círéibeacha Leanadh ar aghaidh leis an gcos ar bolg i 1985 nuair a rinneadh gníomhaithe Imazigh eile a ghabháil is a chur i bpríosún ach níor bhain sin an ghaoth as seolta agóideoirí Kabyle: i 1988 ghlac siad páirt i léirsithe i Kabylie is in Algiers a chuir iallach ar an rialtas deireadh a chur leis an gcóras aonpháirtí a bhí ag an Ailgéire ó bunaíodh an stát.
lucht agóide demonstrators
" Ní iontas ar bith é mar sin nach bhfuil an lucht agóide róshásta leis mar aontú.
hagóidí protests
" Bunaíodh brúghrúpaí le cur i gcoinne na gciorruithe – Guth na Gaeltachta ina measc – agus níl aon amhras ach go raibh tionchar áirithe ag na cruinnithe agus na hagóidí a d’eagraigh siad ar fud na tíre.
n-agóidí protests
" Bhí gach saghas údaráis agus chuile bhunaíocht pholaitiúil á cheistiú ag glúin sin na n-agóidí.
agóidí of protests
" Nárbh fhéidir iad a tharraingt le chéile agus a eagrú? As seo a d'eascair an tseift agóidí a eagrú timpeall na tíre ar an 15ú Aibreán.
agóid protest
" Ní hionadh mar sin go bhfuil agóid á déanamh ag Emberá na Sinú ó shin i leith.
agóidí demonstrations
" Bhí gluaiseacht an fhrithchultúir faoi lán seoil ar fud an domhain agus bhí agóidí móra ar siúl abhus in éadan rannpháirtíocht fhórsaí na hAstráile sa chogadh i Vítneam.
agóid protest
" Thomas i Norwich , d’eagraigh siad agóid ansin.
agóid protest
" Mar is gnách, bhí agóid taobh amuigh de Stoirmhonadh an lá sin, ach murab ionann is ócáidí eile, ba in éadan chogaidh san Iaráic a bhí an ceann seo.
vóta agóide protest vote
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
ghotha an lucht agóide demonstrators behaviour
" Ba chóir dóibh é sin a dhéanamh ar neamhchead dá ndéarfaidh an freasúra nó do ghotha an lucht agóide.
hagóidí sráide street protests
" In ainneoin go bhfeictear méadú ar an líon daoine sna hagóidí sráide, tuigtear go bhfuil laghdú tagtha ar an méid daoine atá ar stailc.