Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht aníos ar catching up on me
" Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl.
atá ag teacht aníos which you pick up, record
" Anois is scéal eile ar fad má théann tú amach ar an tsráid, caithfidh tú an rud a thógáil atá ag teacht aníos.
atá ag teacht aníos which are due to happen
" Séard atá i gceist leis ná go roinneann a n-úsáideoirí eolas faoi imeachtaí atá ag teacht aníos.
atá ag teacht aníos which is in the offing
" Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar snippets showing up on fcbook
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
ag teacht aníos a d’fhreastail ar coming up who attended
" “Anois tá daoine óga ag teacht aníos a d’fhreastail ar Diwan (scoileanna tumoideachais Briotáinise) nó ar Div Yezh (scoileanna dhátheangacha) agus daoine a bhfuil cúrsa STUMDI (eagraíocht ranganna do dhaoine fásta) déanta acu.
agus mé ag teacht aníos as I grew up
" Fuaireas a lán tacaíochta ó mo Dhaid agus ó mo mháthair agus mé ag teacht aníos.